Deireadh curtha ag RTÉ leis an nuacht as Gaeilge ar 2FM

Deir ceannasaí 2FM le Tuairisc gur féidir leas na Gaeilge a dhéanamh ar bhealaí níos fearr agus go mbeidh níos mó Gaeilge le clos ar an stáisiún amach anseo

Deireadh curtha ag RTÉ leis an nuacht as Gaeilge ar 2FM

Tá deireadh curtha ag RTÉ leis na feasacháin nuachta as Gaeilge a chraoltar ar an stáisiún RTÉ 2FM.

Tá na feasacháin nuachta á léamh i nGaeilge ar an stáisiún ag iriseoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 2014 ach tá cinneadh déanta ag 2FM deireadh a chur leis an nós sin, Deir ceannasaí an stáisiúin le Tuairisc gur féidir leas na Gaeilge a dhéanamh ar bhealaí níos fearr ná an nuacht. Dúirt Dan Healy freisin go mbeadh níos mó Gaeilge le clos ar an stáisiún amach anseo.

“Creidimid gur féidir linn deiseanna éisteachta níos fearr a chur ar fáil dár n-éisteoirí Gaeilge seachas trí bhullaitín Nuachta 2FM ag 1.30i.n,” a dúirt Healy.

“In 2023, tá tús curtha le feasacháin taistil dhátheangacha ar 2FM, i rith an chláir bhricfeasta ó Luan go hAoine. Tá tús á chur freisin le clár bricfeasta nua dátheangach le Bláthnaid Treacy, a chraolfar gach Satharn agus Domhnach. Leanfar de chraoladh Chlár Náisiúnta na gCairteacha go dátheangach, chomh maith.

“Léiríonn na hathruithe seo iarracht nua 2FM níos mó ábhair a chur ar fáil dár gcuid éisteoirí trí mheán na Gaeilge, rud a chreidimid a chothóidh an Ghaeilge i measc ár lucht éisteachta.”

Tá ceangal dlí ar RTÉ ábhar a chraoladh i nGaeilge ar a seirbhísí uilig, idir raidió agus teilifís, agus tuigtear gur leis na tuairiscí tráchta a chraoltar ar RTÉ 2FM a chomhlíonfar cuid den dualgas sin as seo amach.

Díreach roimh an Nollaig a fuair iriseoirí Raidió na Gaeltachta amach faoin socrú nua, socrú a aontaíodh idir lucht bainistíochta RnaG agus RTÉ gan aon phlé a dhéanamh leis na hiriseoirí féin.

Tuigtear go ngoilleann an t-athrú go mór ar chuid de na hiriseoirí Gaeltachta a bhí i mbun na nuachta Gaeilge ar sheirbhísí Béarla RTÉ. Tá sé ina imní freisin go bhfaighfear réidh amach anseo freisin leis na feasacháin Ghaeilge ar na seirbhísí RTÉ LyricFM agus RTÉ Radio One.

Bhí aighneas ag baint le léamh na bhfeasachán nuachta Gaeilge ar stáisiúin Bhéarla RTÉ nuair a cuireadh tús leis an nós. Bhí míshástacht i measc bhaill foirne RnaG faoin ‘drochmheas’ orthu, dar leo, a léirigh láithreoirí áirithe in RTÉ sa bhealach míshlachtmhar a chuirtí ainmneacha agus sloinnte léitheoirí nuachta na Gaeilge i láthair. Pléadh an cheist le bainistíocht RnaG agus ag leibhéal an cheardchumainn ag an am.

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil obair go leor le déanamh ag RTÉ maidir lena dualgais reachtúla i leith na teanga a chomhlíonadh. Dúirt Ó Domhnaill anuraidh go raibh dul chun cinn déanta ag an gcraoltóir náisiúnta maidir lena dualgais teanga ach go raibh “go leor oibre le déanamh fós chun go mbeidh na dualgais reachtúla sin á gcomhlíonadh go cuí agus go hiomlán”.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha ag RTÉ leis an nuacht as Gaeilge ar 2FM'

  • MVO

    Is seafóid amach is amach na cláir “dhátheangach” seo atá sa bhfaisean anois ag stáisiúin Raidió.
    B’fhearr cainteoirí líofa ag tabhairt eolas cheart faoin nuacht cúpla uair sa ló ná duine eile le “cúpla focail” ag bladaráil leo ar feadh dhá uair a chloig gan ciall.

  • Ruán Ó Gliasáin

    Cén fáth nach féidir na feasacháin taistil dhátheangacha AGUS an nuacht a bheith ann? Nó an bhfuil siad díreach ag líonadh na nóiméad?