Deireadh á chur leis an iris ‘Feasta’ tar éis 75 bliain de dheasca ‘easpa tacaíochta ón stát’

I litir chuig síntiúsóirí ‘Feasta’, dúirt riarthóir Feasta, Donnchadh Ó hAodha, gurb é eagrán Bhealtaine na bliana seo an t-eagrán deireanach den iris

Deireadh á chur leis an iris ‘Feasta’ tar éis 75 bliain de dheasca ‘easpa tacaíochta ón stát’

Tá sé fógartha nach bhfuil an iris Ghaeilge aitheanta Feasta le cur i gcló a thuilleadh.

I litir chuig síntiúsóirí na hirise, dúirt riarthóir Feasta, Donnchadh Ó hAodha, gurb é eagrán Bhealtaine na bliana seo an t-eagrán deireanach den iris agus gurb é an “síorlaghdú ar an dtacaíocht stáit don iris” an phríomhchúis leis an gcinneadh deireadh a chur léi.

Feasta ar an bhfód le 75 bliain agus beagnach 900 eagrán den iris mhíosúil foilsithe ó cuireadh i gcló ar dtús í i 1948.

Iris de chuid Chonradh na Gaeilge a bhí i Feasta cé gur láidre an ceangal a bhíodh idir í agus an eagraíocht teanga ag tréimhsí áirithe seachas a chéile. Bhíodh an foilseachán á maoiniú ag Foras na Gaeilge tráth ach tháinig deireadh leis an socrú sin in 2014.

Bhíodh maoiniú á chur ar fáil ag Conradh na Gaeilge agus ag an gComhairle Ealaíon do Feasta le blianta beaga anuas ach dúirt Ó hAodha nárbh fhéidir í a fhorbairt mar ba mhian le lucht na hirise.

Dúirt Ó hAodha, atá ag plé le Feasta le trí scór bliain, nach “cinneadh de thuirse, ná de phreab” a bhí sa chinneadh deireadh a chur leis an iris ach gur gá “féachaint go réadúil ar an saol mar atá”.

“Nuair a dhein Foras na Gaeilge tarrac siar ar mhaoiniú don iris tamall de bhlianta ó shin, cuireadh tús le turas gurb é seo a cheann scribe – deireadh a bheith leis an iris,” a dúirt Ó hAodha sa litir chuig na síntiúsóirí.

“Le fada an lá níorbh fhéidir linn caitheamh i gceart leis na heagarthóirí, leis na scríbhneoirí ná fiú leis na síntiúsóirí, ón am go mb’éigean dúinn líon na leathanach a laghdú. Ar ndóigh, bhí síormhéadú ar chostais chló agus phostais ann. Dá bharr chomh maith, níorbh acmhainn dúinn eagrán ar líne a chur ar fáil, mar a theastaigh uainn.”

Dúirt Ó hAodha freisin nach bhfuair Feasta aon tacaíocht bhreise de thoradh cur i láthair a rinne eagarthóir na hirise, Cormac Ó hAodha, do Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais níos luaithe i mbliana.

Ag cruinniú de chuid an choiste mí Feabhra maidir le cúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge, d’éiligh Cormac Ó hAodha go gcuirfeadh Foras na Gaeilge nó eagraíocht eile maoiniú ar fáil do Feasta agus go mbeadh ar leabharlanna poiblí na tíre síntiús leanúnach a ghlacadh le foilseachán aitheanta Gaeilge.

Dúirt Cormac Ó hAodha ag an gcruinniú gur tréimhse dheacair don iris a bhí i mblianta na paindéime Covid-19 mar gur ag ócáidí de chuid Chonradh na Gaeilge is mó a gheobhadh sí síntiúsóirí nua.

Ghabh Donnchadh Ó hAodha buíochas an tseachtain seo le síntiúsóirí uile Feasta agus dúirt sé gur thug a ndílseacht misneach do lucht na hirise agus go gcúiteofar an chuid nach mbeidh caite de gach síntiús leis na síntiúsóirí.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur trua leis go bhfuil deireadh curtha le Feasta agus go raibh moladh tuillte acu siúd a choinnigh an iris beo ó tháinig laghdú suntasach ar an maoiniú a bhíodh ar fáil di in 2014. Dúirt de Spáinn go raibh “ardmholadh” ag dul do Dhonnchadh Ó hAodha go háirithe as an “éacht” a bhí déanta aige leis an iris ó na 1960idí, nuair a bhí Ó hAodha féin ina Ard-Rúnaí ar an gConradh.

Dúirt de Spáinn gur léirigh scéal Feasta go raibh tacaíocht bhreise ag teastáil d’irisí agus d’fhoilseacháin na Gaeilge. Dúirt sé gurb iad Comhar agus An Timire an t-aon dá iris “rialta” a bhíonn á gcur i gcló i nGaeilge agus gur chóir go mbeadh níos mó irisí ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá eagráin ó aimsir bhunaithe Feasta go dtí an lá atá inniu ann ar fáil i gcartlann Chonradh na Gaeilge atá in Ollscoil na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Deireadh á chur leis an iris ‘Feasta’ tar éis 75 bliain de dheasca ‘easpa tacaíochta ón stát’'

  • Neil Buttimer

    Táimse ag soláthar aistí do ‘Feasta’ le breis agus deich mbliana. Bhí mo phlé i gcaitheamh an ama le Pádraig Mac Fhearghusa is le Cormac Ó hAodha, mar eagarthóirí, is le Donnchadh Ó hAodh, i mbun ghnó na hirise. Níor ghairmiúlacht go dtí é. Tréaslaím a ngaisce leo, agus a ngaisce siúd a ghabh rompu. Ar chúrsaí polasaí poiblí is ar an oidhreacht chultúrtha is mó a bheinnse, is go leor de mo leithéidí, ag plé. Is mór an bochtú é gan an t-ardán san bheith ar fáil a thuilleadh don saghas úd. Ní gá ach alt eile ar ‘Tuairisc’ inniu féin, ceann corraitheach, le hAdhna Ní Bhraonáin, a léamh leis na dúshláin roimh óga na hÉireann go sonrach a bhraith. Cé déarfadh gur maith é aon mheán cumarsáide a bhearnú, nó a chur dá bhonnaibh, trínar féidir bheith ag smaoineamh ar chinniúint, ar dhúchas is ar leas na tíre? Gan trácht ar an aird a bhíodh ar imeachtaí idirnáisiúnta sa tréimhseachán.

  • Colin Ryan

    Is iomaí scéal agus dán liom a d’fhoilsigh Feasta thar na blianta, agus is cúis bhróin dom deireadh a bheith á chur leis an iris. Cuid thábhachtach de stair chomhaimseartha na Gaeilge is ea Feasta agus is trua nach raibh níos mó tacaíochta le fáil ag na heagarthoirí. Ba dheas an rud é an t-aiséirí!

  • Gabriel Rosenstock

    Is mór an trua é go bhfuil deireadh tagtha le Feasta. Ní bheidh Feasta ann feasta!
    Is ionsaí ar ghuth neamhspleách eile é seo, fóram clóite, agus saol na Gaeilge trí chéile i ngrá
    leis na meáin dhigiteacha.
    Tacaímse leis an bhfealsamh Paul Cudenec a chreideann gur baol dúinn an réaltacht fhíorúil agus uirlisí na meiteachruinne trí chéile:
    https://network23.org/paulcudenec/

  • Garry Bannister

    Conas a bhainfimid adhmad as cúrsaí gan feasta! Tá Comhar againn fós is dócha ach bhí caint ní fada ó shin faoi stop a chur le cóipeanna clóite den iris sin freisin. Tá Máirtín Ó Cadhain ag caoineadh go cráite i gcré na cille. Is deargnáire agus is mór an chaill go deo é!

  • Micheál ó Máirtín

    Is mór an náire nach bhfuil an stát sásta irisí Gaeilge a mhaoiniú. Beidh léitheoirí na Gaeilge thíos leis an chinneadh seo. Mharaigh an stát agus a chomhlachtaí An tUltach agus anois Feasta agus daoine ag iarraidh nós na léitheoireachta a chothú. Cá fhad eile a ligfear do na hirisí eile mairstean?

  • Éamonn Ó Gribín

    Is cinnte go gcaithfidh sé a bheith soiléir anois, fiú don duine is boigéisí dínn , go bhfuil an Stát seo frithGhaelach.