Deir an Rúis go bhfuil breis is míle saighdiúir tar éis géilleadh in Mariupol, ‘cinedhíothú’ ar bun ag an ‘deachtóir’ Putin, dar le Biden

Dá n-éireodh leis an Rúis Mariupol a ghabháil bheadh sí ar an gcéad mhórchathair san Úcráin a bheadh i seilbh thrúpaí Mhoscó

Deir an Rúis go bhfuil breis is míle saighdiúir tar éis géilleadh in Mariupol, ‘cinedhíothú’ ar bun ag an ‘deachtóir’ Putin, dar le Biden

Tá sé á mhaíomh ag an Rúis go bhfuil 1,026 saighdiúir de chuid na hÚcráine i gcalafort Mariupol, atá faoi léigear le seachtainí, tar éis géilleadh ach tá sé á áitiú ag comhairleoir de chuid an Uachtaráin Volodymyr Zelensky, go bhfuil an chathair sin fós ina seasamh.

Thug méara na cathrach le fios go raibh breis is 21,000 sibhialtach maraithe i Mariupol agus go raibh 100,000 duine eile ag fanacht le bealach amach as an gcathair.

Dá n-éireodh leis an Rúis Mariupol a ghabháil bheadh sí ar an gcéad mhórchathair san Úcráin a bheadh i seilbh thrúpaí Mhoscó. Chiallódh a gabháil chomh maith go mbeadh bealach ar talamh ag an Rúis idir Donetsk agus Luhansk sa Donbas agus sa Chrimé.

Agus malairt tuairiscí faoi Mariupol ag teacht ó údaráis an dá thír atá ag troid, den chéad uair aige, chuir Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden i leith Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin go raibh cinedhíothú ar bun aige san Úcráin agus gur “deachtóir” a bhí ann.

Mhínigh Biden nach téarmaíocht dhlíthiúil a bhí in úsáid aige ach go raibh a chuid cainte bunaithe ar a thuiscint féin gurb amhlaidh a “theastaíonn ó Putin deireadh a chur leis an smaoineamh gurbh ann don Úcránach in aon chor”.

Tar éis seacht seachtaine den chogadh seo, tá cathracha ina smionagar, tá na milliúin díbeartha óna dtithe agus líon gan áireamh sibhialtach maraithe.

Mhol Uachtarán na hÚcráine caint Joe Biden ag rá gurb í “an fhírinne ghlan ó fhíorcheannaire”.

Tá foireann imscrúdaitheoirí dlí-eolaíochta as an bhFrainc ag cuidiú le húdaráis na hÚcráine chun corpáin a dhí-adhlacadh as olluaigheanna i mbaile Bucha, siar ó Chív, chun a mbás a fhiosrú. Thángthas ar choirp na gcéadta sibhialtach sa gceantar sin nuair a chúlaigh fórsaí na Rúise, sléacht a chuir déistin agus uafás ar dhaoine ar fud na cruinne.

Dúirt méara Bucha go raibh 403 corp faighte ag na húdaráis go dtí seo agus go gcreideann siad gurbh iad fórsaí na Rúise a mharaigh iad nuair a bhí an ceantar sin faoina smacht.

Níl aon ghlacadh ag an Uachtarán Putin le haon fhianaise gurbh iad fórsaí na Rúise a rinne aon ainghníomhartha san áit agus mhaígh gur “bréag” a bhí sna tuairiscí sin. Gheall Putin go leanfaí leis an ionradh nó go mbeadh sé “curtha i gcrích go hiomlán”.

Tá uachtaráin na Polainne, na Laitvia agus na hEastóine ag dul chun na príomhchathrach Cív inniu chun bualadh leis an Uachtarán Zelensky, ach cuireadh in iúl d’Uachtarán na Gearmáine, Frank-Walter Steinmeier, nach mbeadh aon “fháilte” roimhe mar gheall ar an “dlúthchaidreamh” a bhí aige leis an Rúis le blianta beaga.

Fág freagra ar 'Deir an Rúis go bhfuil breis is míle saighdiúir tar éis géilleadh in Mariupol, ‘cinedhíothú’ ar bun ag an ‘deachtóir’ Putin, dar le Biden'