Ta deichniúr ceaptha ar Chomhairle nua RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is é an drámadaóir agus scríbhneoir aitheanta Noel Ó Gallchóir as Gaeltacht Dhún na nGall a bheidh ina chathaoirleach ar an gComhairle.
Tá an stáisiún ag feidhmiú gan aon Chomhairle le breis is trí bliana anuas.
Tá ionadaithe ó na mórcheantair Ghaeltachta uilig ar an gComhairle chomh maith le daoine as áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht agus déanfaidh siad “ionadaíocht thar ceann lucht éisteachta na seirbhíse” agus cuirfidh siad “comhairle” ar bhainistíocht RTÉ agus RTÉ Raidió na Gaeltachta “i dtaobh fhís na seirbhíse, luachanna, tosaíochtaí straitéiseacha agus pleanáil”.
Tiocfaidh baill na Comhairle le chéile ceithre huaire sa bhliain in ionaid dhifriúla ar fud na tíre.
Beidh an chéad chruinniú acu an mhí seo chugainn ar an an 7 Márta i gceannáras RTÉ i mBaile Átha Cliath. Beidh cruinniú eile acu i gceannáras Raidió na Gaeltachta féin amach sa bhliain, reáchtálfar cruinniú eile ag Oireachtas na Samhna, agus beidh an ceathrú ceann ar siúl i gceantar difriúil Gaeltachta ó bhliain go bliain.
Dúirt Ceannaire RnaG Gearóid Mac Donncha go gcuideoidh “taithí, saineolas, agus scileanna” bhaill na Comhairle nua leis an stáisiún “san obair thábhachtach atá le cur i gcrích” sna trí bliana atá amach roimhe.
“Tuigeann muid go maith go bhfuil an-spéis ag an bpobal in obair na seirbhíse seo, agus go bhfuil tuairimí láidre acu ina leith. Tá muid sásta go bhfuil deis tugtha dóibh siúd a léirigh spéis ann a bheith páirteach san obair a dhéanann muid agus ról a bheith acu ar an gComhairle,” a dúirt sé.
Is iad na baill a bheidh faoi chathaoirleacht Noel Uí Ghallchóir: Jeaic Ó Muircheartaigh, iarchraoltóir de chuid RnaG; Odí Ní Chéilleachair, léachtóir in Ollscoil na Gaillimhe; Aodán Ó Ceallaigh, múinteoir bunscoile agus amhránaí ar an sean-nós; Cecilia Ní Choileáin, abhcóide; Bláithín Mhic Cana, amhránaí, múinteoir agus gníomhaí teanga; Majella Ní Ghallchóir, múinteoir bunscoile agus cathaoirleach Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla; Séamus Ó Fátharta, bainisteoir oibríochtaí le Kinia; Iarlaith Ó Domhnaill, fidléir agus léiritheoir na féile Other Voices; agus Éamonn Ó hArgáin, iar-uachtarán ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus ball de bhord TG4.
Dúirt cathaoirleach nua Chomhairle RnaG, Noel Ó Gallchóir, le Tuairisc go bhfuil sé tábhachtach go “bhfanfaidh RnaG mar sheirbhís a ndéantar forbairt uirthi” agus go “leathnófaí” an fhorbairt sna blianta atá amach romhainn.
“Sílim féin go bhfuil dul chun cinn iontach déanta, tá an freastal a dhéanann Raidió na Gaeltachta ar a lucht éisteachta ar fheabhas agus tá sé soiléir cé chomh tábhachtach is atá an tseirbhís dá pobal – ní bheirtear ‘Raidió na Gaeltachta’ uirthi ach ‘An Raidió’,” a dúirt sé.
Mhol sé an “réimse millteach leathan de chláracha” a chuireann RTÉ RnaG ar fáil agus dúirt go mbeadh sé féin ag rá ag na cruinnithe gur “chóir leanstan leis an obair mhaith sin”.
“Caithfear tógáil ar an dea-obair, tá mé cinnte go mbeidh smaointe maithe ag na daoine éirimiúla atá ar an gComhairle. Tá muid ag amharc ar an Raidió ón taobh amuigh agus b’fhéidir go bhfeicfeadh muidinne go bhfuil dóigheanna a bhféadfaí feabhas a chur air nach bhfeicfeadh na daoine atá ag obair taobh istigh den eagraíocht,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Deichniúr ceaptha ar Chomhairle nua RTÉ Raidió na Gaeltachta'