Baineadh siar as oifigigh cheardchumann agus fostóirí nuair a thug móramh de cheardchumainn na múinteoirí i dTuaisceart Éireann an t-eiteachas d’éileamh ar ardú pá.
Mhol grúpa na gceardchumann, Comhairle Mhúinteoirí Thuaisceart Éireann
an t-ardú 5.5% do na baill ach dhiúltaigh siad dó; ghlac ceardchumann na bpríomhoidí leis ach níl feidhm lena vóta d’uireasa tacaíocht an mhóraimh.
Bhí gníomhaíocht thionsclaíoch curtha ar fionraí le mí ag ceithre cheardchumann INTO, UTU, NASUWT agus NEU fad is a bhí idirbheartaíocht ar siúl. Ó tugadh an t-eiteachas don tairiscint an tseachtain seo caite cuireadh tús ar an Luan le gníomhaíocht nach dtéann chomh fada le stailc. Obair de réir rialach atá i gceist go bunúsach, bac ar chruinnithe le tuismitheoirí nó cruinnithe foirne agus obair riaracháin taobh amuigh d’uaireanta scoile.
B’aisteach an mhíthuiscint idir cheannairí na gceardchumann agus an bhallraíocht í. Mhaígh roinnt gur áibhéil ar mheáin shóisialta faoi ndear an droim láimhe le moladh na n-idirbheartaithe. Dúirt siad gur deineadh scéal chailleach an uafáis as téarmaíocht a bhí ag dul leis an tairiscint pá. Más ar na fostóirí nó na ceardchumainn an locht, nó orthu araon, rinneadh praiseach den scéal.
Más áibhéil é nó nach ea chothaigh abairt faoi cheart stailce imní. Cén fáth a mbeadh abairt sa mhargadh ag rá gur cosnaíodh an ceart chun gníomhaíochta tionsclaíche sa todhchaí? Tá an ceart sin daingnithe san dlí ach vóta dleathach ar a shon a fháil. An raibh margáil ar siúl faoi cheart chomh bunúsach sin a d’fhiafraigh go leor. Mura raibh údar buartha acu faoin gclásal sin conas a tharla sé nár chuir na ceardchumainn daoine ar a suaimhneas? Nó cén fáth gur ghlac siad leis mar chuid den mhargadh?
Ina theannta sin b’fhacthas do mhórán de na baill nach raibh dul chun cinn déanta faoina bpríomhghearán – an t-ualach oibre. Ní chasfaí múinteoir ort i do shiúl lae nach mbeadh ag casaoid faoin méadú ollmhór atá tagtha ar a gcuid dualgas seachas múinteoireacht. Deir siad go gcaitheann siad uaireanta an chloig gach seachtain ag plé le obair bhreise, páipéarachas go háirithe, a bhformhór ag rá go mbíonn orthu obair a thabhairt abhaile go seasta.
Ba iad na fostóirí, an Roinn Oideachais, an tÚdarás Oideachais agus Comhairle na Scoileanna Caitliceacha a bhí ag iarraidh barántais faoi shíocháin thionsclaíoch. Theastaigh uathu a chinntiú, a dúirt urlabhraí, go mbeadh oideachas le fáil ag páistí go leanúnach, saor ó stailc nó ó aighneas a d’fhágfadh bearnaí san soláthar. Ghlac siad leis go raibh pá cothrom dlite do mhúinteoirí agus gheall siad go ngabhfadh siad i ngleic leis na ceisteanna faoin ualach oibre i gcomhar leis na ceardchumainn.
Bhí na fostóirí cáinteach faoi obair de réir rialach na múinteoirí. Dúirt siad gur sárú ar a gcoinníollacha oibre cuid de na céimeanna a ghlactar i ngníomhaíocht thionsclaíoch nach stailc í. Mhaígh siad go gcosnódh an t-ardú 5.5% siardhátaithe go Meán Fómhair anuraidh £83milliún in aghaidh na bliana agus nach mbeadh Tuaisceart Éireann in acmhainn costas níos mó ná sin a sheasamh.
Is cosúil fós go gceapann na ceardchumainn gur féidir an margadh seo a tharrtháil. Tá polaiteoirí ag tathant ar an dá thaobh filleadh ar chainteanna. Deir roinnt gur cheart an t-ardú pá a dheighilt ón gcuid eile den mhargadh – é sin a íoc chun ionannas le múinteoirí i Sasana a fuair an 5.5% anuraidh a chur i bhfeidhm. Fiú má dhéantar sin caithfear tabhairt faoi na cruacheisteanna nár réitíodh ar bhonn práinne. Ní mór cuid den mhaorlathas atá ag plúchadh scoileanna agus ag díbirt múinteoirí ón ngairm a laghdú; is mó go mór a dhéanfadh sé sin chun síocháin thionsclaíoch a dhaingniú sa bhfadtéarma ná seanmóireacht faoi oibleagáidí conarthaí.
Fág freagra ar 'Praiseach déanta de mhargadh pá do mhúinteoirí'