Formhór daltaí Ardteiste ar son na Gaeilge éigeantaí

Dúirt beirt as gach cúigear daltaí Ardteiste a ghlac páirt i suirbhé nach bhfuil muinín acu as a gcumas ‘bunchomhrá’ i nGaeilge a bheith acu faoin ngnáthshaol

Formhór daltaí Ardteiste ar son na Gaeilge éigeantaí

Ba mhaith le formhór daltaí Ardteiste go gcoinneofaí an Ghaeilge mar ábhar riachtanach don Ardteist, de réir suirbhé a foilsíodh inné. Thug 58% den 1,300 dalta a ghlac páirt sa suirbhé le fios nár cheart fáil réidh leis an teanga mar ábhar riachtanach in iar-bhunscoileanna na hÉireann.

Mar sin féin, dúirt beirt as gach cúigear nach bhfuil muinín acu as a gcumas teanga chun “bunchomhrá” Gaeilge a dhéanamh ar ghnáthábhair an tsaoil laethúil.

De réir suirbhé a rinne an suíomh staidéir Studyclix i measc  1,300 dalta Ardteiste , ní bheadh sé de mhuinín ag 38% de lucht na hArdteiste comhrá faoin ngnáthshaol a bheith acu i nGaeilge.

Thug ochtar as gach deichniúr le fios gur shíl siad go raibh modhanna teagaisc na Gaeilge i scoileanna na hÉireann “as dáta” ach mar sin féin mhaígh roinnt mhaith acu go raibh “grá” acu don Ghaeilge nó gur bhraith siad gur bhain “luach” leis an teanga. 29% de na daltaí a ghlac páirt sa suirbhé a dúirt go raibh “grá” acu don teanga agus dúirt 39% go n-aithníonn siad go bhfuil “luach” ag baint leis an teanga.

Dúirt Bainisteoir Scoileanna Studyclix, Anna O’Sullivan, go léiríonn torthaí an tsuirbhé go bhfuil gean mór ag daltaí Ardteiste ar an nGaeilge ach go bhfuil na modhanna teagaisc atá in úsáid sna scoileanna “mí-éifeachtach”

“Tá géarghá le hathrú ó bhonn ar an gcaoi a dteagasctar an teanga. Léiríonn an t-aiseolas ó lucht freagartha ár suirbhé go bhfuil an t-éileamh ann le haghaidh béim níos mó a chur ar an nGaeilge labhartha. Níl uathu ach an teanga a labhairt agus is lú a spéis san fhilíocht agus sa litríocht, mar sin b’fhéidir gurbh fhiú díriú air sin amach anseo,” a dúirt sí.

Mhaígh O’Sullivan go raibh spéis sa Ghaeilge múscailte sna daltaí Ardteiste ag ceoltóirí dála Kneecap agus ag tionchairí ar na meáin shóisialta a úsáideann an teanga ina gcuid ábhar nó a chruthaíonn ábhar ar leith leis an nGaeilge a mhúineadh agus a chur chun cinn. Dúirt sí go bhfágann na rudaí seo gur ‘cultural touchstone’ í an Ghaeilge do go leor daltaí iarbhunscoile.

Fág freagra ar 'Formhór daltaí Ardteiste ar son na Gaeilge éigeantaí'

  • Colette

    Sna meánaoiseanna cuimilíodh ór agus airgead le dearbhchloch (cloch tadhaill) ar nós grianchloch dhubh nó basalt (Clochán an Aifir) chun ardíonachta an mhiotail a mheas agus a dhearbhú.

    Is maith an rud go bhfuil teanga na tíre mar “dhearbhchloch chultúrtha” atá i bpócaí daoine óga faoi láthair.

    Ach an mbeidh láidriú na Gaeilge mar cheann dá gcuid “dearbhchlocha toghcháin” nuair a bheidh siad ag vótáil ag 18 mbliain d’aois?

  • Seán Mac Bhriain

    Ach an oiread le gach suirbhé, ní leor na céatadáin. Ní hé an toradh céanna a gheobhas tú taobh amuigh den séipéal maidin Domhnaigh agus a gheobhas tú taobh amuigh de chlub oíche [luath]mhaidin Domhnaigh. Níl mé ag rá nach bhfuil an suirbhé ceart nó b’fhéidir leathcheart, ach mura bhfuil nuachtán in ann na dindiúirí faoin suirbhé a fhoilsiú -agus a lua go bhféadfadh claonadh sa treo seo nó sa treo eile a bheith ann – níl agabh na torthaí a fhoilsiú beag ná mór.