‘Tá sé nádúrtha domsa a bheith ag cumadh ceoil sa dá theanga’

Tá an t-amhránaí Pádraig Jack ar camchuairt lena albam nua These Shores. Labhair sé le Tuairisc

‘Tá sé nádúrtha domsa a bheith ag cumadh ceoil sa dá theanga’

As clann cheolmhar é Pádraig Jack, amhránaí agus cumadóir amhrán as Inis Mór, Oileáin Árann. Ceoltóir aitheanta é a athair, Barry Ronan, agus d’fhás Pádraig aníos ag éisteacht leis an gceol sa mbaile.

Ghnóthaigh sé ardmholadh as a chéad albam Making Sand a d’eisigh sé in 2020 agus ainmníodh an t-amhrán ‘Ag Déanamh Gainimh / Making Sand’ ón albam sin ar ghearrliosta amhráin na bliana ag na RTÉ Folk Awards. D’eisigh sé a dhara albam, These Shores, ag deireadh na bliana seo caite.

Tagann scríobh na n-amhrán leis go nádúrtha agus tá tionchar na Gaeilge agus an Bhéarla le cloisteáil ina chuid liricí chomh maith le lorg a chúlra ag fás aníos ar oileán Gaeltachta.

“Bhí Daid i gcónaí ag scríobh amhrán agus, fiú amháin, na taifeadtaí a bhíodh sé a dhéanamh sa stiúideo, bhíodh sé á gcasadh dúinn agus ba ghnáthrud é sin dúinne agus muid ag fás aníos. Bhíodh muid ag éisteacht le go leor pop agus rac agus muid ag fás aníos, go leor Queen, Elton John, Sinéad O’Connor, agus daoine mar sin.”

Bhí tionchar ag an gceol a chuala sé ina óige ar a cheol féin nuair a thosaigh sé ag casadh agus ag cumadh amhrán.

“Ceol nua-aimseartha is mó a bhíodh muid ag éisteacht leis is dóigh, ach, ag an am céanna, bhí go leor ceol traidisiúnta agus ceol tíre timpeall orainn.

“Nuair a tháinig mé ar ais ag an gceol agus mé níos sine, bhí suim agam féin i go leor amhránaithe a bhí ag scríobh agus ag casadh a gcuid amhrán féin. Chuir mé suim i ndaoine ar nós James Taylor, Paul Brady agus daoine mar sin. Nuair a thosaigh mé ar an ngiotár sin é an áit a ndeachaigh mé go díreach.”

D’fhás sé aníos ag éisteacht le hamhráin i nGaeilge agus i mBéarla agus nuair a thosaigh sé féin ag scríobh agus ag casadh ceoil, tháinig an dátheangachas leis mar chuid den phróiseas cruthaitheach.

“Bíonn mé ag cuimhneamh siar is dóigh ar m’athair, mar gheall go raibh Daid ag scríobh amhrán sa dá theanga, bhí sé nádúrtha domsa a bheith ag déanamh an rud céanna. Ní hé go raibh mé ag smaoineamh mórán air, ach sin é an chaoi gur tharla sé dom.”

Tugann an t-albam nua le chéile gnéithe den cheol tíre, den rac agus den cheol traidisiúnta agus pléann na hamhráin leis an dúchas, an oidhreacht agus an áilleacht tírdhreacha. Bíonn an scéalaíocht lárnach ina chuid amhrán freisin.

“Leis an dara halbam, bhí ábhar difriúil idir lámha agam ach bhí cosúlachtaí ann freisin leis an gcéad albam. Tá amhrán air a scríobh mé nuair a bhí an dianghlasáil ann a bhaineann leis an gceantar in Árainn, an dúlra agus an áit féin. Ach tá mé ag zúmáil amach beagáinín i m’intinnse ón oileán ar These Shores freisin agus amhráin air a bhaineann le hÉirinn.”

Bhí sé ag iarraidh go mbeadh turas i gceist leis an albam agus sruth ag dul tríd a thabharfadh an t-éisteoir óna thús go dtí a dheireadh

“Má éisteann tú le halbaim áirithe bíonn siad leagtha amach sa gcaoi is go bhfuil páirt cheart ag gach amhrán ar an albam agus bíonn sé ar nós go bhfuil tú ag dul ar shiúlóid dheas tríd an albam nuair atá tú ag éisteacht leis. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh sruth ag baint leis.”

Seo é an dara halbam atá déanta aige le John Reynolds, léiritheoir a d’oibrigh go dlúth le Sinéad O’Connor, agus le ceoltóirí eile, Damien Dempsey agus John Spillane ina measc. Ar These Shores d’oibrigh Pádraig freisin le Anthony Thistlewaite, ceoltóir a bhfuil cáil air as a bheith ag seinm le The Sawdoctors agus a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí The Waterboys in éineacht le Mike Scott. Bhí lámh ag Steve Wickham, Aldoc, Fergal Scahill, Seán McKeown agus Clare Kenny san albam nua seo, chomh maith leis na deartháireacha Mulkerrin agus muintir Phádraig féin.

“D’fhoghlaim mé go leor uaidh John agus ó Anthony, díreach ó bheith ag bualadh le chéile agus ag caint faoin gceol. Tá Anthony le cloisteáil ar go leor den albam nua agus bhí tionchar aige ar go leor den cheol.”

Athraíonn an tuiscint a bhíonn aige ar na hamhráin de réir mar a chasann sé iad ag ceolchoirmeacha ach ní rud é amhrán a fhanann mar atá, dar leis, bíonn sé i gcónaí ag athrú is ag forbairt.

“Tá sé ar nós go bhfuil na hamhráin beo ar bhealach. Nuair atá tú ag dul ar camchuairt is ag déanamh gigeanna, tá siad ag fás beagáinín fós, mar a déarfá. Má bhíonn ceolchoirm dheas agam athraíonn sé an t-amhrán i m’intinn beagáinín. Bíonn tréimhse ama ag teastáil go dtí go mbím in ann breathnú siar ar na hamhráin agus tuiscint cheart a bheith agam orthu.”

*Tá Pádraig Jack ar camchuairt le These Shores faoi láthair. Beidh sé le feiceáil ag seinm le The High Kings i gCaisleán an Bharraigh agus i nGaillimh ar an 14 agus 15 Feabhra. Ticéid agus sonraí eile na camchuairte ar fáil anseo.

Fág freagra ar '‘Tá sé nádúrtha domsa a bheith ag cumadh ceoil sa dá theanga’'