Stiúrthóir: Mike Leigh
Cén fáth go bhfuil daoine ann a bhíonn sona i gcónaí agus daoine eile a bhíonn duairc de shíor? Seo ceist a mbíonn Mike Leigh ag filleadh uirthi ina shaothar (Life is Sweet, Happy-Go-Lucky).
Sa scannán Hard Truths éiríonn le Leigh sárshaothar a chur os ár gcomhair arís. Tá sé ar ais an uair seo le Marianne Jean-Baptiste, aisteoir a raibh an príomhról aici i Secrets and Lies (2008). Díríonn sé ar scéal a bhaineann le meabhairghalar agus ar an éifeacht a bhíonn aige, ní hamháin ar an duine féin, ach ar na daoine atá timpeall air freisin.
Is í Pansy an príomhcharachtar, bean a bhfuil an ghráin aici ar dhaoine eile agus a gcuireann a tinneas meabhrach isteach ar gach gné dá saol. Tosaíonn an scéal ar maidin agus í ag dúiseacht as tromluí. Cuireann sí tús lena lá ach cé go bhfuil sí ina dúiseacht anois tromluí eile atá roimpi.
Níl bhíonn focal le cloisteáil ar feadh tamaill fhada agus í ag dul thart ag glanadh an tí go deismíneach, cé go bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon ghlanadh ag teastáil ón teach. Tuigimid go bhfuil dúlagar agus neamhord éigníoch dúghafach (OCD) uirthi.
De réir a chéile tuigimid go bhfuil fadhbanna aici freisin le fóibí, tráma, agus láimhseáil feirge. Cuireann sí an milleán ar gach éinne as na deacrachtaí atá aici. Tagann bua Mike Leigh mar stiúrthóir chun cinn agus é in ann an éadroime a shníomh isteach san insint ar ábhar atá fíorghruama agus tromchroíoch.
Tá codarsnachtaí loma le feiscint tríd an scannán ón tús. Cé go bhfuil Pansy gruama de shíor is gan í ábalta caidreamh a bheith aici le daoine, a mhalairt atá fíor faoina deirfiúr, Chantelle. Is duine suáilceach í a réitíonn go maith le daoine mar a fheictear leis na cliaint a fhreastalaíonn go rialta ar a siopa gruagaire.
Léirítear an difríocht seo freisin le teaghlaigh an bheirt deirféar nuair a bhailíonn siad le chéile ag ócáid speisialta. Tá Moses, mac cúthail ceansa Phansy, agus Curtley, a fear chéile, faoi shlat aici agus iad ag ithe go ciúin, sollúnta fad is atá iníonacha gliondracha, lúcháireacha Chantelle i gcroílar na cainte.
Tá teach Chantelle lán le hatmaisféar, pearsantacht agus plandaí (fóibe atá ag Pansy) ach tá teach Phansy neamhphearsanta agus cliniciúil. Níl aon ghrianghraf nó nithe pearsanta le feiceáil, agus tá gach rud bán, an chuid is mó dá cuid éadaí féin agus an línéadach leapa san áireamh. Tá faitíos ar Phansy dul amach sa ghairdín mar gheall ar a fóibe roimh shionnaigh agus feithidí agus dá bharr sin tá cuma fhiáin mhínéata air i gcomparáid leis an teach dea-chóirithe laistigh.
Cé nach bhfuil mórán de scéal ann éiríonn go maith leis an script iniúchadh a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag fadhbanna meabhairshláinte nach bhfaightear cúram leighis ina leith, ar Phansy agus ar gach duine lena mbuaileann sí. Éiríonn léi fiú cur isteach ar chustaiméirí agus ar bhaill foirne san ollmhargadh, sa siopa troscán agus sa gcarrchlós.
Tá eagla ar a clann aon rud a rá léi agus leanann siad orthu ag fulaingt ina dtost. Déantar dinimic an teaghlaigh a léiriú go maith le teicnící cliste ceamaradóireachta. Feictear stadanna ciúine, monalóga (i bhfoirm bladhmanna ó Phansy) agus seatanna gar-amhairc de dhreacha ciúine, séimhe Curtley agus Moses agus eagla orthu aisfhreagra a thabhairt di.
Teastaíonn óna deirfiúr agus a neachtanna cabhrú léi ach ní theastaíonn uaithi cabhair a fháil. Tagann rudaí chun cinn nuair a bhuaileann sí lena deirfiúr ag uaigh a máthar agus déantar iniúchadh ar an gcúis a bhfuil an tráma seo ag cur as di. Ach ag deireadh an scannáin tá ceisteanna ann fós nach bhfuil freagra orthu.
Is léargas é Hard Truths ar theaghlach atá stróicthe as a chéile ag tinneas meabhrach. Tá an t-ábhar gruama agus tromchúiseach agus tá an plota tanaí go leor, mar sin féin, cruthaíonn cumas scannánaíochta Leigh agus aisteoireacht fhoirfe Jean-Baptiste, saothar tarraingteach gur fiú go mór é a fheiceáil.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: An fhírinne lom ag Mike Leigh i scéal a bhaineann le meabhairghalar'