Beidh cruinniú ag Aire na Gaeltachta Dara Calleary le Foras na Gaeilge inniu agus iarrachtaí ar bun teacht ar réiteach ar na ciorruithe gan choinne atá ag cur as do ghrúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge.
Baineadh siar as eagraíochtaí agus grúpaí pobail ag deireadh na míosa seo caite nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh ciorruithe breis is €800,000 le déanamh ar an maoiniú a chuirfidh an eagraíocht ar fáil i mbliana.
D’fhógair an Foras go raibh na ciorruithe le déanamh de thoradh “bearna mhór” i mbuiséad 2025 na heagraíochta.
Tá dóchas ann go bhfaighfear bealach chun airgead breise a chur ar fáil don Fhoras chun na ciorruithe a fógraíodh a chur ar ceal. Rinne Roinn na Gaeltachta ó dheas socruithe le maoiniú breise a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus do na ceanneagraíochtaí le blianta beaga anuas chun cuidiú leo leis na dúshláin airgeadais.
Ina ainneoin sin, meastar nach bhfuil an chonspóid faoi mhaoiniú an Fhorais ach ina tús agus go bhféadfadh sáinn pholaitiúil eile i Stormont a bheith ar na bacáin.
Ag cruinniú a d’eagraigh Conradh na Gaeilge inné le grúpaí a bhfuil ciorrú le déanamh ar a maoiniú, tagraíodh roinnt uaireanta don chonspóid a tharla nuair a cuireadh deireadh leis an scéim Líofa ó thuaidh in 2016.
Dúradh go raibh baint ag cinneadh an DUP deireadh a chur leis an scéim sin, a chuireadh sparánachtaí ar fáil chun freastal ar chúrsaí Gaeilge, ba chúis le titim Fheidhmeannas Stormont go luath in 2017.
Mhaígh Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge go raibh “géarchéim pholaitiúil ag teacht” ó thuaidh agus go bhféadfadh diúltú an DUP do shocrú maoinithe nua d’Fhoras na Gaeilge a bheith ina “bhuille maraithe na muice don Fheidhmeannas” agus don chomhoibriú idir Shinn Féin agus an DUP.
Tá múnla maoinithe nua aontaithe ag na ranna airgeadais ó thuaidh agus ó dheas a cheadódh do rialtas amháin maoiniú breise a bhronnadh ar eagraíocht trasteorann gan dualgas a bheith ar an dream eile cloí leis an gcóimheas maoinithe 75:25 atá ann faoi láthair.
Faoi shocrú a rinneadh mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta, cuireann Rialtas na hÉireann 75% de bhuiséad bliantúil Fhoras na Gaeilge ar fáil agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Tá sé tagtha chun solais go bhfuil cúig iarracht déanta an socrú nua a fhaomhadh san Fheidhmeannas ó thuaidh le roinnt míonna anuas, ach níor éirigh leis na hiarrachtaí an cheist a chur ar an gclár i Stormont mar nach raibh aon ghlacadh an DUP leis an moladh.
Faoin múnla nua, bheadh an rialtas ó dheas, mar shampla, in ann €750,000 breise a chur ar fáil do dheonaithe an Fhorais gan dualgas a bheith ar Fheidhmeannas Stormont €250,000 a chur ar fáil chomh maith.
Tá éiginnteacht ann áfach maidir le cé hiad na grúpaí agus na heagraíochtaí a bhféadfaí airgead a bhronnadh orthu faoin múnla nua.
Tá amhras ann chomh maith an mbeadh an DUP sásta dul siar ar an gcinneadh gan glacadh leis an múnla nua.
Sa gcás nach dtabharfaidh an DUP a mbeannacht don mhúnla nua, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfidh an rialtas ó dheas breis maoinithe ar fáil do phobal na Gaeilge trí mhúnla eile.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh siad ag iarraidh cothrom na Féinne don Ghaeilge ó thaobh maoinithe. Deir sé gur chóir ar a laghad €20 milliún breise a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge.
Ag cruinniú a eagraíodh do ghrúpaí agus eagraíochtaí a bhfuil na ciorruithe a d’fhógair an Foras le cur i bhfeidhm orthu, léiríodh fearg agus díomá faoin gcaoi ar cuireadh na ciorruithe in iúl.
Dúradh gur tháinig an scéal aniar aduaidh ar ghrúpaí agus go raibh seachtain ann idir fógairt na gciorruithe sna meáin agus an uair go ndearna an Foras teagmháil le grúpaí chun na ciorruithe a mhíniú dóibh.
Níl ciall ná réasún leis.
Níl ciall ná réasún leis seo.
Tá gá le h-eagraíocht Stáit eile chun tacú le Gaeilgeoirí ach ní mór í a bheith neamhspleách ar Comhaontú Aoine an Cheásta.
Éamonn Ó Gribín
Maidir le ‘CREIDEAMH’ tugann AIRTEAGAL 44 den Bhunreacht an méid seo le fios; “2° Ráthaíonn an Stát gan aon chóras creidimh a mhaoiniú.”
Cén fáth a bhfuil Foras na Gaeilge ag déanamh neamhairde d’Airteagal 44.2..2° thuas luaite?
Mar shampla, faigheann córais chreidimh, go háirithe an Eaglais Chaitliceach, tacaíocht airgid ón Fhoras le haghaidh ábhar spioradálta a fhoilsiú!
Cheapfainn go bhféadfaí an t-airgead gann seo a chaitheamh ar théacsleabhair a tháirgeadh do na Gaelscoileanna, srl?