Sos Cogaidh
Michael Longley
I
Ag cuimhneamh ar a athair féin dó, thosnaigh Achilles
Ag gol, rug ar láimh an tseanrí is bhrúigh uaidh go cneasta é;
Ach chrom Priam ag a chosa agus chaoin in éineacht leis
Go dtí gur líon a gcuid bróin na seomraí go léir.
II
Agus corp Hector á thabhairt ina láimh aige, d’ordaigh Achilles
É a ní agus, ar mhaithe leis an seanrí, a chóiriú in éide,
Réidh le hiompar ag Priam, mar a bheadh féirín
Le tabhairt abhaile go cathair na Traí le fáinne an lae.
III
Nuair a bhí a ndóthain ite acu, ba phléisiúr leo stánadh
Ar áilleacht a chéile mar a bheadh leannáin i ngrá,
Achilles lena chabhail dhiaga, Priam dathúil i gcónaí
Agus lán de chaint anois tar éis a chuid osnaíola.
IV
‘Téim ar mo ghlúine don ngníomh nach féidir dul as
Go bpógfad láimh Achilles, an té a mharaigh mo mhac.’
Seán Ó Riain
Aistriúchán álainn éifeachtach! Mo cheol thú, a Louis!