Clár faoi aistear ceoil Boyzone i bhfad níos stuifiúla ná a gcuid ceoil

Fíoraíodh brionglóidí na mbuachaillí i mBoyzone ach d’íoc siad go daor as ar roinnt slite  

Clár faoi aistear ceoil Boyzone i bhfad níos stuifiúla ná a gcuid ceoil

In ainneoin go raibh, agus go bhfuil, dearcadh uasal le híseal ag ceardaithe ceoil ar Boyzone, ba iad, ar feadh tréimhse sna nóchaidí, ceann de na bannaí ba mhó ar domhan. Bhain a gcuid albam agus a gcuid singilí barr na gcairteacha amach i ré nuair a bhí luach agus gradam ag baint lena leithéid. Díoladh 25 milliún ceirnín ar fud an domhain agus bhí tóir thar na bearta ar a gceolchoirmeacha ollmhóra.

Sa tsraith trí chlár Boyzone: No Matter What (Sky Atlantic/NOW TV) tugtar cuntas ar shaol pearsanta agus ceoil bhaill an bhanna. An t-ábhar iontais ná go bhfuil an saothar faisnéiseach seo faoi aistear ceoil an bhanna níos stuifiúla agus níos suimiúla ná a gcuid ceoil. 

Fiú mura bhfuil meas madra agat ar a gcuid ceoil agus tú den tuairim gur seó bóthair iad na bannaí buachaillí, tá téagar agus macántacht ag baint leis an saothar seo. Cé go dtugann na cláir éagsúla cuntas ar an rath a bhí ar an mbanna agus an cairdeas a bhí eatarthu ní sraith í seo a ligeann air féin go bhfuil mil ar chuiseogach acu i ngach áit.

Ar an gcéad dul síos tá an ceathrar atá fós beo – Ronan Keating, Keith Duffy, Shane Lynch agus Mikey Graham – mar aon le Louis Walsh, a mbainisteoir, páirteach sa togra. Labhraíonn siad ar fad go deisbhéalach agus ní chuireann siad fiacail sa chur síos a thugann siad.

Tá an ról a bhí ag Walsh ó thús lárnach sa scéal agus is geall le bithiúnach geamaireachta é ar uairibh. Is é atá deas ar an léiriú sin agus é ag caitheamh thairis go neamhleithscéalach agus go fuarchúiseach. Machiavelli an cheoil agus é meáite ar mhacasamhail Take That a chruthú in Éirinn. D’éirigh leis sin a dhéanamh agus sin snáth atá ag rith tríd an saothar: fíoraíodh brionglóidí na mbuachaillí ach d’íoc siad go daor as ar roinnt slite.

Ba dhraoi é Walsh agus é ag cliúsaíocht leis na meáin. Meabhraítear dúinn an chumhacht, an cruas, agus an chruálacht a bhain leis na páipéir thablóideacha. Thabharfadh siad béim suas duit agus ansin thabharfadh siad béim síos duit. D’imir Louis an cluiche go paiteanta agus é ag admháil go hoscailte gur chum sé scéalta go minic.

Mír amháin a fhanann liom ná nuair a fhéachann sé  ar an gcéad leathanach den Sun mar a raibh scéal faoi Stephen Gateley a bheith aerach. Gach rannpháirtí eile ar buile faoi chur chuige an pháipéir agus an crá croí a bhí i gceist do Gately; meangadh gáire ar Walsh mar gur baineadh an leathanach tosaigh amach.

Toise láidir eile den tsraith ná scéal Gately, a ghnéasacht agus a bhás obann. Cuimhnigh gur i 1993 a bunaíodh an banna, an bhliain chéanna a díchoiríodh homaighnéasacht. B’éigean dó, agus don bhanna, a ghnéasacht a cheilt ar feadh i bhfad.

Ansin tá scéal Mikey, an ceoltóir ba chumasaí acu, nach raibh riamh istigh leis féin sa seó bóthair. Is ar éigean go n-aithneofá anois é agus é fós cráite ag an lorg a d’fhág an tréimhse sin air. Tá cian ag baint leis an radharc deiridh: Keith, Shane agus Ronan ag diúgadh pint agus ag caitheamh tharstu ach Mikey ag ól pint leis féin.

Cé nach bhfuil aon nimheadas ann  tá drogall air bualadh leis an gcuid eile. Fíoraíodh brionglóidí ach díoladh go daor as.

Fág freagra ar 'Clár faoi aistear ceoil Boyzone i bhfad níos stuifiúla ná a gcuid ceoil'