le Caitríona Ní Chléirchín
Foilsithe ag Éabhlóid
Iniúchadh ar an iomrascáil idir an duine agus a nádúr féin, agus idir iad agus an tírdhreach mórthimpeall a fhaighimid sa chnuasach is déanaí de chuid Chaitríona Ní Chléirchín. Cás-staidéar ar theacht in inmhe ógánach na teorann is ea Rince Aeir, ina dtugann an file aghaidh go liriciúil ar an bhfearann agus ar an stair as ar eascair sí.
Ní ar a cás uathúil féin a dhíríonn an file i ndánta luatha an chnuasaigh, áfach, ach ar chás comhchoiteann na mban. Tarraingíonn Ní Chléirchín ar mhiotaseolaíocht na Gréige, cuir i gcás, chun ceist an phósta agus na saoirse a chíoradh i ‘Labhrann Daifne’.
d’impigh mé ar m’athair
mé a shábháil
níor thuig sé
an scéal ina iomláine
ná ní raibh sé cineálta
a rá go raibh mé
i bhfiacha leis
faoi chomaoin aige
toisc mé bheith
gan fear céile ná mac
…
ní fear a bhí uaim
ach saoirse na bhféartha’
Déantar iniúchadh, leis, ar iarsmaí eispéiris na mban, ar chuimhní a tharla nó a d’fhéadfadh tarlú, agus ar dheiseanna nár tapaíodh in ‘Iarsmalann na gCaidreamh Briste, Ságrab’:
In iarsmalann na gcaidreamh briste,
tá tua
lenar scrios leannán
troscán uilig leannáin eile
nuair a d’fhág sí í
le himeacht ar saoire
le bean eile
…
Tá cárta poist
eochair
is buidéal fíona
fíon dearg a bhí le hól
le chéile ag leannáin
nuair a d’fhág siad beirt a gcéilí
fíon nár óladh riamh
In iarsmalann na gcaidreamh briste
tá na mílte
iarsmaí
na mílte
cuimhní
Díol suntais an bhéim a leagtar sna luathdhánta seo ar chaidrimh is ar chuimhní atá ‘briste’, ag tabhairt le fios gur iarsmaí foréigneacha iad a mhaireann fós i gcaidrimh an tsaoil chomhaimseartha agus go maireann rian díobh i gcuimhní na huile bhan.
De réir a chéile, tagann blas níos pearsanta agus níos réigiúnaí ar na dánta seo. Déanann an file tagairt dá teaghlach féin agus don chailliúint laistigh de. Tugtar insint ghoilliúnach dúinn ar chumha an bháis agus ar an ngéilleadh a éilíonn trasnú teorann d’aon chineál i ‘Sneachta bándearg’.
Sneachta na silíní
piotail ag titim
m’athair ag brú chathaoir rothaí mo mháthar
faoi na crainn silíní faoi bhláth
i dtreo dheireadh a saoil
ar a turas deireanach sa bhaile
ón teach altranais
lá liath i mí Aibreáin
sneachta bándearg.
Tá tost uaigneach le brath in ‘Sneachta bándearg’, titim pheitil na gcrann silíní ag fógairt deireadh saoil agus ré nua in éineacht.
In Rince Aeir, is minic gurb é an tost is mó a thagann i dtreis, tost nach mór a fhulaingt má theastaíonn ó dhuine teacht aniar a dhéanamh. Tarraingíonn Ní Chléirchín ar eispéiris chomhchoiteanna a thit amach le gairid mar léiriú air sin nuair a dhéanann sí iniúchadh in ‘An Grá in Aimsir an Choróinvíris’ ar thionchar díobhálach an tosta agus an easpa teagmhála, i gcodarsnacht le saoirse an dúlra mórthimpeall, le linn aimsir na paindéime.
Ligeann an domhan osna
is teipeann ar scamhóga na ndaoine
níl deireadh le fulaingt ná anachain
ach leanann na héin orthu ag ceol.
In ‘Aimsir na dianghlasála’, is mar éin faoi ghlas a bhímid, ag tuar an bháis laistigh de ghéibheann ár dtí féin: ‘mar seanphiseog is ea é / sa teaghlach s’againne / gur tuar báis é éan sa teach… / neosfaidh an aimsir an féidir linn éalú’.
Os a choinne sin, déanann Ní Chléirchín cíoradh ar bheocht agus saoirse an dúlra, agus ar chuimhní beo na bportach, sa tsraith dánta ‘Sliabh Beatha I-IV’:
Tá an tírdhreach seo de bhratphortach, fraochmhá,
talamh féaraigh, le locháin agus lochanna
iargúlta, sceirdiúil, uamhnach
folamh lán saoil is beatha.
Léiríonn an file an chumhacht chlaochlaithe a mhaireann sa tírdhreach seo, cumhacht na mílte bliain. Éiríonn an claochlú sin níos pearsanta agus níos mionsonraithe i ‘Sliabh Beatha IV’ go háirithe.
…Siar uainn tá Fear Manach agus an Cabhán
Ó thuaidh, tá sléibhte an Spéirín i dTír Eoghain
San oirthear, tá Ard Mhacha agus Achadh na Cloiche,
soir ó dheas tá coillte dubha Ghlasloch
roimh bhreacadh an lae, ag Bruíon-sí-Bragán
bhí tú ag an charraig, an tAifreann á rá agat
nuair a scaoileadh urchar trí do chloigeann
is tú ag casadh chun an soiscéal deireanach a léamh
Go luath san oíche, trí Ais Chloiche Finne
agus iad ag teacht sa tóir ort
b’é solas na gcoinnle a chonaic
na saighdiúirí,
a d’fhág ann gan bheocht thú
i d’éide fuilsmeartha ag bun na carraige
nuair a thit tú ag Leac an tSagairt
le gealadh an lae.
Tagann tírdhreach na Teorann, agus tírdhreach Chontae Mhuineacháin go háirithe, i dtreis ón bpointe seo ar aghaidh sa chnuasach, agus tagairtí díreacha le sonrú d’áiteanna amhail Cluain Tiobraid, Emyvale, Inis Caoin, Maigh Muirtheimhne, Droichead Thuama agus Droim Mór. Éiríonn le Ní Chléirchín a cuimhní féin a lonnú agus a chíoradh san fhearann áitiúil seo, ag sárú oidhreacht na Teorann agus na corraíola inti féin sa dán ‘Droim Mór’.
Tá cuimhne agam ar theach mo sheanmháthar
i nDroim Mór gar d’Ard Bó agus don Chraobh.
Tá cuimhne agam ar a húllord
laethanta ár n-óige ag súgradh faoi na bláthanna
ia ar Choill an Cholpa is ar Loch nEathach.
Tá cuimhne agam ar ghrá mo sheanmháthar
is an tine ar lasadh ina seomra suí
an tsubh cuiríní dubh a rinne sí is boladh an tae.
Chuige sin b’fhiú gach trasnú teorann,
gach ceistniú is gach moill.
Is iomaí teorainn a aithníonn Ní Chléirchín ar an saol seo: teorainn idir an bheatha agus an bás, teorainneacha a chuireann bac ar chaidrimh agus ar chumarsáid dhaonna, agus go deimhin an Teorainn le Tuaisceart Éireann. In Rince Aeir, tugann sí ar thuras sinn, ar a dtugann sí aghaidh go híogair ar bhóthar na gcuimhní, d’fhonn teacht ar na focail a chuirfidh síos go sásúil ar a saol uathúil féin – d’fhonn an grá a shlánú faoi dheireadh thiar thall i ndánta amhail ‘En ti la tierra’.
Is tú mo thír tairngire,
mo terra firma
ní bheidh aon ní de dhíth orm
i do bhaclainn
i móinéar féar uaithne
ar imeall an uisce
mar a bhfaighim suaimhneas
is tú an talamh,
na cnoic, na goirt, an tírdhreach
an chré ionam
an spéir faram
siúlaim i ngleann na gile
i solas an tsóláis
is tú taobh liom
cuireann tú i mo luí mé
i leaba aoibhnis
Seolann tú mé
go parthas paradiso.
Fág freagra ar 'Láimhseáil íogair déanta ag Ní Chléirchín ar thost na dteorainneacha'