Deich gceist chinniúnach a fhreagrófar sna toghcháin 

Tá idir ábhar dóchais agus ábhar imní mar sin d’iarrthóirí i dtoghcháin pharlaimint na hEorpa i dtorthaí thoghchán 2019

Deich gceist chinniúnach a fhreagrófar sna toghcháin 

Tugann gach toghchán Eorpach deis do vótálaithe ionadaithe a roghnú ar dhóigh nach léir de ghnáth tionchar a rogha ar a saol féin ná ar shaol na tíre.

Tá idir ábhar dóchais agus ábhar imní mar sin d’iarrthóirí i dtoghcháin pharlaimint na hEorpa i dtorthaí thoghchán 2019. Ní raibh ach mionchosúlacht idir na roghanna Eorpacha a rinneadh sa toghchán agus na roghanna a rinneadh san olltogchán in 2020.

Toghadh cúigear feisirí Eorpacha ó Fhine Gael sa toghchán Eorpach deireanach – gaisce a d’fhág an páirtí chun cinn ar gach páirtí eile. Toghadh beirt araon ó Fhianna Fáil agus ón gComhaontas Glas, feisire amháin ó Shinn Féin agus triúr feisirí neamhspleácha.

Bliain ina dhiaidh sin, bhí leagan amach an-difriúil ar roinnt na vótaí san olltoghchán. Fágadh Fine Gael mar shampla chun deiridh ar Shinn Féin agus ar Fhianna Fáil ó thaobh vótaí agus suíocháin Dála.

Ní foláir mar sin toradh na dtoghchán Eorpacha agus áitiúil a chíoradh go cúramach mar fhianaise faoi thoradh an olltoghcháin atá ag teannadh linn. Maidir leis na toghcháin áitiúla, is tábhachtaí aithne ar iarrthóirí ná i dtoghchán ar bith eile.

Sin ráite, bí cinnte go gcuirfidh na páirtithe agus go leor de léitheoirí Tuairisc.ie spéis nach beag sa bhfianaise a chuirfidh an dá thoghchán ar fáil faoi na ceisteanna seo a leanas:

 

  1. An léireoidh na torthaí toil shuntasach i measc vótálaithe Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais vótaí a aistriú go dtí iarrthóirí a gcéilí rialtais?

Ní bheidh páirtithe an chomhrialtais ábalta dul i mbun rialtais arís mura mbeidh a lucht leanúna toilteanach tacú lena chéile lena n-aistriúcháin. Tabharfaidh na toghcháin Eorpacha agus an toghchán áitiúil deis dóibh a thaispeáint gur mian leo cabhrú lena chéile, nó a mhalairt.

  1. An gcuideoidh an teannas i measc iarrthóirí Fhianna Fáil i dtoghcheantar Eorpach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt suíochán a ghnóthachtáil, nó péire fiú amháin?

Níl an t-eascairdeas á cheilt idir Barry Cowen (príomh-iarrthóir a pháirtí, dar leis féin), Lisa Chambers agus Niall Blaney. Má bhíonn dea-thoradh ar an dian-iomaíocht eatarthu, beidh seans ag an bpáirtí teacht i dtír ar mhéadú na suíochán sa toghcheantar (ó cheithre cinn go cúig cinn). Is léir áfach an fhéidearthacht go mbainfidh iarrthóirí eile tairbhe as an easaontas i bhFianna Fáil.

  1. An mbeidh vóta Shinn Féin san dá thoghchán sách láidir chun ábhar dóchais a thabhairt don pháirtí go mbeidh siad ábalta dul i mbun comhrialtais tar éis an olltoghcháin?

In 2019 chaill Sinn Féin dhá shuíochán Eorpach (as trí cinn a bhí acu go dtí sin) agus a leath, beagnach, d’ionadaithe an pháirtí sna húdaráis áitiúla. Deiseoidh torthaí na bliana seo cuid mhór den dochar, ach tá níos nó ná deisiúchán de dhíth.

  1. An féidir leis na Glasaigh an t-éacht a rinneadar in 2019 sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha a chosaint, nó a fheabhsú in 2020?

In 2019 toghadh beirt ón gComhaontas Glas mar fheisirí Eorpach agus toghadh níos mó ionadaithe Glasa (49) ná riamh sna húdaráis áitiúla. Tá scéal na haeráide i mbéal an phobail i gcónaí ach tá na feisirí Eorpacha Ciarán Cuffe agus Grace O’Sullivan, go háirithe faoi bhrú i mbliana.

  1. Cé a bheas chun cinn tar éis an chomhairimh ó thaobh ionadaíochta sna húdaráis áitiúla de?

D’fhág toghcháin áitiúla 2019 Fianna Fáil chun cinn (279 suíochán), chun tosaigh ar Fhine Gael (255) agus ar Shinn Féin (89). Dá n-éireodh le Sinn Féin dul chun cinn ar an dá phríomhpháirtí eile, bheadh gaisce agus tuar dóchais nach beag le ceiliúradh ag Mary Lou McDonald.

  1. An léireoidh na torthaí go rachaidh ré Simon Harris mar Thaoiseach chun tairbhe don pháirtí i dtoghcháin?

Ó chuaigh Simon Harris i mbun oibre in oifig an Taoisigh an mhí seo caite, tá laghdú ar an mbearna idir tacaíocht a pháirtí agus tacaíocht Shinn Féin á léiriú sna pobalbhreitheanna. Ach ní beag an dúshlán é ionadaíocht dá réir a bhaint amach i dtoghcháin.

  1. An atoghfar na feisirí Eorpacha Clare Daly agus Mick Wallace ainneoin a ndrogaill tacú le feachtas cosanta na hÚcráine in aghaidh na Rúise?

Ní beag líon na n-easaontóirí a mholann modhanna síochánta chun cur i gcoinne ionradh na Rúise, ach tá an bheirt faoi bhrú agus iad ag iarraidh a suíocháin Eorpacha a choimeád.

  1. An dtabharfaidh na torthaí tuar dóchais éigin d’Fhianna Fáil, ainneoin gach pobalbhreith a thugann le fios go bhfuil Sinn Féin agus Fine Gael i bhfad chun tosaigh orthu?

Ba chóir go mbeadh an páirtí ábalta suíochán Eorpach breise a bhaint amach i dtoghcheantar an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt, go háirithe agus suíochán breise (chúig cinn in ionad ceithre cinn) le baint an babhta seo. Thairis sin, tá imní ar an lucht ceannais, nach méadú ar ionadaíocht áitiúil an pháirtí a fheicfear ach laghdú. Tá imní dá leithéid ar Fhine Gael freisin.

  1. An aistreoidh vótálaithe ar son iarrthóirí neamhspleácha nó mionpháirtithe ar scála a thoghfaidh feisire nua Eorpach?

Is líonmhaire ná riamh iarrthóirí dá leithéid sa toghchán Eorpach. Níl seans dá laghad ann go dtoghfar a bhformhór. Beidh cuid eile áfach ag súil go gcoinneoidh aistriúcháin sa rás iad go dtí an comhaireamh deireanach. Ina measc Niall Boylan (Éire Neamhspleách) agus Aodhán Ó Ríordáin (Lucht Oibre) i mBaile Átha Cliath, an Teachta Dála neamhspleách Michael McNamara sa deisceart, agus Ciarán Mullooly (Éire Neamhspleách) agus an Teachta Dála Peadar Tóibín (Aontú) i dtoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt.

  1. An gcuirfidh an scríbhneoir seo agus go leor iománaithe eile ar an gclaí róbhéim ar thábhacht na dtoghchán seo mar fhianaise faoi thoradh an olltoghcháin, agus beag is fiú á dhéanamh de gach difríocht olltoghchán idir toghchán Eorpach nó áitiúil.

Cuirfidh, gan dabht ar bith, arís.

Fág freagra ar 'Deich gceist chinniúnach a fhreagrófar sna toghcháin '