Tús le cur sa bhliain nua le dioplóma Gaeilge saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile

Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa nua, a bheidh á reáchtáil ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, cur le líon na múinteoirí atá in ann an Ghaeilge a mhúineadh

Tús le cur sa bhliain nua le dioplóma Gaeilge saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile

Cuirfear tús san athbhliain le cúrsa nua tríú leibhéal chun breis múinteoirí Gaeilge a chur ar fáil.

Tá an cúrsa nua, atá á reáchtáil ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in éineacht le hInstitiúid Oideachais Marino, dírithe ar mhúinteoirí iarbhunscoile agus é mar aidhm aige cur le líon na múinteoirí atá in ann an Ghaeilge a mhúineadh.

Tá an ganntanas múinteoirí Gaeilge ina ábhar imní ag príomhoidí agus lucht oideachais le cuid mhaith blianta. Tá an easpa sin ann ó thaobh múinteoirí atá cáilithe chun an Ghaeilge a mhúineadh mar ábhar agus múinteoirí a bhfuil dóthain Gaeilge acu chun teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge.

Beidh an cúrsa nua saor in aisce agus reáchtálfar é ar bhonn páirtaimseartha chun deis a thabhairt do mhúinteoirí atá ag obair go lánaimseartha agus atá lonnaithe timpeall na tíre freastal air.

Beidh idir léachtaí ar líne agus léachtaí ar an láthair i gceist. Tar éis na scoile, ar an Satharn, agus le linn laethanta saoire a bheidh na léachtaí ar an láthair ar siúl. Caithfidh rannpháirtithe an chúrsa seo ceithre seachtaine sa nGaeltacht le linn an chúrsa.

Beidh an dream a n-éiríonn leo an dioplóma a bhaint amach in ann clárú chun an Ghaeilge a mhúineadh go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta i scoileanna.

Is féidir cur isteach ar an gcúrsa, Dioplóma Iarchéime sa Ghaeilge do Mhúinteoirí, faoi láthair agus cuirfear tús leis i mí Eanáir 2025. Beidh seisiún eolais ar líne ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn, an 2 Deireadh Fómhair 2024.

Le cáiliú don chúrsa, caithfidh Leibhéal B1 sa Teastas Eorpach sa Ghaeilge (TEG) a bheith agat. Cuirfear scrúdú TEG ar fáil mí na Samhna dóibh siúd nach bhfuil an cháilíocht chuí acu.

Tá an maoiniú don dioplóma nua á cur ar fáil ag an Roinn Oideachais, a d’fhógair in 2021 go raibh an cúrsa le forbairt chun breis múinteoirí Gaeilge a chur ar fáil.

Tá cúrsaí uas-scileála eile do mhúinteoirí iarbhunscoile tosaithe cheana féin i roinnt ollscoileanna ar fud na tíre. Tá cúrsaí curtha ar fáil don fhisic, don Spáinnis agus don mhatamaitic, trí ábhar eile a bhfuil deacrachtaí ann maidir le soláthar múinteoirí.

Tá Roinn na Gaeltachta i mbun oibre i gcónaí freisin ar scéim a bhfuil sé mar sprioc aici feabhas a chur ar chumas Gaeilge múinteoirí.

Tá an Roinn chun scéim phíolótach a mhaoiniú a d’íocfadh deontas le múinteoirí scoile agus oibrithe in earnáil an luathoideachais as feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Bheadh an scéim sin bunaithe ar an gcóras TEG chomh maith agus chaithfeadh múinteoirí tréimhse idir 8-12 mí ag cur feabhais ar a gcuid scileanna trí chúrsaí ar líne nó ar an láthair. Bheadh tréimhse sa Ghaeltacht i gceist freisin.

Fág freagra ar 'Tús le cur sa bhliain nua le dioplóma Gaeilge saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile'