Plean ag Sinn Féin a thugann dóchas do dhaoine nach féidir leo teach a fháil

Tá sé i bhfad níos éasca plean a scríobh ná ceann a chur i bhfeidhm, ach tá fís chuimsitheach ag Sinn Féin do chúrsaí tithíochta

Plean ag Sinn Féin a thugann dóchas do dhaoine nach féidir leo teach a fháil

Plean tithíochta nua seolta ag Sinn Féin. Pic: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Plean cuimsitheach. Plean spreagúil. Plean a thugann dóchas do dhaoine. Ar an gcéad léamh tá polasaí soiléir inbhainte amach curtha os ár gcomhair ag Sinn Féin maidir le géarchéim na tithíochta. 

Deir Sinn Féin dá mbeidís i gceannas ar an rialtas go dtógfaí 300,000 ionad cónaithe faoina bplean tithíochta thar thréimhse cúig bliana. 

Chaithfeadh siad €37 billiún ar ionaid nua a thógáil, agus €2 billiún eile ar thalamh is tithe a cheannach. €7.8 billiún a chaithfí ar thithe sóisialta is in-aisíoctha gach bliain den tréimhse cúig bliana sin. 

Agus toisc go gcoinneodh an stát úinéireacht ar an talamh, deir siad go mbeadh siad in ann tithe a chur ar fáil ar €250,000- €300,000 –fíorphraghas in-aisíoctha. 

Mhínigh Eoin Ó Broin, urlabhraí tithíochta an pháirtí, sa chás go gceannódh duine teach ar phraghas réasúnta in-aisíoctha bheadh cead aige é a dhíol ar phraghas réasúnta in-aisíoctha freisin. 

Le cabhrú leis sin bheadh ról láidir ag an stát, trí na comhairlí contae is eile, sa phróiseas agus bhunófaí áisíneacht nua stáit le talamh poiblí a bhainistiú. 

Deir Sinn Féin go bhfuil na bainc sásta morgáistí a thabhairt ar na coinníollacha atá leagtha síos acu, agus rinne siad comparáid idir a sprioc 300,000 teach a thógáil thar chúig bliana agus an 5,000 teach sóisialta atá tógtha faoi phlean an rialtais i mbliana. 

Ar ndóigh cuid lárnach de phlean Shinn Féin go ndéanfaí athchóiriú bunúsach ar an gcóras pleanála le moill a sheachaint agus chuirfeadh an páirtí deireadh le scéimeanna reatha an rialtais – ar nós an scéim Help to Buy. Maíonn Sinn Féin nach mbíonn aon toradh ar na scéimeanna sin seachas praghsanna a dhéanamh níos airde agus airgead a chur i bpócaí na dtógálaithe. 

Ar ndóigh, tá sé i bhfad níos éasca plean a scríobh ná ceann a chur i bhfeidhm, ach tá fís chuimsitheach ag an bpáirtí a thabharfadh dóchas don oiread sin daoine nach bhfuil teach acu, nó atá sáinnithe sa mhargadh cíosa. 

Deir Sinn Féin freisin go dtabharfaí rialacha nua isteach a chuirfeadh stop leis an díshealbhú gan chúis, agus deir siad go mbeadh ról níos lárnaí ag an stát sa mhargadh cíosa.  

Nuair a bhreathnaíonn muid ar na figiúirí i dtaobh daoine gan dídean, scéal atá ag dul in olcas in aghaidh na míosa, is léir nach bhfuil ag éirí le polasaí an rialtais – polasaí atá meáite ar ligean don earnáil phríobháideach tithíocht a chur ar fáil. 

Sé fócas an pholasaí nua ag Sinn Féin ná ról níos mó sa chúram a thabhairt don stát agus do chomhairlí áitiúla. 

De réir na bpobalbhreitheanna is í ceist na tithíochta is tábhachtaí ag mórán den lucht vótála agus tá móramh mór ann atá míshásta le cur chuige an rialtais ina leith. 

Anois tá rogha againn: cloí le polasaí an rialtais a bhfuil ag teip air, nó dul sa seans go mbeidh Sinn Féin in ann an polasaí nuálach seo a chur i bhfeidhm. 

Neosfaidh an aimsir, mar a deirtear. Léiríonn na pobalbhreitheanna céanna gur ag laghdú atá an leibhéal tacaíochta atá ag Sinn Féin agus go mbeadh móramh ag páirtithe an rialtais. Níl aon mhíniú agamsa ar cén fáth gur mar sin atá, ach más fíor gur mó spéis atá ag an lucht vótála i gcúrsaí tithíochta ná in aon rud eile, ba chóir go gcuirfeadh foilsiú an phlean seo borradh faoi thacaíocht Shinn Féin.  

Sí an laige atá ag Sinn Féin, ceapaim, ná ceist na hinimirce.  Cé go bhfuil polasaí an pháirtí soiléirithe acu – níl siad i bhfabhar teorainn oscailte is teastaíonn uatha srian a chur leis an inimirce –  ní cosúil go bhfuil an páirtí ag dul amach ag feachtasaíocht go láidir faoin scéal seo. Tugann sé sin seans don dream atá an-fhada amach ar an eite dheis leas a bhaint as imní is míshástacht an phobail, san aicme oibre go háirithe. 

Laige ag an rialtas cúrsaí tithíochta toisc nach bhfuil ag éirí lena bpolasaí deireadh a chur leis an ngéarchéim.  Ach níl le déanamh acu ach iarracht a dhéanamh freastal ar mhian lucht na meánaicme go mbeadh lánúinéireacht acu ar a thithe, in ionad an leath-úinéireacht atá geallta ag Sinn Féin. 

Feicfimid an mbeidh Sinn Féin in ann dul i bhfeidhm ar dhaoine agus a bplean a mhíniú dóibh, fiú daoine sa mheánaicme nach féidir leo teach dá gcuid féin a fháil faoi láthair. An é gur fearr le vótóirí an diabhal a bhfuil cleachtadh acu air ná an diabhal nach bhfuil? Nó an rachaidh siad sa seans le páirtí a bhfuil dearcadh iomlán úr faoi chúrsaí tithíochta acu? 

Fág freagra ar 'Plean ag Sinn Féin a thugann dóchas do dhaoine nach féidir leo teach a fháil'

  • Lámh suas

    Eoin,
    Plean cuimsitheach a deir tú!
    Tá go leor leor fadhbanna nach bhfuil reiteach orthu sa phlean.
    Tóg dhá rud mar shampla
    a. na dualgaisí traenála do bhí ag FÁS atá imithe le gaoth
    b. an cartel atá sa tír a choiníonn praghasanna ábhar tógála an-ard go deo.

    a. Tá deireadh le FÁS. Is lucht acadúil sna ETBs atá i gceannas anois.agus tá moill dochreidte i dtraenáil na bprintíseacha. Níl lucht traenála ar fail do sna ETBs de bharr nach bhfuilan tuarastal ard a dhóthain. Bheadh FÁS in ann cur ina luí ar an Rialtas an práinn atá leis seo ach tá an iomairce ar siúl ag na ETBs chun díriú ar rud comh tábhachtach leis seo.
    Céard atá ráite ag Sin Féin faoin géarchéim traenal sin?

    b. Sampla eile ná comh daor is atá ábhair tógála sa tír seo i gcomparáid le tíortha ar an Mór Roinn ar nos an Fhrainc fiú gan tracht ar an Phólainn. Monopoly ag cúpla comlacht is cúis leis sin. Cén réiteach dlithúil atá molta ag Sinn Féínn faoi cartels?