Taibhsítear dom go mbíonn cláir faoin timpeallacht, fiadhúlra nó nádúr á sluaisteáil chugainn ar dalladh ar na saolta seo. Ní haon cháineadh sin óir go mbainim taitneamh astu ach léiriú é goile an phobail dá leithéid. Is mithid freisin go ndéantar trácht leanúnach ar thábhacht an chaomhnaithe agus tionchar an athraithe aeráide.
Seo chugainn sraith eile, Ireland’s Coast (RTÉ1, Dé Domhnaigh) a dhéanann scéal chósta na hÉireann a reic. Ag tosach na sraithe fógraíonn an tráchtaire binn, sólásach Ciarán Hinds go bhfuil “mistéir,” “ársacht” agus “áilleacht” ag baint leis an gcósta “a bhainfeadh an anáil díot”.” Sách ráite, faoi mar a deireadh an Conamarach.
Tá an tsraith bunaithe, go pointe, ar an saothar tathagach The Coastal Atlas of Ireland. Ach oiread le saothair eile san iomaire seo tá sé ag brath go mór ar sheatanna cuidsúlacha áille a sholáthar agus déanann clár an Domhnaigh an cúram sin go paiteanta. Sé an cineamatagrafaí an té is tábhachtaí, an Rí, i saothair den saghas seo.
Sa chéad chlár an tseachtain seo tugadh cuntas ar stair an chósta. Sna gálaí atá le teacht, déanfar cíoradh ar chaidreamh an duine daonna leis an gcósta agus tionchar an athraithe aeráide. Is náisiún oileánda sinn agus fé mar a deir aoi amháin linn níl éinne againn chomh fada sin in aon chor ón gcósta. Ní nach ionadh mar sin go bhfágfadh an cósta lorg ar mheon na hÉireann.
Le saineolaithe, scoláirí agus eolaithe de gach saghas ár dtionlacan tugadh sinn ó Chionn Mhálanna ó thuaidh go Cuan Chorcaí ó dheas agus ar ais go Ros a’ Mhíl le hiniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den chósta. Tráchtadh ar an deilf choiteann, atá coitianta ar an bhFód Dubh, a bheith chugainn mar gheall ar ardú teochta na bhfarraigí agus tráchtadh chomh mar ar an ngruánach ársa atá ag fás go mall go domhain faoi thoinn. Dúradh linn go raibh Aillte an Mhothair ó dheas den mheánchiorcal trí chéad milliún bliain ó shin. Tráth dá raibh bhíodh tú in ann siúl go hÁrainn. Meabhraíodh dúinn go mbeadh ort an Grand Canyon a líonadh le huisce agus cúig chéad méadar eile a chur leis ionas go mbeadh sé chomh mór le Banc Porcupine.
Dhein an seandálaí Michael Gibbons trácht deisbhéalach ar an gcósta i seanchas na hÉireann, chaith sé isteach roinnt Gaeilge agus bhí aistriúcháin bheaga ar scáileán d’fhocail áirithe. Ó loisc siad an choinneal is mór an trua nár loisc siad an t-orlach agus an mhír seo ar fad a dhéanamh as Gaeilge. Lena chois sin is dóigh liom go bhfuil áit níos lárnaí dlite ag an mbéaloideas i sraith den saghas seo. Sin ráite b’fhéidir go ndéanfadh na gálaí atá le teacht é sin a chúiteamh. Mair a chapaill.
Saothar breá agus uaillmhianach ach tá eagla orm go bhfuil deis eile ligthe amú cúram a dhéanamh don Ghaeilge, atá beo i gcónaí ar chósta na hÉireann.
Fág freagra ar 'Clár breá é ‘Ireland’s Coast’, ach ligeadh na maidí le sruth ó thaobh na Gaeilge '