Más cóir géilleadh don chaint ar fad faoi chúrsaí eacnamaíochta is fada an lá ó bhí cúrsaí chomh maith ag aire airgeadais agus é ag tabhairt faoin gcúpla lá deiridh ullmhúcháin roimh bhuiséad. Idir farasbarr mór sa Státchiste agus uachta mór a bhuíochas don bhreithiúnas i gcás Apple, is amhlaidh a bheidh Jack Chambers agus Pascal Donohoe ag roghnú cá gcaithfidh siad airgead agus cé na féiríní a bhronnfaidh siad seachas a bheith ag caint ar chiorruithe agus ar easnaimh.
Mar sin féin, tá ceacht faighte againn an tseachtain seo gur fánach an chaoi a dtiocfadh go leor airgid amú mura mbítear cúramach leis. Níl líon tí sa tír nach mbíonn orthu a chinntiú go bhfuil an oiread acu agus a íocfaidh billí na míosa, más féidir. Bíonn roghanna le déanamh faoi na rudaí is práinní agus is tábhachtaí a bhfuil airgead le caitheamh orthu. Bíonn éide scoile agus téacsleabhair le fáil i mí Mheán Fómhair agus ó oíche Shamhna ar aghaidh bíonn réiteach le déanamh don Nollaig. Ceann de na ceachtanna is tábhachtaí is féidir le tuismitheoirí a mhúineadh dá gclann a bheith stuama le hairgead agus a luach a thuiscint.
Cén chaoi a bhfuil sé tarlaithe mar sin go bhfuil muid ag caitheamh na mbilliúin níos mó ar ospidéal leanaí ná mar a bhí beartaithe ar dtús? Agus go bhfuil moill curtha leis an bhforbairt ar a laghad ceithre huaire déag. Cén chaoi ar síníodh conradh don togra nach raibh aon uaschostas luaite leis? Tá bothán rothair Theach Laighean ina dhíol náire do Thithe an Oireachtais, a dúirt an Ceann Comhairle nuair a d’fhill an Dáil ó bhriseadh an tsamhraidh. Tá os cionn €300,000 caite leis an mbothán céanna agus dúradh gur cúinsí slándála ba chúis lena chur san áit a bhfuil sé, an suíomh is costasaí a d’fhéadfaí a roghnú.
Tugadh le fios an tseachtain seo freisin gur chosain cábán slándála ag Tithe an Rialtais €1.429 milliún. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí cur síos ar an líon comhairleoirí agus saineolaithe a raibh baint acu lena thógáil. Léirigh polaiteoirí alltacht faoin gcostas, ach nár cheart an cheist a chur – cé mhéad uair eile ar tharla sé seo? An amhlaidh go nglacfar le caiteachas ar bith faoi láthair mar go bhfuil airgead fairsing? Nó an cuma ó tharla gur airgead de chuid an Státchiste atá i gceist?
Cén fáth nach bhfuiltear níos cúramaí le hairgead stáit? Agus cén fáth nach mbíonn ar dhaoine an caiteachas a cheadaíonn siad a mhíniú? Ní ghlacfaí leis an gcaiteachas gan aon fhreagracht in aon réimse eile sa saol. Is maith tobann a théitear sa tóir ar an té nach acmhainn dóibh bille a íoc ag deireadh na míosa. Nár cheart go mbeadh ár n-ionadaithe poiblí ag tabhairt dea-shampla faoi chríonnacht airgeadais seachas ag caitheamh airgid ar thograí poiblí ar nós cuma liom agus gan de chosaint acu ach moladh ó shaineolaí?
Pádraig O'hEipicín
Scannalach amach is amach é. Is Peaca é.