Bí i do shuí go díreach agus ná bíodh do chosa trasna ar a chéile!

Is fearr gortuithe a bhaineann leis an obair a chosc ná a leigheas

Bí i do shuí go díreach agus ná bíodh do chosa trasna ar a chéile!

Bhí mé féin agus mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, inár luí ar an trá ag déanamh cleachtaí coirp do mhatáin an bhoilg.

Ní hé go bhfuil boilg bheorach ag cur as dúinn, táimid ar dhornán beag acu siúd a bhí sa rang céanna linn ar an meánscoil breis agus tríocha bliain ó shin nach bhfuil tite i bhfeoil.

‘Is é an chaoi go bhfuilim buartha faoin dochar atá á dhéanamh agam do mo chorp leis an staidiúir a bhíonn orm agus mé i mbun oibre,’ a dúirt mo chara.

Ba bheag nár éirigh mé as an suí aniar le teann gáire. Staidiúir oibre? Scríobhann mo chara a chuid colún faoi chúrsaí caidrimh agus collaíochta agus é ina luí ar a leaba, a ríomhaire glúine ar a chliabhrach, i bhfad róghar dá shúile cheapfá, agus clónn sé isteach lena dhá mhéar iad seachas le deich gcinn.

Ach níor cheart domsa a bheith ag spochadh as. Ceartaímse na colúin a scríobhann sé agus ní mé an é ábhar na gcolún sin is cúis leis nó an claonadh atá agam láthair oibre éagsúil a lorg do chuile chineál scríbhneoireachta, ach le deireanas bím féin i mo luí agus mé i mbun eagarthóireachta ar cholúin mo chara – ar an tolg seachas ar an leaba, ach mar sin féin.

Agus cé nach dtógann an eagarthóireacht ar na colúin sin ach dhá uair an chloig orm in aghaidh na seachtaine, tugaim faoi deara cheana féin drochthionchar an staidiúir a bhíonn orm agus mé á gceartú. Ar mo cheathrúna a bhíonn mo ríomhaire glúine ina luí agus bíonn sé deacair éirí den tolg tar éis dreas oibre. Mar bharr ar an donas bíonn mo chosa trasnaithe ar a chéile agam, rud a mhínigh fisiteiripeoir dom uair amháin a dhéanfaidh dochar in am trátha do na rúitíní, do na glúine agus fiú amháin do na cromáin.

Agus murar leor sin, toisc go gclaonann dromchla an toilg síos rud beag i dtreo an taca droma, ní i mo luí go cothrom a bhím ach claonta ar chlé, mo ghualainn brúite i gcoinne an taca droma, agus níl sé sin ag déanamh pioc maitheasa don ghualainn sin, a bhíonn ag tabhairt trioblóide dom ó bhris mé an chnámh smiolgadáin ag tarraingt ar fhiche bliain ó shin.

I mo shuí a bhím, ar chathaoir bhog oifige fiú amháin, agus na colúin a bhíonn agam ar na leathanaigh seo á scríobh agam; i mo shuí, leis, ach ar chathaoir chrua adhmaid, a bhím nuair a bhím i mbun oibre ar m’úrscéal. Is fearr sin ná a bheith i mo luí ar an tolg, gan dabht, ach fós féin bíonn orm a mheabhrú dom féin gach re nóiméad gan mo chosa a chur trasna ar a chéile.

Ar ámharaí an tsaoil, níor chuir an gortú athstraidhneála (RSI), pian sheasta sa droim nó a mhacasamhail de thrioblóid as dom féin ná do mo chara go fóill. Surfálaí eisean agus dornálaí mise agus bímid ag brath ar an aclaíocht sin chun an dochtúir, an fisiteiripeoir agus go deimhin saill na meánaoise a choinneáil ó dhoras.

Ach ní in óige atáimid ag dul agus b’fhearr dúinn – do scríbhneoir ar bith dáiríre – a bheith níos cúramaí faoinár staidiúir oibre; is fearr i bhfad gortuithe a bhaineann leis an obair a chosc ná iad a leigheas.

Fág freagra ar 'Bí i do shuí go díreach agus ná bíodh do chosa trasna ar a chéile!'