Méadú mór ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta molta ag Sinn Féin ina mbuiséad malartach

Deir Sinn Féin go gcuirfidís €63.2 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ach iad a bheith i mbun an bhuiséid do 2025

Méadú mór ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta molta ag Sinn Féin ina mbuiséad malartach

Deir Sinn Féin go gcuirfidís pacáiste €63.2 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

De réir an bhuiséid mhalartaigh a d’fhógair an páirtí inniu, chuirfidís maoiniú breise ar fáil do TG4, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge agus don oideachas lán-Ghaeilge.

Maítear sa bhuiséad malartach, go mbunófaí roinnt scéimeanna nua, ina measc scéim faoina mbronnfaí leabhar Gaeilge saor in aisce ar gach páiste agus déagóir sa tír.

Deir Sinn Féin go gcuirfidís €45 milliún breise i gciste Roinn na Gaeltachta, méadú 45% ón méid a fógraíodh do chiste Gaeilge agus Gaeltachta na Roinne i mBuiséad 2024. B’ionann an méadú 45% sin agus níos mó ná dhá oiread an méid maoinithe breise a bhí á lorg ag an Roinn féin roimh an mbuiséad anuraidh. €20.435 milliún a lorg an Roinn do 2024, ach ní bhfuair siad ach an cúigiú cuid de sin.

Thabharfadh Sinn Féin réimse nua caiteachais isteach sa bhuiséad don oideachas lán-Ghaeilge. €19 milliún a deirtear a chuirfí ar leataobh don oideachas lán-Ghaeilge, ón naíonra go dtí an tríú leibhéal.

Chuirfí Ciste Infheistíochta do Naíonraí, ar luach €1.9 milliún, chun tacú leo siúd atá ag feidhmiú trí Ghaeilge cheana féin agus le soláthraithe Béarla a mhealladh i dtreo seirbhís trí Ghaeilge a sheachadadh.

Mar chuid den chaiteachas sin, thabharfaí ar ais an liúntas a d’íoctaí le gach múinteoir atá ag teagasc i scoileanna Gaeltachta nó scoileanna lán-Ghaeilge, chuirfí seachtain bhreise tumoideachais ar fáil d’ábhair oidí sa Ghaeltacht agus chuirfí 20% breise ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun tuilleadh áiseanna a chur ar fáil.

Chuirfeadh Sinn Féin €12.4 milliún breise ar fáil do TG4, €14.3 milliún breise a thabharfaí d’Údarás na Gaeltachta agus €5 milliún breise a bheadh ag Foras na Gaeilge.

Maoiniú caipitil €10 milliún a bheadh i gceist d’Údarás na Gaeltachta.

Deir Sinn Féin go bhfuil airgead breise ag teastáil ó Fhoras na Gaeilge “go práinneach”.

Chuirfí an t-airgead sin ar fáil le maoiniú breise a chur ar fáil do na ceanneagraíochtaí, don phleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht, don fhoilsitheoireacht agus don iriseoireacht.

 Is ar mhaithe le léiriúcháin i nGaeilge agus cláracha ar Cúla4 a chuirfí an maoiniú breise ar fáil do TG4.

€1.4 milliún a deirtear a chosnódh sé leabhar Gaeilge a chur ar fáil do pháistí agus déagóirí an stáit agus €800,000 atá luaite le ranganna Gaeilge saor in aisce a chur ar fáil do dhaoine fásta.

€2.1 milliún a chosnódh sé Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais sa Ghaeltacht, scéim faoina n-íoctaí deontas le teaghlaigh a mbíodh Gaeilge ag na páistí scoile. D’íocfaí €500 in aghaidh an pháiste le teaghlaigh faoin scéim.

Chuirfí €5 milliún breise i gciste caipitil Roinn na Gaeltachta do phlean chun ionad Gaeilge a bhunú i ngach contae sa tír.

Deir Sinn Féin go gcuirfidís “pacáiste tarrthála” €2.9 milliún ar fáil do na coláistí samhraidh Gaeltachta agus do na mná tí a chuireann lóistín ar fáil dóibh.

Tá roinnt réimsí caiteachais a bhí i mbuiséad malartach an pháirtí anuraidh fágtha ar lár i mbliana acu. Anuraidh bhí líne bhuiséid ar leith ann don phleanáil teanga agus €2.1 milliún luaite léi.

Deir Sinn Féin go bhfuil méadú don phleanáil teanga san áireamh sa €4.3 milliún d’airgead caiteachais atá luaite acu le hÚdarás na Gaeltachta, atá i bhfeighil na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Deirtear go n-íocfaí as an bpota céanna as scéimeanna a chur ar bun chun tacú le cainteoirí Gaeilge tithe a cheannach nó a fháil ar cíos sa Ghaeltacht.

€1.9 milliún a deir Sinn Féin a chuirfidís ar fáil do Chiste Infheistíochta do Naíonraí chun an luathoideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn.

“Cabhróidh aonad nua Teangeolaíoch agus Cultúir sa Phríomh-Oifig Staidrimh, ar chostas €300,000, le hanailís taighdebhunaithe rialta a chruthú a ligfidh don Rialtas polasaithe a fheabhsú go leanúnach don teanga agus don Ghaeltacht.

Mhaígh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go mbeadh buiséad malartach an pháirtí ar an mbuiséad is “uaillmhianaí riamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht” agus go n-aithneodh sé an ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Méadú mór ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta molta ag Sinn Féin ina mbuiséad malartach'

  • Concubhar

    Agus cúram an Airgeadais agus ceannas an Fheidhmeannais orthu ó thuaidh, níor bhac siad an Ghaeilge a lua, fiú, sa Chlár Rialtais a d’fhoilsíodh ó thuaidh le déanaí. Má thoghtar ó dheas iad – agus fásann an ‘MÁ’ sin gach lá – an ndéanfaidh siad dearúd ar an nGaeilge is ar an nGaeltacht chomh tapaidh céanna?

  • Gearóid

    Ba mhaith liom anailís neodrach a fheiceáil air seo, an bhfuil a leithéad indéanta? Má tá, thabharfainn mo vóta d’Shinn Féin don chéad uair riamh.