Níor tugadh sa Bhuiséad do Roinn na Gaeltachta ach 20% den méid a bhí á lorg don teanga

€4.2 milliún breise a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht do 2024 ach léiríonn cáipéisí atá faighte ag Tuairisc gur €20.435 milliún a lorgaíodh agus go raibh roinnt pleananna móra beartaithe don airgead sin

Níor tugadh sa Bhuiséad do Roinn na Gaeltachta ach 20% den méid a bhí á lorg don teanga

Ní bhfuair Roinn na Gaeltachta ach an cúigiú cuid den mhaoiniú a lorg siad don Ghaeilge in 2024, rud a fhágann go mbeidh orthu gearradh siar ar roinnt pleananna móra a bhí acu.

Léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Roinne atá faighte ag Tuairisc gur €20.435 milliún a lorgaíodh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2024.

€4.2 milliún breise, ardú 4%, a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht an bhliain seo chugainn sa bhuiséad a fógraíodh an mhí seo caite, agus ní chaithfear €700,000 de sin mura dtéitear i mbun oibre in Stormont arís.

Léiríonn na cáipéisí a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur lorg an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, Catherine Martin os cionn €20 milliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht mí Lúnasa seo caite.

I litir a scríobh sí chuig an Aire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe, dúirt Catherine Martin go dteastódh an t-airgead breise dá roinn chun cosaint a thabhairt do scéimeanna agus polasaithe a bhí á gcur i bhfeidhm cheana agus chun gealltanais eile a bhí déanta ag an Rialtas a chomhlíonadh.

Bhain €8 milliún den airgead breise a lorg Aire na Gaeltachta le scéimeanna tacaíochta lasmuigh den Ghaeltacht. Den €8 milliún sin bhí €1.8 milliún le caitheamh ar an bPlean Digiteach don Ghaeilge, bhí €1 milliún le caitheamh ar chur i bhfeidhm straitéis nua do na healaíona teangabhunaithe, bhí ardú €700,000 le tabhairt d’amharclann na Taibhdheirce agus bhí €1.52 milliún le cur ar leataobh do scéim nua le múinteoirí a spreagadh chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

€2.5 milliún breise a bhí á lorg do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta, €1.7 milliún breise a lorgaíodh d’Údarás na Gaeltachta agus €300,000 breise a moladh d’Fhoras na Gaeilge. Chaithfí €1.5 milliún ag cur leis an obair a bhíonn ar siúl ag na comharchumainn agus eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht agus chuirfí €1.15 milliún breise ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge.

€2.3 milliún breise a lorgaíodh don phróiseas pleanála teanga, airgead a dúradh a bhí riachtanach chun go bhféadfaí an chéad chéim eile de na pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Bhí Roinn na Gaeltachta ag súil le €2.5 milliún breise chun cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus gréasán nua a bhunú le tacú le cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge sa státchóras.

Fáilte an doichill a cuireadh sa Roinn Caiteachais Phoiblí roimh phleananna na Roinne.

An mhí i ndiaidh don Aire Martin a héileamh a dhéanamh, fuair Ard-Rúnaí na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, Katherine Licken, litir ón Roinn Caiteachais Phoiblí ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an méid a bhí á lorg sa bhuiséad:

“This letter asks that the Department critically and robustly review its budget submission to comply with the parameters agreed by Government as part of the Summer Economic Statement and also references the potential interim funding requirements of RTÉ as we have recently discussed.”

Mar thoradh ar an litir sin, mhol an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán go ndéanfaí laghdú 25% ar an méid a bhí á éileamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. B’ionann sin agus laghdú ó €20.435 milliún go dtí €15.335 milliún.

I litir a seoladh ó rannóg airgeadais na roinne go dtí na rannóga éagsúla, dúradh gurb amhlaidh go raibh sé ráite ag an Roinn Caiteachais Phoiblí “that any further engagement on Budget 2024 needs to be on the basis of a much reduced ask and in this context, to submit a revised and realistic estimate”.

Ar an 26 Meán Fómhair bhí cruinniú ag an Aire Catherine Martin leis an Aire Airgeadais faoin mBuiséad.

Dhá lá ina dhiaidh sin, scríobh rannóg airgeadais na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán chuig na rannóga éagsúla lena chur in iúl dóibh go raibh laghdú 15% á lorg ag an Roinn Caiteachais Phoiblí.

An tAire Catherine Martin. Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

An lá dár gcionn, an 29 Meán Fómhair seo caite, chuir Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, nóta ar fáil don rannóg airgeadais ag míniú conas a d’fhéadfaí an t-éileamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a laghdú €2.2 milliún eile, nó timpeall 15%.

Dá nglacfaí leis an moladh sin, €13.135 breise a bheadh i gciste na Gaeilge agus na Gaeltachta do 2024.

Ach nuair a tháinig Lá an Bhuiséid ar an 10 Deireadh Fómhair, bhí an scéal i bhfad níos measa ná sin agus gan ach €4.2 milliún breise ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Agus briseadh síos ar chuid den mhaoiniú breise á thabhairt ag Roinn na Gaeltachta ag an am, dúradh go raibh €1.1 milliún den €4 milliún breise á chur ar fáil do bhuiséad riaracháin Údarás na Gaeltachta ach go mbeidh buiséad caipitil na heagraíochta á choimeád mar atá don bhliain seo chugainn.

Chuirfí €500,000 den €4 milliún breise ar fáil do scéim de chuid na Roinne a chuireann sparánachtaí ar fáil do dhaoine óga ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste chun freastal ar choláistí samhraidh Gaeltachta.

Chaithfí €500,000 eile ar “feidhmiú iomlán rathúil” na reachtaíochta teanga agus luaitear chomh maith infheistíocht bhreise i seirbhísí óige sna Limistéir Ghaeltachta agus maoiniú breise do na healaíona ‘teangabhunaithe’.

€1 milliún atá á lua leis an scéim nua atá beartaithe chun feabhas a chur ar scileanna Gaeilge múinteoirí.

Nuair a fógraíodh an Buiséad, dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin gur “buiséad crua” a bhí ann, ach shéan sí go láidir nach raibh dóthain maoinithe á chur ar fáil ag an Rialtas chun dul i ngleic leis an titim atá tagtha ar líon an gcainteoirí laethúla Gaeilge le blianta beaga anuas.

Fág freagra ar 'Níor tugadh sa Bhuiséad do Roinn na Gaeltachta ach 20% den méid a bhí á lorg don teanga'