Maoiniú €800,000 le bronnadh ar Na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lao

Tá maoiniú le bronnadh ar Ghlór na nGael chun tacú le hiarrachtaí Laochra Loch Lao i mBéal Feirste agus ar Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath le hoifigigh forbartha lánaimseartha a fhostú

Maoiniú €800,000 le bronnadh ar Na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lao

Tá maoiniú €800,000 fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta chun tacú le dhá chumann lán-Ghaeilge an teanga a chur chun cinn.

Tá an t-airgead le bronnadh ar Ghlór na nGael chun tacú le hiarrachtaí Laochra Loch Lao i mBéal Feirste agus le Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath le hoifigigh forbartha lánaimseartha a fhostú.

Beidh na hoifigigh ag tacú le himreoirí, lena dteaghlaigh agus le baill eile na gcumann cur lena gcuid Gaeilge trí ranganna a eagrú, clár óige a reáchtáil, imeachtaí eile a eagrú agus oibriú le scoileanna áitiúla agus a reáchtáil.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne i mBéal Feirste inniu chun an deontas ceithre bliana a fhógairt.

Cóilín Ó Cearbháill, Cathaoirleach na nGael Óga; Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí, Glór na nGael; An tAire Stáit Thomas Byrne TD; agus  Ciarán Mac Giolla Bhéin, Cathaoirleach CLG Laochra Loch Lao ag Spórtlann na hÉireann i mBéal Feirste 

Deontas trí bliana €150,000 a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil do Na Gaeil Óga ó 2021. Bunaíodh an cumann, atá lonnaithe i Leamhcán, in 2010.

Tá Laochra Loch Lao, atá lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste, ag freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta le cuid mhaith blianta ach in 2017 a bunaíodh an cumann go hoifigiúil.

“Tá lúcháir orainn go mbeidh tacaíocht ar fáil do Laochra Loch Lao fríd an scéim úr mhaoinithe seo, an chéad scéim den chineál seo i gCúige Uladh,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, cathaoirleach an chumainn.

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go raibh an-áthas air an maoiniú a fhógairt chun deis a thabhairt don dá chlub “cheannródaíocha” tógáil ar an obair atá déanta acu chun deiseanna an Ghaeilge a úsáid go taitneamhach a chur ar fáil lasmuigh den Ghaeltacht.

“Tabharfaidh an maoiniú seo deis do na clubanna seo cur leis an obair sin agus tacú lena mbaill reatha agus leis an gcéad ghlúin eile d’imreoirí óga agus de chóitseálaithe a gcuid féin a dhéanamh den teanga agus iad ag imirt na gcluichí is ansa leo.”

An tAire Stáit Thomas Byrne TD le himreoirí óga ó CLG Laochra Loch Lao agus Na Gaeil Óga

Fág freagra ar 'Maoiniú €800,000 le bronnadh ar Na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lao'