Tugann gach toghchán Eorpach deis do vótálaithe ionadaithe a roghnú ar dhóigh nach léir de ghnáth tionchar a rogha ar a saol féin ná ar shaol na tíre.
Tá idir ábhar dóchais agus ábhar imní mar sin d’iarrthóirí i dtoghcháin pharlaimint na hEorpa i dtorthaí thoghchán 2019. Ní raibh ach mionchosúlacht idir na roghanna Eorpacha a rinneadh sa toghchán agus na roghanna a rinneadh san olltogchán in 2020.
Toghadh cúigear feisirí Eorpacha ó Fhine Gael sa toghchán Eorpach deireanach – gaisce a d’fhág an páirtí chun cinn ar gach páirtí eile. Toghadh beirt araon ó Fhianna Fáil agus ón gComhaontas Glas, feisire amháin ó Shinn Féin agus triúr feisirí neamhspleácha.
Bliain ina dhiaidh sin, bhí leagan amach an-difriúil ar roinnt na vótaí san olltoghchán. Fágadh Fine Gael mar shampla chun deiridh ar Shinn Féin agus ar Fhianna Fáil ó thaobh vótaí agus suíocháin Dála.
Ní foláir mar sin toradh na dtoghchán Eorpacha agus áitiúil a chíoradh go cúramach mar fhianaise faoi thoradh an olltoghcháin atá ag teannadh linn. Maidir leis na toghcháin áitiúla, is tábhachtaí aithne ar iarrthóirí ná i dtoghchán ar bith eile.
Sin ráite, bí cinnte go gcuirfidh na páirtithe agus go leor de léitheoirí Tuairisc.ie spéis nach beag sa bhfianaise a chuirfidh an dá thoghchán ar fáil faoi na ceisteanna seo a leanas:
- An léireoidh na torthaí toil shuntasach i measc vótálaithe Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais vótaí a aistriú go dtí iarrthóirí a gcéilí rialtais?
Ní bheidh páirtithe an chomhrialtais ábalta dul i mbun rialtais arís mura mbeidh a lucht leanúna toilteanach tacú lena chéile lena n-aistriúcháin. Tabharfaidh na toghcháin Eorpacha agus an toghchán áitiúil deis dóibh a thaispeáint gur mian leo cabhrú lena chéile, nó a mhalairt.
- An gcuideoidh an teannas i measc iarrthóirí Fhianna Fáil i dtoghcheantar Eorpach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt suíochán a ghnóthachtáil, nó péire fiú amháin?
Níl an t-eascairdeas á cheilt idir Barry Cowen (príomh-iarrthóir a pháirtí, dar leis féin), Lisa Chambers agus Niall Blaney. Má bhíonn dea-thoradh ar an dian-iomaíocht eatarthu, beidh seans ag an bpáirtí teacht i dtír ar mhéadú na suíochán sa toghcheantar (ó cheithre cinn go cúig cinn). Is léir áfach an fhéidearthacht go mbainfidh iarrthóirí eile tairbhe as an easaontas i bhFianna Fáil.
- An mbeidh vóta Shinn Féin san dá thoghchán sách láidir chun ábhar dóchais a thabhairt don pháirtí go mbeidh siad ábalta dul i mbun comhrialtais tar éis an olltoghcháin?
In 2019 chaill Sinn Féin dhá shuíochán Eorpach (as trí cinn a bhí acu go dtí sin) agus a leath, beagnach, d’ionadaithe an pháirtí sna húdaráis áitiúla. Deiseoidh torthaí na bliana seo cuid mhór den dochar, ach tá níos nó ná deisiúchán de dhíth.
- An féidir leis na Glasaigh an t-éacht a rinneadar in 2019 sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha a chosaint, nó a fheabhsú in 2020?
In 2019 toghadh beirt ón gComhaontas Glas mar fheisirí Eorpach agus toghadh níos mó ionadaithe Glasa (49) ná riamh sna húdaráis áitiúla. Tá scéal na haeráide i mbéal an phobail i gcónaí ach tá na feisirí Eorpacha Ciarán Cuffe agus Grace O’Sullivan, go háirithe faoi bhrú i mbliana.
- Cé a bheas chun cinn tar éis an chomhairimh ó thaobh ionadaíochta sna húdaráis áitiúla de?
D’fhág toghcháin áitiúla 2019 Fianna Fáil chun cinn (279 suíochán), chun tosaigh ar Fhine Gael (255) agus ar Shinn Féin (89). Dá n-éireodh le Sinn Féin dul chun cinn ar an dá phríomhpháirtí eile, bheadh gaisce agus tuar dóchais nach beag le ceiliúradh ag Mary Lou McDonald.
- An léireoidh na torthaí go rachaidh ré Simon Harris mar Thaoiseach chun tairbhe don pháirtí i dtoghcháin?
Ó chuaigh Simon Harris i mbun oibre in oifig an Taoisigh an mhí seo caite, tá laghdú ar an mbearna idir tacaíocht a pháirtí agus tacaíocht Shinn Féin á léiriú sna pobalbhreitheanna. Ach ní beag an dúshlán é ionadaíocht dá réir a bhaint amach i dtoghcháin.
- An atoghfar na feisirí Eorpacha Clare Daly agus Mick Wallace ainneoin a ndrogaill tacú le feachtas cosanta na hÚcráine in aghaidh na Rúise?
Ní beag líon na n-easaontóirí a mholann modhanna síochánta chun cur i gcoinne ionradh na Rúise, ach tá an bheirt faoi bhrú agus iad ag iarraidh a suíocháin Eorpacha a choimeád.
- An dtabharfaidh na torthaí tuar dóchais éigin d’Fhianna Fáil, ainneoin gach pobalbhreith a thugann le fios go bhfuil Sinn Féin agus Fine Gael i bhfad chun tosaigh orthu?
Ba chóir go mbeadh an páirtí ábalta suíochán Eorpach breise a bhaint amach i dtoghcheantar an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt, go háirithe agus suíochán breise (chúig cinn in ionad ceithre cinn) le baint an babhta seo. Thairis sin, tá imní ar an lucht ceannais, nach méadú ar ionadaíocht áitiúil an pháirtí a fheicfear ach laghdú. Tá imní dá leithéid ar Fhine Gael freisin.
- An aistreoidh vótálaithe ar son iarrthóirí neamhspleácha nó mionpháirtithe ar scála a thoghfaidh feisire nua Eorpach?
Is líonmhaire ná riamh iarrthóirí dá leithéid sa toghchán Eorpach. Níl seans dá laghad ann go dtoghfar a bhformhór. Beidh cuid eile áfach ag súil go gcoinneoidh aistriúcháin sa rás iad go dtí an comhaireamh deireanach. Ina measc Niall Boylan (Éire Neamhspleách) agus Aodhán Ó Ríordáin (Lucht Oibre) i mBaile Átha Cliath, an Teachta Dála neamhspleách Michael McNamara sa deisceart, agus Ciarán Mullooly (Éire Neamhspleách) agus an Teachta Dála Peadar Tóibín (Aontú) i dtoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt.
- An gcuirfidh an scríbhneoir seo agus go leor iománaithe eile ar an gclaí róbhéim ar thábhacht na dtoghchán seo mar fhianaise faoi thoradh an olltoghcháin, agus beag is fiú á dhéanamh de gach difríocht olltoghchán idir toghchán Eorpach nó áitiúil.
Cuirfidh, gan dabht ar bith, arís.
Fág freagra ar 'Deich gceist chinniúnach a fhreagrófar sna toghcháin '