Cad a dhéanfadh Sinn Féin dá mbeadh sparán na Gaeilge acu?
Chuir Sinn Féin a mbuiséad malartach amach an tseachtain seo. Seo míniú ar a bhfuil ann ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta
Chuir Sinn Féin a mbuiséad malartach amach an tseachtain seo. Seo míniú ar a bhfuil ann ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta
Concubhar
Is minic go ndeineann páirtí i bhfreasúra geallúintí breatha – ach an féidir leat iad a chur sa bhanc? Ó thuaidh, mar atá Sinn Féin ar an bpáirtí is mó san fheidhmeannas roinnte cumhachta, ní raibh oiread is tagairt don Ghaeilge sa Chlár Rialtais a d’fhoilsigh an fheidhmeannas le déanaí. B’fhéidir gur cuid é sin de SF ag déanamh aithrise ar chur chuige Leo ‘Inner Shinner’ Varadkar a mhol gur cheart níos lú béime a bheith ar an nGaeilge chun aondachtaithe a mhealladh le tacú le h-athaontú na tíre? Nó an straitéis cliste eile atá ar aigne acu? Má theastaíonn uait a fháil amach cad a dhéanfadh SF dá dtoghfaí ó dheas iad, féach ó thuaidh agus seans go bhfaighidh tú leid….