Déarfaidh mé le mo mham gur cailín cróga í oiread uaireanta agus is gá

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: bhain timpiste do mháthair ár gcolúnaí, ach bíonn sé deacair a fháil amach ó othar Alzheimer cé chomh dáiríre is atá an phian 

Déarfaidh mé le mo mham gur cailín cróga í oiread uaireanta agus is gá

‘Gabh i leith, caithfidh mé labhairt leat soicind,’ a dúirt duine de na cúramóirí tráthnóna inné a luaithe is a tháinig mé amach as an ardaitheoir ar an tríú hurlár, an t-urlár san ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu ina bhfuil cónaí ar mo mháthair.

Ní dea-thuar a bhí san fhéachaint i súile an chúramóra.

Bhí mo mháthair tar éis titim thart ar cheathrú uaire an chloig roimhe sin, agus bhí rud éigin cearr lena gualainn dheas.

Cuireann mo mháthair na mílte di ag siúl ó cheann ceann an tríú hurlár gach lá. Uaireanta cuimhníonn sí ar a siúladán, uaireanta ní chuimhníonn, agus cé go ndéanann na cúramóirí póilíneacht áirithe ar úsáid an tsiúladáin, tá ganntanas foirne ag cur as don ionad agus is measa an scéal sin faoi láthair toisc go bhfuil go leor de na fostaithe ar saoire.

Bhí mo mháthair curtha ina suí acu sa seomra caidrimh. Bhí a gualainn dheas ata, ní raibh sí in ann a lámh dheas a úsáid, agus ba léir óna dreach go raibh an eachtra tar éis geit mhór a bhaint aisti – ach ní raibh geoin ná cnead aisti.

‘Cailín cróga thú,’ a dúirt mé agus muid ag fanacht ar an dochtúir, a bhí ar an mbealach ó ionad cúraim eile a bhaineann leis an eagraíocht chéanna, agus nocht meangadh gáire tríd an dreach scanraithe ar aghaidh mo mham.

‘Cailín’ a thug mé uirthi d’aon ghnó, seachas ‘duine’ nó ‘bean’, toisc gur ‘cailín’ a thugann mo mham uirthi féin sna habairtí gearra, ciotacha atá fós ar a cumas a chur i dtoll a chéile. Nílim in ann breathnú isteach ina hintinn ar ndóigh ach uaireanta measaim go gceapann sí gur scoil de chineál éigin atá san ionad cúraim agus gur páistí í féin agus na hothair eile.

Ar an drochuair, bhí sí chomh cróga sin agus bhí a cuid cainte chomh ciotach sin nuair a tháinig an dochtúir nach raibh sé sin in ann mórán a dhéanamh ach breathnú ar an ngualainn ata agus a mholadh dúinn dul go dtí an t-ospidéal agus x-ghathú a fháil; d’fhéadfadh sé go raibh cnámh éigin briste ach ní fhéadfadh sé a bheith cinnte. Ach bhí rannóg na n-x-ghathanna dúnta don lá faoin am sin agus beidh orainn dul ar ball beag nuair a bheidh an rannóg sin oscailte arís.

Turas spéisiúil a bheidh sa turas sin, óir ní dheachaigh mo mháthair níos faide ná cúpla céad méadar ón ionad cúraim ó bhog sí isteach ann nach mór dhá bhliain ó shin, agus éiríonn sí corraithe nuair nach mbíonn sí in ann an foirgneamh a fheiceáil.

Ach beidh mise i mo shuí in aice léi ar an mbinse cúil agus déarfaidh mé léi gur cailín cróga í oiread uaireanta agus is gá, agus beidh mé ag déanamh iarracht gan cuimhneamh barraíocht ar thuiscint a tháinig chugam de bharr na heachtra seo ar fad. Ar ámharaí an tsaoil ní dhearna sí dochar an uair seo ach dá gualainn, ach de réir mar a rachaidh galar Alzheimer in olcas, is ea is lú an smacht a bheidh aici ar a cuid matán féin agus is ea is mó an seans go mbainfidh sí tuisle aisti féin arís.

Fág freagra ar 'Déarfaidh mé le mo mham gur cailín cróga í oiread uaireanta agus is gá'