Déanfar ‘aon fhiosrúchán is gá’ faoi leoraí inar aimsíodh 39 corp – An Taoiseach

Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun i Sasana ó aimsíodh go moch maidin inniu 39 corp i leoraí i bpáirc tionsclaíochta in Essex

Déanfar ‘aon fhiosrúchán is gá’ faoi leoraí inar aimsíodh 39 corp – An Taoiseach

Tá ráite ag an Taoiseach go ndéanfar aon “fhiosrúcháin is gá” má tharlaíonn sé go bhfaightear amach gur thaistil leoraí Essex inar aimsíodh 39 corp trí Éirinn.

Meastar gur tháinig an leoraí ar thángthas air i bpáirc tionclaíochta in Essex i dtír in Caergybi (Holyhead) an calafort sa Bhreatain Bheag a dhéanann freastal ar bháid farantóireachta go hÉirinn.

Níl aon eolas eile ar fáil go fóill faoi thuras an leoraí arb as an Bhulgáir dó.

Ní fios go fóill ach oiread cad as do na daoine a fuair bás.

Thagair an Taoiseach sa Dáil do “thuairiscí áirithe go mb’fhéidir gur tháinig an leoraí trí Éirinn ag pointe éigin”. Dá mba amhlaidh an cás, dhéanfaí gach fiosrúchán ab fhéidir.

“Is dóigh liom go bhfuil an uile dhuine sa Teach seo ag smaoineamh ar na mairbh agus ar a muintir.

“Is tragóid dhaonna uafásach atá ann agus déanfaimid gach fiosrúchán is gá má dhearbhaítear go ndeachaigh an leoraí trí Éirinn,” a dúirt Leo Varadkar.

Cuireadh tús le fiosrúchán dúnmharaithe i Sasana nuair a aimsíodh go moch maidin inniu 39 corp i leoraí i bpáirc tionsclaíochta in Essex.

Tá tiománaí an leoraí, fear 25 bliain d’aois as Tuaisceart Éireann, gafa ag na póilíní.

38 duine fásta agus déagóir amháin atá i gceist agus ón mBulgáir an leoraí.

Meastar gur Dé Sathairn seo caite, an 19 Deireadh Fómhair, a tháinig an leoraí i dtír in in Caergybi (Holyhead).

Tá an láthair in Waterglade Industrial Park in Grays in Essex dúnta ag na póilíní.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go raibh “uafás” air faoin “tragóid”.

Dúirt Richard Burnett, príomhfheidhmeannach an Road Haulage Association i Sasana gur léiriú an tubaiste seo ar an gcontúirt a bhaineann le buíonta coirpeach a bheith ag “smuigleáil daoine ar leoraithe”.

Fág freagra ar 'Déanfar ‘aon fhiosrúchán is gá’ faoi leoraí inar aimsíodh 39 corp – An Taoiseach'