Déanfaidh córas nua dáilte uaireanta teagaisc ‘éagóir’ ar pháistí i scoileanna lán-Ghaeilge

I gcás scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, is iad na meántorthaí ó scrúduithe caighdeánacha sa Bhéarla agus sa Ghaeilge a úsáidfear chun líon na n-uaireanta tacaíochta a mheas

Déanfaidh córas nua dáilte uaireanta teagaisc ‘éagóir’ ar pháistí i scoileanna lán-Ghaeilge

D’fhéadfadh go gcaillfidh daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge amach ar thacaíocht riachtanach bhreise faoi chóras nua atá á thabhairt isteach ag an Roinn Oideachais.

Deir an eagraíocht Gaeloideachas go ndéanfaidh an córas nua atá á thabhairt isteach do Mhúinteoirí Oideachais Speisialta “éagóir” ar scoileanna lán-Ghaeilge.

Údar imní go háirithe don eagraíocht an múnla a úsáidfear chun a shocrú cad iad na huaireanta tacaíochta a bheidh ar fáil don Ghaeilge agus don Bhéarla sna scoileanna lán-Ghaeilge.

Faoin gcóras nua leagtar an-bhéim ar leibhéal na litearthachta agus na huimhearthachta i scoileanna agus uaireanta tacaíochta á ndáileadh.

Deir Gaeloideachas go bhfuil an cur chuige sin i bhfad ‘róchúng’ agus go mbeidh “impleachtaí tromchúiseacha” aige do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus do dháileadh “cothrom” uaireanta teagaisc.

De réir chiorclán nua na Roinne, beidh 68.5% de na huaireanta tacaíochta a bheidh ar fáil á ndáileadh bunaithe ar litearthacht agus uimhearthacht sna scoileanna.

Ach i gcás na litrearthachta sna scoileanna lán-Ghaeilge, is iad na meánthorthaí ó scrúduithe caighdeánacha sa Bhéarla agus sa Ghaeilge a úsáidfear chun líon na n-uaireanta tacaíochta a bheidh ar fáil dóibh a mheas.

Mar sin, a deir Gaeloideachas, in áit freastal ar na riachtanais ar leith atá ag an dalta sa dá theanga, beidh a chuid riachtanas á  meas bunaithe ar an meántoradh a fhaigheann sé sa dá theanga.

Deir Gaeloideachais go gciallóidh sé sin go bhféadfadh scoileanna lán-Ghaeilge uaireanta teagaisc a chailliúint agus go gceilfí ar dhaltaí sna scoileanna sin tacaíocht atá riachtanach.

Tá soiléiriú á lorg ag Gaeloideachas ón Roinn Oideachais faoin “réasúnaíocht” a bhaineann leis an gcur chuige nua agus faoin “bunús eolaíoch” atá leis an múnla nua.

Deir siad nár chuathas i gcomhairle mar ba chuí le scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta sular eisíodh an ciorclán.

Déanfar “leithcheal” ar pháistí sa chóras lán-Ghaeilge mura dtabharfar aghaidh go “cothrom” ar riachtanais na ndaltaí sa dá theanga.

“Sna scoileanna meán-Bhéarla, níl dualgas ann torthaí na dtástálacha caighdeánaithe sa Ghaeilge a thuairisciú don Roinn, ná fiú tabhairt faoi na scrúduithe sin.

“Níl cothromaíocht ann ar an gceist seo, leis an dualgas breise a bheidh ar na scoileanna lán-Ghaeilge, agus an ganntanas tacaíochta teanga freisin.

“Beidh impleachtaí chur i bhfeidhm an chiorcláin seo soiléir láithreach do roinnt scoileanna, a bheidh ag cailliúint uaireanta, ach beidh an toradh praiticiúil níos soiléire arís do scoileanna eile amach anseo,” a dúradh i ráiteas ó Gaeloideachas.

Fág freagra ar 'Déanfaidh córas nua dáilte uaireanta teagaisc ‘éagóir’ ar pháistí i scoileanna lán-Ghaeilge'

  • Tadhg

    Tá éagóir á déanamh cheana féin ar na scoláirí céanna: i roinnt iarbhunscoileanna (lucht T1 san áireamh) tá FORMHÓR na n-uaireanta “tacaíocht foghlama” seo ón NCSE á n-úsáid chun ranganna Ardleibhéal mata nó ábhair roghnacha ar bheagán éilimh a chur ar fáil do scoláirí NACH bhfuil RIACHTANAIS SPEISIALTA AR BITH acu!

    Aon rud le rá ag Gaeloideachas nó aon duine eile faoi sin?

    Heileo an Roinn Oideachais?

    Heileo NCSE?

    … Nope. Níor cheap mé go mbeadh.

    … Mo thrua na scoláirí bochta a dteastaíonn cúnamh go géar uathu agus gan aon chúnamh ar fáil.

  • MarianUíFhl.

    Tá a fhios ag madaí na sráide an éagóir atá á dhéanamh ag roinnt Príomhoidí ar pháistí le riachtanais oideachais breise agus an mhí-úsáid ar uaireanta chun ábhair roghnacha etc. a thairiscint. Níl aon scrupall ag na daoine úd.