‘Déan dearmad ar theoiricí oideachais, bíodh muid réadúil faoi phointí bónais don Ghaeilge’

Bhí oifigigh ón Roinn Oideachais os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu chun plé a dhéanamh ar na cúrsaí nua Ardteiste atá beartaithe don Ghaeilge

‘Déan dearmad ar theoiricí oideachais, bíodh muid réadúil faoi phointí bónais don Ghaeilge’

Impíodh i seomra na Dála inniu ar oifigigh de chuid na Roinne Oideachais “dearmad a dhéanamh ar theoiricí oideachais” agus a bheith “fírinneach réadúil” faoi cheist na bpointí bónais do chúrsa nua Gaeilge Ardteiste.

Bhí oifigigh na Roinne Oideachais os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu chun plé a dhéanamh ar na cúrsaí nua Ardteiste atá beartaithe don Ghaeilge.

Tá dhá chúrsa nua Gaeilge le tabhairt isteach don Ardteist – ceann dírithe ar dhaltaí i scoileanna Béarla agus ceann níos dúshlánaí do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt oifigigh na Roinne ag an gcruinniú nach bhféadfaí aon chinneadh a dhéanamh faoi phointí bónais a bheith ar fáil as an gcúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh nó go mbeidh na sonraí go léir faoin gcur chuige ar fáil.

Chaithfí críoch a chur chomh maith ar dtús leis an bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun faoi na cúrsaí nua, na sonraíochtaí T1 agus T2 mar a thugtar orthu.

Dúirt Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta, áfach, nach raibh “mórán céille” a bheith ag plé na gcúrsaí nua ar chor ar bith gan eolas a bheith ag daoine cén cúiteamh a bheadh ar fáil as an gceann níos deacra a dhéanamh, an T1.

“Bíodh muid fireannach réadúil faoin saol atá amuigh ansin, faoin gcaoi a mbreathnaíonn tuismitheoirí agus scoláirí ar an saol nuair a thagann siad go dtí bliain roghnú na n-ábhar le haghaidh na hArdteiste.

“Tá corn le gnóthachtáil as an gcluiche seo agus sin corn na bpointí. Agus díríonn siad go hiomlán chuile shórt ag an bpointe sin ar chorn na bpointí – cé mhéid pointí is féidir leo a fháil ar an mbealach is éasca…Agus is faoi sin atá an plé seo dáiríre.”

Dúirt Ó Cuív go bhféadfaí “a bheith ag caint avae thuas san aer go brách na breithe” ach gurb í fírinne an scéal go roghnódh an cainteoir líofa an cúrsa a bhféadfadh sé “céad faoin gcéad” a fháil ann “gan stró, gan anró, gan aon deacracht”.

“Agus déan dearmad ar Newman agus teoiricí oideachais ag an bpointe seo, mar ag an bpointe seo a fhad is go mbeidh an CAO ann i rás na bpointí…agus an fhad go mbeidh sé níos éasca déanamh níos fearr i T2 ná i T1, agus a bheith cinnte de na marcanna, bhuel, céard a dhéanfadh duine ina chiall? Roghnóidís an ceann leis na marcanna airde ar an mbeagán oibre.

“Is faoi sin atá an plé seo. Is féidir linn a dhul timpeall ar shonraíochtaí agus go leor leor rudaí deasa. Ach is faoi sin atá sé seo. Is air sin a dhéanann daoine roghanna.”

Mhaígh Ó Cuív nach raibh “mórán maith” an plé a thosú ar chor ar bith gan aon rud a rá faoin gceist atá á cur ag chuile thuismitheoir agus chuile dhalta” – ceist na bpointí bónais.

“Go dtí go mbeidh freagra na ceiste sin [agat] ní bheidh tú in ann réamhbhreithiúnas a fháil ó aon duine…

“Ní bheidh tú in ann freagra a fháil uathu, mar níl a fhios acu céard faoi atá tú ag caint. Mar sin í an cheist.”

Dúirt oifigigh na Roinne go rabhthas i lár próiseas comhairliúcháin agus go gcaithfí tuairimí an phobail a fháil ar dtús sula bhféadfaí aon chinneadh a dhéanamh faoi phointí bónais. 

Níl ceist na bpointí bónais don chúrsa T1 luaite ar chor ar bith sa suirbhé a scaipeadh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as, ach tá diúltaithe ag an Aire Oideachais Norma Foley agus Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers aon tuairim a thabhairt faoin gceist go fóill.

Ag cruinniú an lae inniu, a bhí ar siúl i seomra na Dála, dúirt Evelyn O’Connor, Príomhoifigeach sa Roinn Oideachais, go raibh “saincheisteanna sistéamacha” ann faoi conas a spreagfaí daltaí leis an gcúrsa nua níos dúshlánaí a dhéanamh.

Dúirt sí go raibh bearta a d’fhéadfaí a thabhairt isteach “á meas ag an Roinn” agus go raibh sé tábhachtach a rá gur “dréachtcháipéisí” iad na cúrsaí nua.

Dúirt sí go gcaithfí fanacht go dtí go mbeadh na leaganacha deireanacha de na cúrsaí leagtha amach sula ndéanfaí cinneadh faoi phointí bónais nó aon bheartais eile chun daltaí a spreagadh chun an cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh.

“Caithfidh aon bhearta a d’fhéadfaí a sholáthar chun glacadh T1 a spreagadh na sonraíochtaí deiridh a chur san áireamh mar aon leis na bearta atá ann cheana féin chun tacú le rannpháirtíocht scoláirí le foghlaim na Gaeilge,” a dúirt Evelyn O’Connor, Príomhoifigeach sa Roinn Oideachais.

D’iarr Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách, agus Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, Cathaoirleach an Choiste, ar thoscaireacht na Roinne an bhféadfaí an próiseas comhairliúcháin faoi na cúrsaí nua a chur siar, mar atá á éileamh ag eagraíochtaí Gaeilge éagsúla.

Dúradh go mbeadh cruinniú amárach ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, atá i mbun an phróisis, ag a bpléifí an t-éileamh sin.

Dúirt Aindrias Moynihan, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, go raibh ceist na gcúrsaí nua “ag cur as do thuismitheoirí agus daltaí”. Ba cheart, a dúirt sé, go mbeadh rogha ag cainteoirí líofa an gnáthchúrsa Gaeilge agus cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh.

Dúirt sé gur “ábhar buartha” é nach raibh á mholadh ach rogha idir cúrsa deacair agus cúrsa éasca.

Dúirt oifigigh na Roinne Oideachais nach raibh sé i gceist go mbeadh rogha ag dalta dhá ábhar Gaeilge a dhéanamh don Ardteist.

Dúirt Pa Daly, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, go raibh imní air gurb amhlaidh go mbeadh daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta “faoi mhíbhuntáiste” sa leagan amach a bhí á mholadh.

Fág freagra ar '‘Déan dearmad ar theoiricí oideachais, bíodh muid réadúil faoi phointí bónais don Ghaeilge’'

  • Caitríona

    Taighde spéisiúil a bheadh ann do tuairisc.ie: cén caighdeán Gaeilge atá ag an dream atá ag brú na gcúrsaí nua seo chun cinn!? Ag cén leibhéal go labhraíonn siad féin an teanga? An mbeadh ar a gcumas páipéar Ardteiste Gaeilge Ardleibhéal a shuí??!!