An dearmad is mó a dhéanfadh Tír Eoghain Dé Domhnaigh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Dhún na nGall ná go gceapfaidís go mbeidh an scóip is an fhairsinge chéanna le Páirc Naomh Tiarnach, Cluain Eois, is a bhí coicís ó shin acu.
As na híomhánna agus na heachtraí go léir a d’fhan im chuimhne ón gcluiche sin idir iad agus an Cabhán i dtús na míosa, tá an báide a d’aimsigh Connor McAliskey sa 44ú nóimeat. Baineadh seilbh na caide de Jack Brady an Chabháin, fuair Seán Cavanagh greim uirthi, thug pas do McAliskey, b’eo le fear Chluain Eo ar sodar céad slat agus chuir an chaid sa líon ainneoin beirt chomhghleacaithe taca bheith ina theannta sa ghluaiseacht.
Báide iontach, báide foirne, báide a bhris an Cabhán. Ach is báide é nach bhfeicfear a mhacasamhail as seo go deireadh na bliana. Tá laethanta na scóipe agus na saontachta thart agus, ag tosnú Dé Domhnaigh i gCluain Eois, is ag cúngú a bheidh an machaire agus ag dul i dteirce a bheidh na báidí ar Thír Eoghain.
Cé go raibh buanna neafaiseacha go dtí seo acu ar Dhoire agus ar an gCabhán sa chraobh agus ar scata foirne eile san earrach, is í seo an chéad thriail cheart a bheidh i mbliana ar Thír Eoghain. Foireann iad Dún na nGall a bhfuil an bhliain tugtha acu ag imirt i Roinn 1 na sraithe, atá cruaite go maith ag cathanna in aghaidh Mhuineacháin agus Fhear Manach agus a bhfuil a gcóras cosanta féin seanbhunaithe acu.
Ní haon rún é go mbraitheann Dún na nGall nach bhfuil an t-aitheantas atá ag dul dóibh fachta acu as sé cinn de chluichí ceannais Uladh a bhaint amach. Tá seans, chomh maith, gurb é seo atá á dtiomáint le roinnt seachtainí anuas. Gaisce é seo nach bhfuil déanta ag aon bhuíon imreoirí ó aimsir chontae an Dúin sna 60í. Ach más ag súil le moladh nó aitheantas laistigh dá gcúige féin iad, beidh thiar orthu.
Ainneoin an méid a deir bainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte, agus scata eile i dTír Eoghain, goilleann sé go mór ar chontae Uí Néill go bhfuil éirithe le Dún na nGall buachtaint orthu ceithre bhabhta in imeacht na sé bliana den ré órga atá curtha díobh ó 2011 acu.
Beidh an ghoilliúint agus an bhailitheacht seo le braistint i gcluiche an Domhnaigh idir na foirne. Cé go bhfuil meas ag an dá dhream ar a chéile, ná bí ag súil le caithis ná cion eatarthu. Cluiche crua cealgánta le caid chalctha choimeádach a bheidh ann. Ní bheidh sé chomh holc le cluiche ceannais Chonnacht Dé Domhnaigh seo caite toisc go bhfuil an dá fhoireann, Tír Eoghain agus Dún na nGall, breac le himreoirí atá cumasach agus dainséarach ar an bhfrith-ionsaí. Ach ná bíodh aon dearmad ort ná go mbeidh an chosaint sa treis agus tuillfidh gach foireann acu pé scóranna a thiocfaidh ina dtreo.
De ghnáth i gcluichí mar seo, bíonn mórán ag brath ar na himreoirí a bhíonn i mbun na gciceanna saora agus ar an té a bhíonn i mbun na feadóige. Cé go mb’fhearr linn go léir ná beadh ainm David Coldrick á lua rómhinic i dtuairiscí an Luain, tá gach aon tseans ann go mbeidh a thionchar le braistint ar an imirt. Cén sórt aimsire a bheidh againn? Cén géilleadh a thabharfaidh Coldrick don té atá ag iarraidh seilbh na caide a bhaint dá chéile comhraic? Cén tuiscint atá aige ar an gciapadh a dhein Justin McMahon ar Michael Murphy anuraidh nó go deimhin ar an gciapadh a dhein Aidan O’Mahony Chiarraí dhá bhliain ó shin ar an bhfear céanna? Sin iad na ceisteanna atá ag déanamh tinnis domsa le laethanta beaga anuas.
Tá na fir mhóra, na tosaithe móra go háirithe, faoi dhianscrúdú na laethanta seo de bharr gníomh Aodáin Uí Shé an deireadh seachtaine seo caite. Chuir bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice béim i dtús na bliana seo ar an easpa cosanta a fhaigheann tosaithe móra ar nós Kieran Donaghy agus O’Shea ach an gciallaíonn san gur cheart cic saor a bhronnadh ar Mhichael Murphy agus ar Sheán Cavanagh gach aon uair a leagtar lámh orthu Dé Domhnaigh?
Nó an bhfuil na himreoirí féin, gach uile dhuine acu idir bheag is mór, chun an cluiche a imirt go fearúil, go hionraic agus go macánta seachas bheith ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar an réiteoir gach aon uair a dheintear teagmháil leo?
Tá na haon mhuinín agam sna himreoirí ón dá thaobh ar an Domhnach- go rachaidh siad chun catha leis an sprid cheart ach fós féin, ní féidir liom éalú ó cheist seo na gciceanna saora. Nuair nach mbíonn mágáine idir fhoirne, is iad na rudaí beaga a scarann iad.
Cé nach bhfuil Michael Murphy ag imirt chomh maith agus is féidir leis de bharr gortaithe agus cé go bhfuil a chuid ciceanna saora dulta iomrallach go maith air le seachtainí anuas, táim ag déanamh talamh slán de, toisc go bhfuil sé déanta cheana aige ar an lá mór, go mbeidh sé gan cháim i mbun na gciceanna saora ar an Domhnach.
Ní féidir an rud céanna a rá faoi Thír Eoghain. Ag dul siar go dtí cluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Chiarraí anuraidh, chuir Darren McCurry ciceanna saora cinniúnacha amú san 31ú, 61ú agus 65ú nóimeat. Dhein an báideoir Niall Morgan amhlaidh san 58ú agus san 71ú nóimeat. B’fhéidir go raibh dua agus guais ag baint le na haon cheann acu ach sin iad na rudaí a thagann idir bris agus bua. Níl aon ní feicthe sa tsraith ná sna cluichí craoibhe i gcoinne Dhoire agus an Chabháin faoi dhó a déarfadh liom go bhfuil an aicíd seo leigheasta ag Tír Eoghain.
Tá cúiseanna maithe go bhfuil Dún na nGall ar tí tabhairt faoina 6ú cluiche ceannais as a chéile. Nuair a bhíodh an lasair sa bharrach aon uair ó 2011 i leith agus ciceanna saora le tógaint, níor theip ar Michael Murphy, Colm McFadden ná ar Patrick McBrearty rómhinic.
B’fhéidir go bhfuil gátar i bhfad níos mó ag Tír Eoghain leis an mbua an uair seo ach ní féidir neamhaird a dhéanamh des na rudaí beaga ach an oiread.
Faoi mar a bhíodh le rá ag an iarThaoiseach Albert Reynolds, go minic- is iad na rudaí beaga a bhainfidh barrthuisle asat sa deireadh…
Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Tá laethanta na scóipe agus na saontachta thart…'