Daoine éalaithe as cathair faoi léigear Mariupol den chéad uair

Theip ar gach iarracht eile go dtí seo sibhialtaigh a thabhairt slán as an gcathair trí bhealaí éalaithe toisc gur lean fórsaí na Rúise lena n-ionsaithe agus daoine ag iarraidh teitheadh

Daoine éalaithe as cathair faoi léigear Mariupol den chéad uair

D’éirigh le conbhua thart ar 160 carr daoine a thabhairt slán as cathair faoi léigear Mariupol, a deir na húdaráis ansin inniu.

Theip ar gach iarracht eile go dtí seo sibhialtaigh a thabhairt slán as an gcathair trí bhealaí éalaithe toisc gur lean fórsaí na Rúise lena n-ionsaithe agus daoine ag iarraidh teitheadh.

Tá Mariupol réabtha buailte ag ionsaithe ar fhoirgnimh chónaithe agus infreastruchtúr na cathrach.

Theip ar gach iarracht ó thús an chogaidh cabhair dhaonnúil a chur ar fáil do mhuintir Mariupol, mar a bhfuil bia, uisce agus cógais leighis gann. Tá tábhacht le Mariupol ó thaobh straitéis na Rúise mar dá n-éireodh leo í a smachtú bheadh smacht ar an gcósta acu mar go bhféadfaidís nasc a dhéanamh idir a dtrúpaí sa Chrimé agus in oirthear cheantar an Donbas.

De réir tuairiscí cuid de na daoine ar éirigh leo teitheadh ón gcathair is cosúil go bhfuil sí in anchaoi ar fad agus gan aon bhia ná uisce glan fágtha ag daoine.

Tá muintir Mariupol, cathair chalafoirt ar an Muir Dhubh, teanntaithe inti le coicís anuas agus iad timpeallaithe ag fórsaí na Rúise agus gan aon teacht acu ar sholáthairtí riachtanacha.

Deir údaráis na hÚcráine gur maraíodh 2,500 sibhialtach in Mariupol ó thús an ionraidh 19 lá ó shin.

Theip ar na hiarrachtaí roimhe seo bia, deoch agus leigheas a chur ar fáil do mhuintir Mariupol agus bealach slán le héalú a fháil dóibh ach d’fhógair comhairle na cathrach inniu gur sheas sos cogaidh áitiúil agus gur fhág an conbhua chun triall ar Zaporizhzhia.

“Is eol dúinn, ag 1pm [11am GMT], gur éirigh le 160 carr príobháideach fágáil,” a dúradh i ráiteas ón gcomhairle a foilsíodh ar líne.

Dúradh go raibh Berdyansk, cathair in aice láimhe,  bainte amach ag an gconbhua agus é ag déanamh ar  Zaporizhzhia.

“Is féidir linn a dheimhniú chomh maith go maireann an sos comhraic atá i bhfeidhm ar an mbealach éalaithe daonnúil atá bunaithe,” a dúradh.

Fág freagra ar 'Daoine éalaithe as cathair faoi léigear Mariupol den chéad uair'