Daoine a bhí ar buile faoi ‘masla’ John Cleese don Ghaeilge ag treabhadh leo go sásta arís

ASNC: Tuairiscítear go bhfuil daoine ar a seanléim arís i ndiaidh na drochráige den chion don Ghaeilge a bhuail iad nuair a chonaic siad tvuít Cleese ag magadh faoin teanga

Daoine a bhí ar buile faoi ‘masla’ John Cleese don Ghaeilge ag treabhadh leo go sásta arís

Tá dearmad déanta cheana féin ag formhór de lucht Twitter in Éirinn ar an gconspóid a bhain le ráiteas John Cleese faoin nGaeilge a chuir oiread sin oilc orthu cúpla lá ó shin.

Tuairiscítear go bhfuil formhór na ndaoine a raibh uafás orthu faoin ‘masla’ a thug Cleese don Ghaeilge ag treabhadh leo go sona sásta arís ar maidin amhail is nach ann don teanga ar chor ar bith.

Tuigtear do Ar Son na Cúise go bhfuil cuid de na daoine seo chomh mór sin istigh leo féin arís go bhfuil an tslí go mbíonn an Ghaeilge ‘á cur siar ina scornach’ ag cur isteach chomh mór orthu is a bhí riamh.

Ní hé gach aon duine a bhfuil dearmad déanta acu ar an gconspóid, áfach.

Deir roinnt de na Gaeilgeoirí ar Twitter is mó atá i dtiúin leis an rud atá ceart i láthair na huaire, gur ceist achrannach de chuid an iarchoilíneachais anois an ceadmhach gáire a dhéanamh níos mó faoi Monty Python Fawlty Towers.

Tá an dream a bhíonn ag déanamh imní faoi na cúrsaí sin ag likeáil a chéile ó mhaidin agus meastar nach fada go mbeidh comhaontú eatarthu go bhfuil an ceart ar fad arís acu.

Tuairiscítear freisin go bhfuil dearmad déanta chomh maith ar an gconspóid ag an dream a chreideann go mbíonn an iomarca scéalta faoin nGaeilge ar na meáin Ghaeilge.

Cé go raibh an dream seo ar deargmhire faoi tvuít Cleese, tuairiscítear go bhfuil a n-aird go hiomlán arís acu inniu ar an scéala go bhfuil rún ag an Iaráin srianta maidir le saibhriú úráiniam a shárú.

I measc na ndaoine eile a bhfuil dearmad déanta cheana féin acu ar ráiteas John Cleese faoin nGaeilge tá lucht na meán Béarla a bhain an-sásamh as feillbheart Cleese i gcoinne na nGael. 

Tá lucht na meán sin chomh mór sin ar a seanléim arís gur dócha gur seans caoga-caoga a bheadh ann go mbacfaidís le cúpla líne a scríobh faoi bhás na Gaeilge dá bhfógrófaí a leithéid tráthnóna.

Fág freagra ar 'Daoine a bhí ar buile faoi ‘masla’ John Cleese don Ghaeilge ag treabhadh leo go sásta arís'