DÁN DO LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA mBAN: ‘Táimid damanta, a dheirféaracha…’

Fógraíodh an tseachtain seo gur ar Nuala Ní Dhomhnaill a bhronnfar an mórghradam liteartha an 'Duais Herbert' i mbliana. Mar cheiliúradh ar an ngaisce sin agus ar Lá Idirnáisiúnta na mBan seo ceann de na dánta is cáiliúla léi...

DÁN DO LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA mBAN: ‘Táimid damanta, a dheirféaracha…’

Táimid damanta, a dheirféaracha

Nuala Ní Dhomhnaill

Táimid damanta, a dheirféaracha, sinne a chuaigh ag snámh
ar thránna istoíche is na réalta
ag gáirí in aonacht linn, 

an mhéarnáil inár dtimpeall
is sinn ag scréachaíl le haoibhneas
is le fionnuaire na taoide,
gan gúnaí orainn ná léinte
ach sinn chomh naíonta le leanaí bliana, táimid damanta, a dheirféaracha. 

Táimid damanta, a dheirféaracha,
sinne a thug dúshlán na sagart
is na ngaolta, a d’ith as mias na cinniúna,
a fuair fios oilc is maitheasa
chun gur chuma linn anois mar gheall air.

Chaitheamair oícheanta ar bhántaibh Párthais
ag ithe úll is spíonán is róiseanna
laistiar dár gcluasa, ag rá amhrán
timpeall tinte cnámh na ngadaithe,
ag ól is ag rangás le mairnéalaigh agus robálaithe is táimid damanta, a dheirféaracha. 

Níor chuireamair cliath ar stoca
níor chíoramair, níor shlámamair,
níor thuigeamair de bhanlámhaibh
ach an ceann atá ins na Flaithis in airde.
B’fhearr linn ár mbróga a chaitheamh dínn ar bharra taoide is rince aonair a dhéanamh ar an ngaineamh fliuch
is port an phíobaire ag teacht aniar chughainn
ar ghaotha fiala an Earraigh, ná bheith fanta
istigh age baile ag déanamh tae láidir d’fhearaibh,
is táimid damanta, a dheirféaracha. 

Beidh ár súile ag na péisteanna
is ár mbéala ag na portáin,
is tabharfar fós ár n-aenna
le n-ithe do mhadraí na mbailte fearann. Stracfar an ghruaig dár gceannaibh 

is bainfear an fheoil dár gcnámha
geofar síolta úll is craiceann spíonán
i measc rianta ár gcuid urlacan
nuair a bheimid damanta, a dheirféaracha.

Fág freagra ar 'DÁN DO LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA mBAN: ‘Táimid damanta, a dheirféaracha…’'