Mar gheall ar an mbuiséad agus ciorruithe leasa shóisialaigh, arsa tusa? Ag magadh atá tú. Bhain an ruaille buaille le bratach na hÉireann a bheith crochta ar an díon ar feadh deich nóiméad. Níor cheart é a bheith ann, ar ndóigh. Ní raibh sé dleathach agus ní mór do lucht bainistíochta an fhoirgnimh an córas slándála a scrúdú agus féachaint chuige nach ndéanfar a leithéid arís. Ach shílfeá gur leor sin mar fhreagra.
Cleas chun saighdeadh faoi aontachtaithe ab ea é, gan dabht. Is maith mar a d’éirigh leis. Mhaígh Jim Allister, ceannaire an TUV, go bhféadfadh sé briseadh síochána a tharraingt. Níor léir arb iad na Teachtaí nó na daoine a bhíonn ag siúl sa pháirc phoiblí a shíl sé a ghabhfadh i mbun círéibe! Bhí an DUP agus an UUP ag cnáimhseáil freisin. D’éiligh siad aitheantas do Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe, ómós do bhratach na Ríochta agus nach gcrochfaí bratacha ‘ón gcoigríoch’.
Táthar ag déanamh talamh slán de go mbeidh deireadh leis an achrann seo taobh istigh de chupla lá ach cuireadh suntas ann mar chomhartha sóirt ar mhífheidhmiúlacht Stormont. Tráth a bhfuil sé ag clis ar na páirtithe aon réiteach a dhéanamh faoin mbuiséad, tá fuinneamh á chaitheamh ar ámhailleacht in ionad díriú ar leas an phobail.
Tá na páirtithe ar fad ach an dá phríomhpháirtí go háirithe, an DUP agus Sinn Féin, ag tabhairt foláirimh go seasta faoin ngéarchéim a bheidh ann mura ndéantar rud orthu féin. Tá an port céanna ag Theresa Villiers, Statrúnaí na Breataine. Is í an fhadhb nach í an íocshláinte chéanna atá acu. Teastaíonn ón DUP go nglacfadh rialtas na Breataine freagarthacht as an gcóras Leasa Shóisialaigh ar ais ó Stormont – beart atá ‘do-ghlactha’ ag Sinn Féin cé nach bhful an páirtí ag caint ar Stormont a fhágáil. Teastaíonn a thuilleadh airgid (as áit éigin) ó Shinn Féin. Níl aon chaint ar chomhghéilleadh agus tá an Státrúnaí Villiers níos soiscéalaí faoi chiorruithe na dTóraithe anois ná mar a bhí sí roimh an toghchán.
Seans gur geáitsíocht atá ar siúl acu go léir agus go n-aimseofar seift chun coinneáil ag imeacht. Is minic a leagadh síos sprioclá cheana agus gur sáraíodh é. Tá Arlene Foster ón DUP meáite, a deir sí, go gcaithfear buiséad a rith roimh dheireadh na míosa seo. Is cosúil go bhfuil Sinn Féin ag iarraidh gach rud a chur ar an méar fhada go dtí go neosfaidh an Seansailéir Osborne i mí Iúil cé na ciorruithe breise atá á ndéanamh aige. B’fhéidir go ndéanfar réiteach logánta ansin.
Luath nó mall caithfear rogha a dhéanamh – an socrú a rinneadh i dTeach Stormont faoi Nollaig seo caite le beagan athruithe a chur i bhfeidhm nó, de cheal réitigh, buiséad a chur i bhfeidhm a chaithfeadh an ceathrú cuid de riar na ranna a chiorrú/ nó cáin ar uisce &rl a ghearradh. Scor Stormont an rogha eile.
Dá olcas é an Feidhmeannas díláraithe agus ainneoin drochmheas an phobail air nó a neamhshuim ann, ní rogha thaitneamhach ná tairbheach é an scor. I bhfianaise thorthaí an Olltoghcháin an mhí seo caite, ní bheadh ciall ar bith le toghchán Tionóil chun an tsáinn a fhuascailt. Is cosúil gurb iad na páirtithe céanna a bheadh chun tosaigh arís.
Riail dhíreach as Londain – i gcomhar le Baile Átha Cliath – a bheadh i gceist mar sin. Riail dhíreach faoi stiúir rialtais/rialtas ar beag suim a léirigh siad i dTuaisceart Éireann go dtí seo agus a mbeadh i bhfad níos mó aird acu ar a gcúrsaí inmheánacha féin. Níl oiread agus feisire amháin de chuid na dTóraithe i dtuilleamaí vótóirí Thuaisceart Éireann agus ní bheadh drogall ar bith orthu dianchiorruithe a chur i bhfeidhm abhus.
Drochsheans go ndéanfadh scor Stormont aon ghar do Shinn Féin i measc vótóirí sa Phoblacht – b’fhéidir gurb shin cúis a dtig linn a mheas nach dtarlóidh sé. Ní cheaptar go mbeadh easaontóirí poblachtacha in ann leas a bhaint as an bhfolús chun treisiú go forleathan ar a bhfeachtas foréigin ach is cinnte go mbainfí leas as teip chun a mhaíomh nach bhfuil feidhm le socrú inmheánach i Stormont ná le roinnt na cumhachta.
Ar praghas ródhaor é sin ar pháirtithe a bheith ag tochras ar a gceirtlín féin in ionad tabhairt faoi roinnt na cumhachta, i ndáiríre?
Seán Mag Leannáin
“Tráth a bhfuil sé ag clis ar na páirtithe aon réiteach a dhéanamh faoin mbuiséad, tá fuinneamh á chaitheamh ar ámhailleacht in ionad díriú ar leas an phobail” – plus ça change?
Breathnóir
Dóitear bratach na hÉireann ar bhonn rialta sna 6 chontae agus ní dhéantar rud ar bith faoi sin. Sna seascaidí bhain na póilíní bratach na hÉireann d’oifig pholaiteora ar Bhóthar na bhFál ar ordú an Urramaigh Paisley. Tá pas Éireannach agus dá bharr sin saoránacht Éireannach ag go leor leor daoine ó thuaidh. Ar na cúiseanna sin bhí mé féin sásta bratach na hÉireann a fheiceáil ar foluain os cionn Stormont, más ar feadh deich mbomaite féin a bhí sé.
I bpobalbhreith sa Belfast Telegraph bhí móramh beag ar son bratach na hÉireann agus bratach RA a bheith in airde. B’fhearr liom féin bratach na hÉireann agus bratach an AE a fheiceáil ansin agus tá súil agam go dtarlóidh sin lá éigin, go síochánta, ar ndóigh.
Colmán
Dá mbeadh an ceart ag an tionól an cáin a íoctar sa tuaisceart a choinneáil agus buiséad a phleanáil dá réir ní bheadh an fhadhb seo againn. Íoctar neart cánach ar na hearraí a cheannaítear sna siopaí móra Sasannacha a chuirtear cois teorainn d’fhonn Euros mhuintir an deiscirt a fháil. Dá mbeadh an t-airgead sin ag gabháil chuig an fheidhmeannas seachas chuig Westminster bheadh geilleagar againn.