Dá olcas iad uaireanta tugann na meáin shóisialta cead cainte do chách

Tá fadhbanna leis na meáin shóisialta ach ceadaíonn siad neamhspleáchas agus éagsúlacht chomh maith

Dá olcas iad uaireanta tugann na meáin shóisialta cead cainte do chách

Tá níos mó cainte ná riamh faoin ngá atá leis go gcuirfí smacht ar na meáin shóisialta ó foilsíodh bagairt foréigin ar Instagram i gcoinne an Taoisigh, Simon Harris, a bhean is a chlann.

Níl aon amhras ach gur scannalach an rud é a leithéid de bhagairt a dhéanamh, agus, mar bharr ar an scannal, fágadh an post in airde ar feadh dhá lá sular baineadh den chóras é.

Bíonn gearáin ann freisin gur féidir le leithéidí Elon Musk, ar leis Twitter, a smacht ar an ardán a úsáid ar mhaithe le tuairimí dá chuid féin a chur chun cinn is tuairimí nach iad a choinneáil as radharc.

Ach, i ndáiríre, cén difear atá idir an cur chuige sin agus cur chuige na bpríomh-mheán mór (nó na seanmheáin mar a deir a lán)?  Nach iad bainistíocht is lucht eagarthóireachta an Irish Times nó an Irish Independent a chinntíonn cé na litreacha a fhoilsítear, agus cén claonadh a bhíonn sna scéalta is sna haltanna tuairimíochta a fhoilsíonn siad?

Cinnte, tugann na meáin shóisialta deis do dhaoine gránna rudaí gránna a rá, ach tugann siad deis freisin do dhaoine a gcuid tuairimí a phlé go hoscailte gan cead a fháil ó dhuine ar bith. Tugann siad deis tuairimí is argóintí a léamh nach mbíonn ar fáil ar na meáin mhóra.

Ní féidir a rá nach mbaintear leas as na meáin nua seo d’aon rud seachas rudaí gránna.  Tá neamhspleáchas ag baint leo.  Baineann cuid den neamhspleáchas sin le tuairimí a bheith ar fáil ó dhaoine ar an eite dheis, daoine ar an eite chlé agus ó go leor eile. Cuid mhaith de na tuairimí sin ní thaithníonn siad liomsa mar tacaíonn siad leis an Atlantachas, le NATO, le srian a chur leis an neodracht agus le máistreacht an iarthair ar an domhan ar fad a chosaint.

Ach sin éagsúlacht tuairimí.  Agus nach í bunchloch an daonlathais éagsúlacht den chineál sin?

Ní hin le rá nach bhfuil gá le rialacha a leagan síos, agus le deis a bheith ag daoine a ndea-chlú a chosaint.

Mar shampla, má fhoilsíonn nuachtán rud bréagach a bhaineann de dhea-chlú duine, is féidir cás leabhail a dhéanamh le cúiteamh a fháil.  Ba chóir go mbeadh próiseas soiléir éasca ann freisin i gcás na meán sóisialta.

Ach feictear domsa go bhfuil nós ann anois an milleán a chur ar na meáin shóisialta mar gheall ar gach olc. Anois táthar ag cur i leith na Rúiseach go bhfuil siad ag baint úsáid as na meáin shóisialta leis an gciníochas agus na círéibeacha atá ar siúl in Éirinn agus i Sasana a spreagadh.

Is cosúil gur féidir an milleán a chur ar an Rúis faoi olc ar bith, gan aon fhianaise, ach ‘saineolaí’ éigin a chur amach ag stealladh bolscaireachta.

Ach b’fhéidir go bhfuil fáthanna eile leis an bhfuath, leis na hagóidí is leis na círéibeacha.  I gcead do na meáin mhóra bíonn plé acu freisin faoi na fáthanna eile: an bochtanas is easpa seirbhísí sna ceantair lucht oibre, is eile.

Níos tábhachtaí ámh, má ghlacann muid leis an míniú simplí go bhfuil gníomhaire ón gcoigríoch freagrach, níl aon ghá an scéal a iniúchadh. Agus mura ndéanann muid an t-iniúchadh sin ní thuigfidh muid an scéal is ní bheidh muid in ann teacht ar an réiteach.

Tá fadhbanna ag baint leis na meáin shóisialta, ach caithfidh muid a bheith cúramach nach gceadaítear an chinsireacht chéanna ar na meáin shóisialta is atá sna meáin mhóra.

Mar tá saoirse ag baint leo nach bhfuil ag na meáin eile.

Bíodh rialacha ann i gcoinne foréigean a mholadh, fuath a scaipeadh, nó rudaí den saghas sin.  Ach bímis cinnte go bhfuil muid soiléir faoi, mar shampla, céard is fuath ann.

An fuathchaint a bheadh ann, abair, dá ndéarfainnse go bhfuil an ceart ar fad ag an Rúis san Úcráin, nó an é nach mbeadh ann ach tuairim neamhchoitianta?  An bhfuil cead agam mo chuid argóintí a chur os comhair an phobail, nó ar cheart iad a chur faoi chois mar a chuirtear san Úcráin féin, mar shampla, áit gur coir í cur i gcoinne an chogaidh.

Tá an ceart ar fad ag Simon Harris mar sin nuair a cheistíonn sé cén fáth gur fhág Instagram an phostáil bhagrach in airde chomh fada sin.  Tá an ceart ag an rialtas nuair a deir siad go bhfuil cód soiléir nua riachtanach le go mbeadh cosaint ag daoine ó phostálacha den chineál sin.

Fág freagra ar 'Dá olcas iad uaireanta tugann na meáin shóisialta cead cainte do chách'

  • Tony

    Tá codarsnacht mhór idir do “thuairim” agus laochra na Rúise ar nós Oleg Orlov a chuaigh go dtí an príosún mar gheall ar thuairimí a bhí contrártha le tuairimí réimeas Putin. Bhain a chás cúirte le píosa tuairime a scríobh sé do mheáin na Fraince inar luaigh sé an Rúis mar stát faisisteach. “Tá an tír a d’fhág totalitarianism cumannach taobh thiar de 30 bliain ó shin ag titim ar ais i totalitarianism, ach an uair seo tír faisisteach,” a scríobh sé. Cháin sé cogadh na Rúise san Úcráin go géar freisin agus d’iarr sé ar an Eoraip tacaíocht iomlán a thabhairt don Úcráin, ag rá go raibh sé ag iarraidh bua na hÚcráine a fheiceáil, mar go mbeadh bua na Rúise ina chontúirt don Eoraip ar fad.
    Sa chúirt, ba é an “focal deiridh” a bhí aige roimh an bpianbhreith a bheith ina dhíotáil uafásach ar chóras Putin agus ar an gcúirt féin.
    “Nílim iomlán cinnte an mbeidh cruthaitheoirí agus forghníomhaithe dhlíthe frithdhlíthiúla, frith-bhunreachtúla na Rúise cuntasach. Ach beidh siad a phionósú dosheachanta. Beidh náire ar a bpáistí nó garchlann labhairt faoin áit ar oibrigh a n-aithreacha, a máithreacha, a seanaithreacha agus a seanmháthair agus cad a rinne siad,” a dúirt sé leis an gcúirt.

  • Gabriel Rosenstock

    Is ait liom go mbeadh focal molta ag Eoin do na meáin shóisialta. I ndeireadh na dála, seasann na meáin shóisialta don CHUMHACHT. Seasann an-chuid gnéithe den nua-theicneolaíocht don CHUMHACHT. Lucht CUMHACHTA atá laistiar díobh chun a gCUMHACHT a chosaint agus CUMHACHT a gcomhghleacaithe agus a gcomhghalfadóirí.
    Chuireas leabhar le chéile (b’éigean dom leas a bhaint as an teicneolaíocht chuige, admhaím) chun ceist a chur os comhair an aosa óig, ‘Dróin. An maith iad?’ I gcásanna áirithe is maith, ar ndóigh, ach ba chóir go mbeadh a fhios ag an aos ós faoin dochar a dhéanann siad chomh maith. Níor leagadh béim ar bith ar an dochar a bhaineann le dróin sa bhunleabhar, creid é nó ná creid, ach foilsíodh faoi cheadúnas Creative Commons é mar sin bhí lánchead agam an bhunscríbhinn a athrú.
    https://www.leighleat.com/pages/620
    Éinne a bhfuil an leabhar ‘Domhan Úrnua’ léite aige, beidh a fhios aige go dtacaím le tuairimí Wolfi Landstreicher i gcás an-chuid ceisteanna. Cad a deir Wolfi faoi na meáin nua? Tá go leor le rá faoi na meáin ag Wolfi (na meáin shóisialta agus na meáin i gcoitine, nuachtáin, raidió, teilifís etc). Meabhraíonn Wolfi dúinn nach mbainean na meáin leis an bhfíorshaol in aon chor: díríonn na meáin ar phearsantachtaí éagsúla, ar cheiliúráin. etc. Cabhraíonn na ceiliúráin sin le daoine chun saol níos sona a chaitheamh (!), chun ról a chruthú dóibh féin. Cruthaíonn na meáin íomhánna d’imeachtaí éagsúla nach bhfuil aon bhaint acu dáiríre le saol an duine. D’fhéadfá a rá gur síscéalta do dhaoine fásta iad! Ach mise agus tusa – agus Eoin Ó Murchú – is neacha iltoiseacha sinn, neacha casta. Cén fáth a mbeadh baint ar bith againn le meaisíní a dhéanann neacha éadroma aontoiseacha dínn?
    Tá breis is scór bliain ó shin ó bhreac Wolfi a chuid tuairimí síos faoin ábhar seo. Is in olcas a chuaigh cúrsaí ó shin. Meabhraíonn sé dúinn go mbaineann na meáin shóisialta le struchtúr na cumhachta, mar a fhaightear é sa stát, sa chaipiteal, sa reiligiún, sa dlí agus mar sin de.

  • Dónal deRóiste

    Is ionann cinsireacht agus bagairt. Tá stát a úsaideann cinsireacht claonta do bréaga a insint. Is smaoineamh Fascistach an chinsireacht. Úsáid an dlí cun an fhírinne a chosaint.

  • JP

    Níl fhios agam. Níl fhios agam beo.
    Ach tá fhios agam an méid seo:
    Toradh amháin ar na ‘meáin shóisialta’ sin (seachas fuath, bagairtí, bréag-eolas etc) nach luaitear in aon chor, is ea gur saineolaí ar gach sainrud, gach macrud, gach uile dhuine a bhfuil idirlíon aige anois.
    Níl aon mhistéir fágtha.
    Seorthaí cainte a chleachtaim féin go minic anous:
    ‘Tá an ceart agat, tá an ceart ar fad agat.’
    ‘Tá bun agus barr an chirt ansin agat.’
    ‘Sin í an fhírinne ghlan agat.’
    ‘Sin í lomlár na fírinne agat.’
    ‘Nach in é díreach a bhíos féin chun a rá.’ (Is breá leo an ceann deiridh sin.)
    ‘Thógais na focail as mo bhéal.’
    ‘Níl aon bhréag sa méid sin.’
    Bíonn fhios agat t’réis meandar nó dhó go bhfuil tú i bhfochair ‘Neach Uí Ghoogle’ nó ‘Gaois an tSaoil’.
    Má bhíonn tú ‘ceart’ i gcónaí, déanann sé an saol i bhfad níos simplí & níos milse duit…. bíonn blas againn orainn féin mar ainniseoirí bochta, óir tá, bíonn agus beidh ‘iomlán an chirt’ againn, gan aon bhréag!