‘Dá ndúnfaí an doras ar mhionlach eile seachas pobal na Gaeilge bheadh sé ina raic’ 

‘Irish Event Upstairs’ – gá le níos mó aitheantais don Ghaeilge ag féilte Béarla

‘Dá ndúnfaí an doras ar mhionlach eile seachas pobal na Gaeilge bheadh sé ina raic’ 

Dúradh ag cruinniú coiste i dTeach Laighean nach gcaithfeadh lucht eagraithe féilte agus ócáidí eile le mionlaigh eile ar an gcaoi chéanna is a chaitheann siad leis an mionlach is sine in Éirinn – pobal na Gaeilge.

Bhí easpa feiceálachta agus aitheantais do scríbhneoirí agus do litríocht na Gaeilge ag féilte liteartha Béarla ar cheann de na hábhair a pléadh ag an gcruinniú de chuid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge.

Labhair an scríbhneoir agus foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin faoin dearcadh a deir sé atá ag formhór na bhféilte i leith na Gaeilge.

“Sílim uaireanta gur fearr bheith ag caint faoi ionchuimsitheacht seachas a bheith ag caint faoi chearta na Gaeilge,” ar sé. 

“Dá mbeadh féile ann agus dá mbeadh an doras dúnta ar lucht LGBTQ, mar shampla, nó ar phobail mhionlaigh eile in Éirinn, bheadh sé ina raic. 

“Ach bíonn an doras dúnta go minic ar an bpobal mionlaigh is sine ar an oileán, nach mbíodh ina mhionlach tráth den saol, ach atá anois – sin an pobal a labhraíonn agus a shaothraíonn an Ghaeilge.”

Labhair ceathrar scríbhneoirí Gaeilge agus Stiúrthóir na Féile Litríochta Gaeilge Imram, Liam Carson ag an gcruinniú.

Dúirt Liam Carson go bhfuil easpa foirne ina fadhb ollmhór aige féin mar stiúrthóir Imram, agus nach bhfuil fostaithe ag Imram ach é féin. Bíonn sé deacair dá bharr féilte Béarla a mhealladh chun ócáidí Gaeilge a reáchtáil agus ócáidí a chur ar fáil dóibh nuair atá a leithéid uathu.

“Tá naonúr fostaithe ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann, naonúr fostaithe ag Éigse Éireann, triúr fostaithe ag Ionad Litríochta an Deiscirt agus mar sin de. Níl ag Imram ach mé féin. Tá triúr nó ceathrar eile ag teastáil ar a laghad,” a dúirt sé.

Deir sé go bhfuil an maoiniú atá Imram a fháil ón gComhairle Ealaíon ag méadú  i rith an ama, ach nach bhfuil an teacht isteach atá acu ó Fhoras na Gaeilge ag méadú. 

“Tá sé ag an leibhéal céanna is a bhí sé deich mbliana ó shin, beag ná mór,” a deir Carson. “Tá sé soiléir nach bhfuil neart airgid acu, agus nach bhfuil acmhainní acu chun tabhairt do dhaoine cosúil liomsa atá ag tochailt ar an talamh.”

Dar leis an scríbhneoir Éilís Ní Dhuibhne gur chóir go leagfaí dulagas ar na féilte Béarla ócáidí Gaeilge a eagrú.

“Tá maoiniú á fháil ag na féilte seo,” ar sí. “Ba cheart go mbeadh dualgas orthu aitheantas a thabhairt do scríbhneoirí Gaeilge agus ardán a thabhairt dóibh.”

Mheas Liam Carson go mbaineann an-chuid den fhadhb le heaspa feiceálachta freisin. Eagraíonn Imram imeachtaí Gaeilge ag féilte eile, agus labhair sé faoi fhéile amháin nár ainmnigh sé.

“Bhí imeacht againn ag féile – imeacht ilmheánach le ceol agus físeáin, agus chaith Imram na mílte euro ar an imeacht seo,” ar sé. 

“Nuair a chuaigh mise chuig an fhéile seo, bhí póstaeir scaipthe ar fud na háite le haghaidh na scríbhneoirí Béarla. Don imeacht s’againne, bhí póstaer lámhscríofa ‘Irish Event Upstairs’. Sin an nós atá ag cuid mhaith de na féilte. 

“Tá féilte eile sa chathair seo agus ar fud na tíre agus ní bhíonn oiread is imeacht amháin acu i nGaeilge. Más rud é go bhfuil imeacht acu i nGaeilge, beidh an t-imeacht beagnach i bhfolach. Beidh sé ar siúl maidin Dé Domhnaigh ag a deich a chlog, agus póit ar gach duine ó oíche Shathairn.”

Tá sraith cruinnithe faoi chúrsaí foilsitheoireachta i nGaeilge á reáchtáil le tamall ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Dá ndúnfaí an doras ar mhionlach eile seachas pobal na Gaeilge bheadh sé ina raic’ '

  • Pádhraic Ó Láimhín

    Is ceart díriú go dearfach ar céard is féidir a dhéanamh chun ról na Gaeilge a chur chun cinn I ngach féile béarla sa tír.
    Ceist agam!
    An bhfuil eagras Gaeilge ar leith maonaithe ag an Stát, nó acu siúd a mhaonaíonn eagraisí Gaeilge, atá dírithe go hiomlán ar mhír/lá iomlán le Gaeilge a bheadh mar pháirt riachtanach de gach féile?
    Ba chóir, dar liom, go mbeadh ionadaí den eagras sin mar bhall de gach féile béarla sa tír.
    Tá sé de cheart ag coistí féile béarla a eagrú agus bheadh sé tábhachtach do gach coiste go mbeadh gach mír dá bhféile chun sochair dóibh.
    Má théann an ionadaí Ghaeilge I gcomhairle dearfach leis an gcoiste béarla ag léiriú gur féidir leis an ionadaí sin mír proifisiúnta taitneamhach a chur ar siúl a mheallfadh sluaite bheadh coiste na féile sin ar a son.
    Ní bheadh sé tairbheach dar liom brú a chur ar choiste glacadh le mír Gaeilge agus má dhéantar an léiriú iomlán I gceart is I dtreise a rachaidh sé that na blianta.
    Níl tairbhe ar bith I gclamhsán nó lámh láidir.