Dá gcloisfí go raibh Mamaí thuas sa seiceamar ar chúl an tí ag gabháil fhoinn, chuirfí fios ar na seirbhísí sóisialta…

Níl aon fhadhb le fógairt ar Instagram go bhfuil tú thall san Afraic ag déanamh ar bharr Kilimanjaro, ach seachain go mbeifeá ag dreapadh crainn ag an baile

Dá gcloisfí go raibh Mamaí thuas sa seiceamar ar chúl an tí ag gabháil fhoinn, chuirfí fios ar na seirbhísí sóisialta…

Ardaíonn mo chroí nuair a fheicim na crainnte silíní faoi bhláth. Comhartha dóchais. Tá an geimhreadh thart. Seo linn agus bliain eile amach romhainn agus leanann an saol ar aghaidh.

Seasfaidh na bláthanna coicís, nó trí seachtaine mura dtiocfaidh aon ghaoth mhór, agus ní scaoilim aon choicís tharam gan aghaidh a thabhairt siar abhaile go bhfeicfidh mé crann silíní áirithe amháin atá ag fás ar chúl an tí inar fhás mé aníos.

Is iomaí tráthnóna sona a chaith muid thuas sa gcrann sin ag spraoi agus muid ina ngasúir agus nuair a fheicim an crann faoi bhláth bím ocht mbliana d’aois arís agus an tráthnóna fada romham.

Tabhair grúpa páistí ar shiúlóid sa gcoill agus an chéad rud a dhéanfaidh siad ná na crainnte a dhreapadh. Ach, tagann pointe i saol chuile dhuine againn go stopann muid ag dreapadh crann.

Ní dóigh liom go bhfuil aois ar leith ann, cheapfainn go bhfaighfeá ‘away’ leis dá dtiocfaí ort agus tú thuas i gcrann agus tú trí bliana fichead nó fiú ceithre bliana fichead d’aois, ‘Ááá, ealaín na hóige!’, seans, a déarfaí fút agus dhéanfaí miongháire.

Ach faoin am go bhfuil an ceathrú céad bainte amach agat, dá mbeifeá fós ag dreapadh crann, déarfainn dáiríre go mbeadh imní ag teacht ar do chlann is ar do chairde.

‘Cheap mé cinnte go mbeadh sí fásta amach as faoin am seo,’ a déarfadh do mhuintir i gcogar le faitíos go gcloisfeá iad agus tú ag luascadh anonn is anall as géaga an chrainn cnó capaill os a gcionn.

‘Meas tú sa diabhal céard a dhéanfaidh muid léi?’

Cén bhrí ach ní hé nach bhfuil cead ag an duine a bheith ag dreapadóireacht nuair a théann siad amach sna blianta. Féadfaidh tú imeacht ag sléibhteoireacht, ag ailleadóireacht nó ag uaimheadóireacht féin agus ní dhéanfar aon imní mhór fút.

Ach dá gcuirfeadh duine éicint do thuairisc is go ndéarfadh na gasúir, ‘bíonn Mamaí thuas sa seiceamar ar chúl an tí ag gabháil fhoinn’, d’fhéadfá a bheith réasúnta cinnte de go mbeadh scéala á chur chuig na seirbhísí sóisialta.

B’fhearr i bhfad dá ndéarfaidís go raibh tú thall san Afraic ag déanamh ar bharr Kilimanjaro. D’fhéadfá pictiúir díot féin a chur suas ar an Instagram go bródúil. ‘Leath bealaigh suas Kilimanjaro #Dúshlán’ nó ’Barr an tsléibhe! #Ríméad’.

Nó dá mbeifeá tar éis Cruach Phádraig a shiúi i do chosa boinn, cheapfaí gur iontach an duine thú amach is amach. Níl mé a rá go bhfuil locht agam ar aon té a shiúlfadh Cruach Phádraig ina bhonnachaí, nár laga Dia iad.

Ach ní fhéadfá a rá go bhfuil aon chiall ag baint leis mar chaitheamh aimsire.

Is dóigh go ndéantar é ar mhaithe lena dhéanamh, is ghlacfá leis go bhfuil a shásamh is a fhiúntas féin ag baint leis don té a dhéanfadh é. Shílfeá, ar an mbunús sin, go mbeadh an glacadh céanna le dreapadh crann mar chaitheamh aimsire.

Shílfeá gur cheart go mbeadh, ar aon nós.

Shamhlóinn go mbeadh ceist nó dhó le freagairt agat, áfach, dá dtiocfá ar ais ó thuras is bleaist pictiúr agat díot féin thuas i gcrainnte éagsúla a casadh ort ar an mbóthar.

‘An péine Albanach taobh thiar den Aldi ar an N65. #Fionnuar!’ nó ‘An crann fuinseoige ar an mbóthar isteach go hÁth Eascrach. #Áilleacht.’

Fág freagra ar 'Dá gcloisfí go raibh Mamaí thuas sa seiceamar ar chúl an tí ag gabháil fhoinn, chuirfí fios ar na seirbhísí sóisialta…'

  • Tadhg Mac Dhonnagáin

    Tá ábhar gluaiseachta anseo….