Tá cur agus cúiteamh go leor á dhéanamh i rith na seachtaine seo faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, an t-éacht a rinneadh é a chur le chéile agus an leas atá déanta aige don tír trí chéile le cúig bliana fichead. Níl amhras ar bith ach gur dea-scéal amach is amach an laghdú ar an bhforéigean, a laghad atá maraithe ó 1998 agus spiorad an dóchais a chothaigh an Comhaontú.
Faraor, níl aghaidh tugtha ag an gcomhaontú ná ag na polaiteoirí atá tofa lena chur i bhfeidhm ar chuid de bhunchúiseanna na coimhlinte. Bunaíodh stát Thuaisceart Éireann os cionn céad bliain ó shin le cosaint a thabhairt do mhionlach Aontachtach in oirthuaisceart na tíre. Bhí an Stát a bunaíodh éagórach agus rinneadh leatrom agus ciapadh ar dhaoine go leor ar feadh na mblianta.
Comhurraim agus meas don uile dhuine. Sin ceann de na prionsabail a luaití go minic a bheith lárnach sa chomhaontú. Caithfidh muid mar thír teacht le chéile agus breathnú amach don uile aicme agus gach cineál duine. Níl sin ag tarlú ó thuaidh ná ó dheas den teorainn. Tá bochtanas, míbhuntáiste, éagóir agus tinneas fós forleathan inár measc.
Thug an comhaontú blianta an fhoréigin chun críche a bheag nó a mhór ach níor athraigh ceachtar stát ar an oileán ó bhun. Ní mór sin a choinneáil in intinn – bhí oiread baint ag an réiteach le feabhas a chur ar an saol sna sé contae fichead agus a bhí aige leis na sé contae. Nuair a reáchtáladh an reifreann i ndeireadh na Bealtaine 1998 leis an gcomhaontú a dhearbhú bhí an t-oileán ar fad i gceist.
Tá fadhbanna le réiteach i gcórais pholaitiúla Thuaisceart Éireann. Baineann na fadhbanna reatha leis an socrú a rinneadh ó thaobh an Bhreatimeachta agus an imní leanúnach atá ar an bpobal Aontachtach go bhfuil an rialtas i Londain le droim láimhe a thabhairt leo. Tá an pobal ag éirí bréan den chleasaíocht idir na polaiteoirí. Teastaíonn uathu an feidhmeannas a chur ar siúl in athuair. Seo an feidhmeannas céanna nach raibh mórán glacadh leis cúig bliana fichead ó shin.
Tá ceisteanna le freagairt i gcónaí faoi eachtraí sa stair nach bhfuil réiteach orthu. Tá amhras i measc na náisiúnach go fóill faoin PSNI. Léirigh staidéar an tseachtain seo go gcosnaíonn sé os cionn £200 milliún in aghaidh na bliana dhá chóras oideachais a choinneáil ag imeacht. Tá níos mó ballaí síochána ná riamh ann.
Ná bíodh lagmhisneach orainn mar sin féin. Ospidéil agus ní príosúnaigh an cheist is mó anois i mbéal an phobail. Riachtanais an phobail atá chun cinn in intinn daoine seachas tubaistí agus tragóidí. Ní bhíonn saoi gan locht a deir an seanfhocal agus is amhlaidh atá do Chomhaontú Aoine an Chéasta. An dúshlán is mó anois é a chur i bhfeidhm agus an fhorbairt atá dlite do Thuaisceart Éireann agus dúinn ar fad a thabhairt céim eile chun cinn.
Fág freagra ar 'Dá fheabhas an Comhaontú, níl aghaidh tugtha fós ar chuid de bhunchúiseanna na coimhlinte'