Dá fheabhas an aisteoireacht níl ‘The Banshees of Inisherin’seo chomh maith lena cháil

Ní hionann, áfach saothar neamhghnách, ait a chur os ár gcomhair agus saothar le téagar a chur os ár gcomhair

Dá fheabhas an aisteoireacht níl ‘The Banshees of Inisherin’seo chomh maith lena cháil

‘The Banshees of Inisherin’
Scríbhneoir/ Stiúrthóir: Martin McDonagh
Cliar: Colin Farrell, Brendan Gleeson, Kerry Condon, Barry Keoghan, Pat Shortt, Bríd Ní Neachtain, Gary Lydon, Sheila Flitton, Jon Kenny

Tá cad é bús faoin saothar seo le míonna anuas; an seandream a thug cúis gháirí chugainn ceithre bliana déag ó shin le In Bruges ar ais i mbun comhghuaillíochta. Saothar neamhghnách eile atá anseo ón gceardaí Martin McDonagh, an drámadóir agus déantóir scannán a bhfuil duais Oscar aige mar aon le dorn ainmniúchán Tony.

Sa saothar seo tugtar siar go hÉirinn na bhfichidí sinn le scéal na ndlúthchairde Pádraic Súilleabháin (Farrell) agus Colm Doherty (Gleeson) a reic. Caitheann an bheirt seo a saol ag diúgadh go suaimhneach le hais an chuntair i dtigh tábhairne ar oileán sceirdiúil mara amach ó chósta thiar na tíre; Inisherin ficseanúil an teidil.

Lá de na laethanta cinneann Colm nach dteastaíonn uaidh a bheith cairdiúil le Pádraic a thuilleadh, nó labhairt leis fiú. Ní nach ionadh baintear siar as Pádraic neamhurchóideach, leathshimplí bocht. Is cuma le Colm agus é anois iomlán gafa le cumadh agus seinnt ceoil. Tá an casadh sa chairdeas mar ábhar cainte i measc na n-oileánach.

Dráma teannasach le greann dorcha atá anseo. Déantar iarrachtaí rud éigin a rá faoin dúlagar, an scoiteacht agus an díomá a bhaineann le mianta saoil nár comhlíonadh. Ní théitear rófhada le haon cheann acu. Déantar iarracht chiotach comparáidí a dhéanamh idir easpa cairdis na beirte agus Cogadh na gCarad atá faoi lán seoil ar an mórthír.

Cé gur bhaineas sásamh as an saothar ní dóigh liom gurb aon mhórshaothar é. Bhí rud éigin faoin rud ar fad a chuir as dom. Mórán rudaí beaga. Deineadh an scannánaíocht ar Inis Mór, Árainn agus ar Acaill. Taibhsíodh dom ar uairibh nach raibh tírdhreachanna na n-oileán ag teacht le chéile ach déarfainn ná cuirfidh sin as do mhórán, lucht féachana thar lear go háirithe. Gan amhras ní bheidh aon ghlacadh ag lucht na Gaeilge le hainm an tsaothair (an t-oileán ach go háirithe), gan aon Ó a bheith in ainm Phádraic agus an tslí nár deineadh aon tagairt don Ghaeilge a bheag ná a mhór cé go bhfuilimid amach ó chósta thiar na hÉireann.

Bhuel, b’fhéidir ná fuilimid mar go bhfuil meascán mearaí de thuineacha cainte againn. Ní dhéanann muintir an oileáin aon steibhear oibre agus is gné leanúnach den scéal é go dtéann an bheirt acu chuig an tábhairne ag a dó a chlog gach lá. Meabhraítear dúinn go bhfuil muintir an oileáin cúngaigeanta agus gan aon ghus iontu seachas deirfiúr Phádraic, Siobhán (Condon), atá, gan amhras, ag iarraidh éalú.

Mheabhraigh sé bréag-Éireannachas obair Synge dom. Dearcadh geanúil ach díspeagúil an duine atá leath istigh is amuigh. É sin ar fad gan an saothar a bheith chomh greannmhar sin ar fad; cé gur scaoileadh deiseanna grinn le sruth.

Is ceardaí teanntásach é McDonagh agus cuireann sé a fhís neamhghnách, áiféiseach os ár gcomhair go sciliúil. Ní hionann, áfach saothar neamhghnách, ait a chur os ár gcomhair agus saothar le téagar a chur os ár gcomhair. Láidreacht an tsaothair ná na taispeántais bhreátha ón bhfoireann ar fad. Tá Gleeson agus Farrell ar fheabhas ar fad, Farrell ach go háirithe. Éiríonn leis cíor thuathail intinne a charachtair leanbaí a léiriú go paiteanta. Tá ainmniúchán Oscar, ar a laghad, tuillte aige.

Tá Condon, Keoghan agus Ní Neachtain iad féin ar fheabhas. Is iad na taispeántais sin a dhéanann an saothar seo a iompar.

Fág freagra ar 'Dá fheabhas an aisteoireacht níl ‘The Banshees of Inisherin’seo chomh maith lena cháil'

  • Páidí

    Is gonta an léirmheas seo. Chonaic mé an scannán aréir agus d’aithin chor a bheith achan rud a deir an t-údar anseo. Bhí Gleason maith go leor, ach ní dhéanann sé mórán aisteoireachta i ndáiríre. An carachtar céanna a dhéanann sé i gcónaí. Ba fhiú a dhul a amharc air sa phictiúrlann, ach saghas meallta a bhí mé ina dhiaidh.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Cé go mbaineann McDonogh tairbhe as an bpobal agus an dúthaigh as a shíolraigh a mhuintir, ní bhíonn an teanga riamh áirithe aige ina chuid saothar. Anuas ar sin, de dheasca na heaspa seo, bíonn chuid mhaith den ghrinne agus den ghliceas gur gnéithe eithneacha iad sa teanga in easnamh chomh maith.

  • Pádraig

    Tagaim leis an léirmheas sin freisin. Thug mé faoi deara go raibh Gaeilge ar na ballaí sa séipéal áfach! Ní hamháin go bhfuil meon aigne McDonagh díspeagúil i leith na teanga seo againne; sa scannán In Bruges deir Gleeson le Farrel (agus é ar tí imeachta ar an traein) nach “gá dó aon teanga eile a fhoghlaim mar go bhfuil Béarla ag gach duine san Eoraip”. Rud nach fíor dar ndóigh. Ach fiú dá mb’fhíor é is cúng cóilíneach aineolach an rá é. Maidir leis an scannán féin ‘sé an fíon céanna é i mbuidéal nua cuidsúlach é, a greanadh go cliste de réir rúibricí an mhargaidh, margadh Hollywood go háirithe ; tírdhreach íonghlan álainn, aisteoireacht iontach, ‘dúchasaigh’ gan aird ag lútáil leo tríd an saol, scéal tanaí amach is amach agus ú..á..ú ainmhithe feirme sa seomra leapan fiú! Ní bheifí ag súil lena mhalairt.

  • Carraig53@protonmail.com

    “…an scoiteacht agus mianta saoil nár comhlíonadh.” Agus cén sólás a lorgaíonn daoine in áiteanna iargúlta a bhraitheann an saol ró-chúng orthu, go mbíonn an t-uaigneas marfach á gcnaí istoíche seachas ainmhithe a thabhairt isteach sa seomra leapan??