Tá cúrsa oiliúna raidió saor in aisce do mhná ar spéis leo dul leis an gcraoltóireacht le reáchtáil ag Raidió Fáilte.
Tá sé fógartha ag an stáisiún raidió i mBéal Feirste go bhfuil ‘Cúrsa le Caoimhe’ le reáchtáil don cheathrú bliain i mbliana agus é i gceist na scileanna a bhaineann le clár raidió a chur le chéile a mhúineadh agus taithí a thabhairt do mhná ar chúrsaí craoltóireachta.
Is í an craoltóir Caoimhe Ní Chathail, a bhfuil cláir curtha i láthair aici do TG4, RTÉ agus an BBC, a bheidh i mbun an chúrsa arís i mbliana.
Cúrsa ar líne a bheidh ann agus ranganna le reáchtáil gach Máirt idir an 30 Eanáir agus an 20 Feabhra. Cuirfidh na rannpháirtithe uile a gclár féin le chéile a chraolfar mar chuid de sceideal speisialta ar Raidió Fáilte ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ar an 8 Márta 2024.
“Tá mé ag dúil go mór traenáil raidió ar líne a chur ar fáil arís i mbliana do ghrúpa cumasach de mhná a bheidh ag cur tús lena n-aistear ar Raidió Fáilte, áit ar fhoghlaim mé féin cuid mhór mar chraoltóir,” a dúirt Caoimhe Ní Chathail. “Is iontach an deis í do mhná a gcláir raidió féin a chur le chéile do Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana. Is pribhléid í domsa a bheith in ann tacú leo agus mo chuid a dhéanamh le cinntiú go bhfuil glórtha na mban le cloisteáil ar aerthonnta Raidió Fáilte.”
Deir Raidió Fáilte go bhfuil cuid de na mná a bhí páirteach sa chúrsa le blianta beaga anuas, ag obair sna meáin chumarsáide ar bhonn lánaimseartha nó ag craoladh le Raidió Fáilte agus stáisiúin raidió eile.
“Gach uair a bhí an cúrsa ar siúl go dtí seo bhí ró-éileamh ar spásanna agus táimid ag súil go mbeidh sé amhlaidh i mbliana,” arsa Dónall Mac Murchaidh, Oifigeach Léiriúcháin agus Traenála Raidió Fáilte.
Le háit a fháil ar an chúrsa gabh i dteagmháil le Dónall ar traenail@raidiofailte.com nó cuir glaoch ar 00 44 28 90 310013 roimh 5in ar an Aoine 26 Eanáir.
Fág freagra ar 'Cúrsa chun mná a mhealladh go dtí saol na craoltóireachta Gaeilge á reáchtáil ag Raidió Fáilte'