An tseachtain seo cuireadh fáilte romhainn isteach in óstán an Grand i gCill Mhantáin mar ar chuir TV a dtionscnamh nua, The People’s Debate, sa tsiúl.
As seo go ceann roinnt míonna, tá siad le díospóireachtaí poiblí a reáchtáil sa 40 dáilcheantar difriúil, macasamhail chruinnithe Town Hall Mheiriceá. Is é dáileachtar Chill Mhantáin/Cheatharlach Thoir a bhí i lár an aonaigh sa chéad chraoladh.
Seans maith gur luigh daoine ar an gcnaipe ag tús an chláir le feiscint cén míniú a thabharfaí ar Theachtaí Dála an Rialtais, Simon Harris, Anne Ferris, agus Andrew Doyle a bheith ar iarraidh, rud a d’fhág nach raibh ach beirt de Theachtaí Dála reatha an dáilcheanair, Billy Timmons agus Stephen Donnelly i láthair.
De réir tuairiscí, tá muc ar gach mala ag Sinn Féin maidir le struchtúr na díospóireachta chomh maith agus iad anois ag bagairt an chairt a raideadh.
Dúirt Brown gur ghlac siad freagracht as an ‘míthuiscint’ le páirtithe an Rialtais agus ghabh sé na múrtha leithscéalta. An mhíthuiscint bhí ann, dar leis, ná gur tugadh le fios do pháirtithe an Rialtais ar dtús gur díospóireacht phobail a bheadh ann. Ansin tugadh le fios gur díospóireacht olltoghcháin a bheadh ann, agus ar deireadh cinneadh filleadh ar an díospóireacht phobail.
Aera, prátaí, fataí nó préataí. Níl a fhios agam, agus seans maith nach eol do chuid mhór den phobal céard í an difríocht, ach dar liom go ndein páirtithe an Rialtais scéal chailleach an uafáis den chúram mar go raibh siad ag breith chucu féin go dtabharfaí íde na muc agus na madraí orthu i ndaichead díospóireacht dhifriúil, i ndaichead áit éagsúil agus Brown mar mháistir conairte. Fé mar a déarfadh fear Chonamara ‘chac siad ar na huibheachaí.’
Bhí an leithscéal sin chomh dian sin ar lucht an chláir gurbh éigean breiseadh fógraíochta a thógaint agus gan ach nóiméad den chlár caite.
D’admhaigh Browne go raibh formhór an lucht féachana i gcoinne an Rialtais (le lear maith ó FF i láthair agus más buan mo chuimhne, níor labhair éinne ó theaghlach an Lucht Oibre) agus go mbeadh air féin an fód a sheasamh don Rialtas.
In éagmais pháirtithe an Rialtais, bhí an nimh agus an gearradh bainte as an díospóireacht agus b’éigean do Brown glaoch i dtóin na rannpháirtithe le lasair a chur sa bharrach: Donnelly agus Timmons á gcrá faoi bhallraíocht i bpáirtí nua, Joe Behan (Iar-Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil) á chiapadh faoina chúlra Fianna Fáileach, John Brady (Comhairleoir Shinn Féinn) á chrá faoi pholasaithe na déine ó Thuaidh, ídé na muc agus na madraí tugtha ar ainninseoir bocht ó Fhianna Fáil agus spior spear déanta de pholasaithe na heite clé.
Bhí seacht gcúraimí an tsléibhe ar Browne agus é ag iarraidh cúrsaí a stiúradh ar feadh breis agus dhá uair an chloig (le tuairim is 40 nóiméad fógraí, áfach). Lena cheart a thabhairt dó, dhein sé a chúram go slachtmhar. Pé acu gur áin leat é nó nach áin, is beag láithreoir atá in ann é a fhéachaint leis nuair atá sé os cionn a bhuille.
Cuireann sé pip orm féin uaireanta mar go mbíonn sé róthuathalach agus téann an díospóirecht sa bhfraoch dá bharr. Seó bóthair a bhíonn ann seachas díospóireacht dháiríre. Tá sé deacair an chothromaíocht sin a bhaint amach ach dar liom go ndein sé aréir é le sleaiseanna á gcaitheamh go neamhbhalbh, borb, ach go pointeáilte agus eolgaiseach, le polaiteoirí, feachtasóirí uisce agus ionadaithe ó Profit before People, faoi mar a thug sé orthu, is é ag straoisíl agus ag baint gáire as an lucht féachana an t-am ar fad. Is léir gur bhain sé súp as an gcomhrac.
Tugadh deis cainte do mhórán daoine i rith an chláir, rud atá inmholta agus sin máithreacha an tionscnaimh ar aon nós. Ina dhiaidh sin féin, is beag deis a bhí ann aon ábhar faoi leith a chíoradh go cuimsitheach agus díospóireacht substaintiúil a chur sa tsiúl dá réir.
Cúis iontais dom nár deineadh aon phlé mór ar ábhair áitiúla. Ba é Stephen Donnelly is mó a chuaigh i bhfeidhm orm agus níl aon chol ná bá agam le haon pháirtí faoi leith. Bhí cuma na maitheasa ar an Donnaileach ó thús deireadh agus é ag caint go deisbhéalach, eolgaiseach.
Tosach maith, ach is ina thosach atáimid agus n’fheadar an mbeidh an fhoighne agus an goile ag an lucht féachana tabhairt faoi tarrac ar 60 uair an chloig eile den sleaiseáil, seanmóireacht, argóint, cáineadh agus baothchaint.
Seosamh Ó Cuaig
“Chac siad AR na huibheachaí” an leagan ceart….”they made a mess of things”