Cur síos grinn agus nádúrtha ar Nollaig an oileánaigh

Tá Micheál Ó Conghaile ar dhuine de laochra móra na Gaeltachta agus tá a leabhar breá faoin Nollaig ar fáil anois i nGaeilge agus i mBéarla

Cur síos grinn agus nádúrtha ar Nollaig an oileánaigh

Tá Micheál Ó Conghaile ar dhuine de laochra móra na Gaeltachta. Is iontach go deo an saothraí é. ‘An bhfeiceann tú a bhfuil déanta aige agus gan dor as?’ a dúirt bean a chuala mé á mholadh le gairid.

Is éard a bhí i gceist aici gur fear é nach mbíonn maíomh ná gaisce ar bun aige ach é ag obair leis go ciúin dícheallach i gcónaí.

Is aige atá an t-údar gaisce go deimhin.

Is breá an obair atá déanta aige ag foilsiú leabhar agus ag taifeadadh amhrán trí Chló Iar-Chonnacht. Ina cheann sin tá scór leabhar scríofa aige féin. Nollaig Oileánach is teideal do cheann de na cinn is déanaí acu agus tá leagan Béarla de, An Island Christmas, foilsithe le déanaí agus í aistrithe ag Micheál Ó hAodha.

Cur síos ar an Nollaig in Inis Treabhair le linn a óige atá i mbolg an leabhair seo ach chuaigh sé níos doimhne ná sin i saol an oileáin. Theastaigh uaidh léargas a thabhairt ar bhealach maireachtála a dhaoine agus ar an gcaoi a ndeachaigh siad i ngleic leis an saol ar oileán cúng.

Timpeall dhá scór duine a bhí na gcónaí ar Inis Treabhair nuair a bhí Micheál ag éirí aníos. Níl duine ar bith ar an oileán anois.

An ceal ba mhó a bhí orthu nach raibh an leictreachas acu. Lampaí gáis a bhídís a úsáid. Ar an taobh eile den scéal bhí sé de bhuntáiste acu go raibh formhór a gcuid beatha féin á sholáthar acu – fataí, glasraí, cearca, lachain,  agus muc a mharaídís chuile bhliain.

Chuirfeadh an cuntas mion atá aige ar mharú na muice creathnú ionat.

Bhíodh a ndóthain le déanamh acu agus a ndíol móna a thabhairt den phortach a bhí fiche míle bealaigh uathu ar an mórthír.

Tá an cur síos atá déanta ag Micheál ar an gcaoi a gcaithidís an Nollaig ar an oileán grinn agus nádúrtha. Ní hé an oiread sin difríochta a bhí idir é agus na nósanna a bhí againn féin ar an mórthír ach nach bhfuil aon trácht aige ar dhul amach leis an dreoilín.

An dtéadh lucht oileáin in áit ar bith amach leis an dreoilín?

Mo dhearmad, bhí difríocht mhór eile eadrainn agus ba é sin gur i héileacaptar a thagadh Deaidí na Nollag chucu!

Ní cuimhneach le Micheál go mbíodh crann Nollag acu nuair a bhí sé an-bheag ach nuair a bhí sé níos sine thosaigh siad ag cur suas a gcrann Nollag féin. Ní crann ceart a bhí ann, a dúirt sé, ach géagán de chrann péine agus é maisithe go breá.

Iarmhúinteoir scoile ba ea máthair Mhichíl. B’in a thug go hInis Treabhair an chéad lá riamh í. Nuair a phós sí athair Mhichíl bhí uirthi éirí as an múinteoireacht mar gheall nach raibh cead ag státseirbhísigh a bheith ag obair agus iad pósta.

Mhúscail a mháthair spéis sa léitheoireacht sna gasúir ón tús. Leabhair Bhéarla is mó a bhíodh acu. Tá neart de na leabhair Ghaeilge ar fáil do ghasúir an lae inniu ach ní raibh mórán acu ann an uair sin.

Mar sin féin is cuimhneach leis gur léigh a mháthair Jimín Mháire Thaidhg dóibh agus gur bhain siad an-sásamh as. Léigh siad aistriúcháin Mhairéad Ní Ghráda sa tsraith Ladybird agus nuair a bhí siad níos sine léigh a mháthair Séadna dóibh.

Uair dá raibh d’fhill a mháthair as Gaillimh agus clóscríobhán aici.  Dá dheirfiúr a cheannaigh sí é ach bhain Micheál deatach as uair ar bith a bhfuair sé deis.

Nollaig amháin chlóscríobh sé úrscéal a chum sé féin, ‘The Adventure of the Shabby Man’ an teideal a chuir sé ar an scéal. Rinne sé leabhar bheag de agus ainm an údair go feiceálach ar an gclúdach –Michael Joseph Conneely.

Bhí an scríbhneoir agus an foilsitheoir ar an mbealach ón lá sin amach.

Cur síos ar an Nollaig sa Domhan Thoir atá i gcaibidlí deireanacha an leabhair. Tá geábhanna tugtha ag Micheál ar chuid mhaith de thíortha an Oirthir.

Bíonn ceangal aige leis an mbaile ar na cuairteanna sin i gcónaí.  Mar a dúirt sé agus é ag scríobh sé mhíle míle ó bhaile ar dhromchla na hÁise Theas ‘tá mé in ann a bheith ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta anois ag craoladh ar mo WiFi le mo thaobh! Nó ar mhíreanna nuachta ó TG4.’

Is fada liom go bhfeicfidh mé leabhar eile ó Mhichéal faoina shaol, a shaothar agus a chuid taistil.

Fág freagra ar 'Cur síos grinn agus nádúrtha ar Nollaig an oileánaigh'