Cúpla céim chun go mbeidh cosa agat a bhfuil cuma an tsamhraidh orthu

Tá comhairle mhaith ag ár gcomhfhreagraí chun na cosa a ullmhú do shéasúr an tsamhraidh

summerlegs1

Anois agus lá Bealtaine caite tá sé in am againn beagán cúraim a dhéanamh do na cosa le go mbeidh siad ullamh do shéasúr an tsamhraidh. Ní fada uainn an lá gur féidir linn bróga agus buataisí troma an gheimhridh a chaitheamh uainn agus cuaráin agus bróigíní éadroma a bheith mar rogha againn. 

Déanfaidh sé maitheas an tsaoil do na cosa anois ach beagán ama a chaitheamh orthu le go mbeidh an craiceann deas bog arís tar éis cruatan an gheimhridh. 

Is mór is fiú na cosa a chur ar bogadh i mbáisín uisce te a bhfuil ola dheas curtha ann ar dtús. Tá rogha leathan ola le fáil ach sílim féin go bhfuil lus an phiobair, ola an chrainn tae nó fínéagar saghdair ar fheabhas ar fad. Ní theastaíonn ach braoinín beag den ola chun an craiceann crua, tirim a bhogadh agus is buntáiste breise é go mbíonn feidhm leo mar antaiseipteach freisin.

Má tá cónaí cois cósta ort is féidir leat roinnt feamainne a bhailiú agus folcadán álainn feamainne a dhéanamh do na cosa. Is ceart uisce fiuchta a chur ar an bhfeamainn ar dtús leis na mianraí agus an mhaitheas atá inti a scaoileadh amach agus uisce fuar a chur leis ansin le go mbeidh sé compordach duit. Déanfaidh sé an-leas na cosa a chur ar bogadh ar feadh 10 nóiméad sa bháisín sin.    

Nuair atá an chéim sin críochnaithe agat, is fiú díriú ar na hingne. Is ceart na cúitinigh a bhrú siar go deas réidh gan tú féin a ghortú ar aon bhealach. Na hingne féin a bhearradh agus a líomhadh ansin le cuma dheas néata a chur orthu. Má tá do chraiceann briosc nó crua is ceart scamhóir nó sciomradh coise  a úsáid leis an seanchraiceann sin a ghlanadh díot. 

  

Tá rogha mhaith táirgí le fáil don chúram seo agus cuid acu an-saor go deo i siopaí ar nós Aldi. Má tá airgead le spáráil agat is fiú táirge sciomartha maith a cheannach, mar shampla, cinn an bhranda Margaret Dabbs a dhíoltar i siopaí Space NK ach níl locht ar bith ar na cinn shaora ar nós Soap and Glory ag Boots. Má tá na pingneacha gann is féidir sciomradh baile a dhéanamh duit féin le meascán siúcra agus ola olóige. 

Is cuma cé acu ceann a roghnaíonn tú is fiú duit am a chaitheamh leis an gcúram seo, an t-ábhar a chuimilt isteach go mall réidh agus fágfaidh sé craiceann na gcos deas bog agus mín.

Moltar cos amháin a dhéanamh sa turas agus an ceann eile a fhágáil ar bogadh san uisce bog.

Triomaigh na cosa go maith ansin ach má tá spota de chraiceann fíorchrua fós ort i ndiaidh shéasúr an gheimhridh is féidir cloch nó bloc slíogairt nó líomhán a úsáid le dul i ngleic leis. Tá pacaí simplí de na táirgí sin le fáil i siopaí ar nós Penneys ach arís má tá an sparán teann tá na cinn ó Margaret Dabbs ó Space NK ar fheabhas ar fad.

Le barr smaise a chur ar na hingne teastaíonn trí chóta vearnaise – bunchóta, dath agus cóta deiridh.

Comhairle scoir, is breá an deis é nuair a bhíonn cúram á dhéanamh agat do na cosa masc glanta a chur ar d’éadan. Beidh sé ag obair leis ag déanamh maitheasa do d’éadan agus tusa ag cóiriú na gcos. Más maith leat agus tú ag críochnú, féadfaidh tú cuid den táirge ón masc glanta a úsáid ar do lámha agus tuáille te a fhilleadh orthu. Sin trí chúram déanta in aon iarraidh amháin – cosa, lámha agus éadan. 

Nuair atá an méid sin ar fad déanta tá sé in am agat na cosa a chur in airde agus do scíth a ligean.

Fág freagra ar 'Cúpla céim chun go mbeidh cosa agat a bhfuil cuma an tsamhraidh orthu'