Cuntas cuíosach ar Ben Dunne an ghaisce is na conspóide

Cuntas cuíosach ar an bhfear gnó críonna is duine cuileachtúil ab ea Extraordinary Life: The Ben Dunne Story

Cuntas cuíosach ar Ben Dunne an ghaisce is na conspóide

Fear gnó críonna, géar is díoltóir críochnaithe ba ea Ben Dunne, ach lena chois sin ba dhuine cuileachtúil é a raibh bealach nádúrtha leis.  Ba dhuine ar leith é an fear gnó glic seo a cailleadh go hobann tarrac ar bhliain ó shin.

Chuir seana-Bhen Dunne impireacht mhiondíola ar bun ag tosnú le siopa éadaitheora i gCorcaigh sna daichidí. Ba é an mac a dhein impireacht chaithréimeach di, áfach.  Agus é in ard a réime sna hochtóidí bhí láimhdeachas de bhilliún euro ag an gcomhlacht teaghlaigh seo.

Thosaigh Extraordinary Life: The Ben Dunne Story (RTÉ1, Dé Luain) amach i Florida in 1992; an eachtra mhíchlúiteach úd ina raibh Ben lán le cócaon agus i bhfochair striapaigh. Ba í an eachtra úd cúis a threascairte. Pointe cinniúnach ina shaol ar filleadh air i gcaitheamh an chláir. Deineadh paistí cainte ionraice leis an bpóilín a tháinig ar an láthair; fear atá fós ábhairín cráite ag an gcúram. Ba mhaith ann é mar chloigeann cainte.

Seachas siúd ní raibh mórán sa chlár nach raibh cloiste nó feicthe againn cheana. Go deimhin deineadh cuid mhaith den chlár a líonadh le caint Ben féin; is maith ann a leithéid óir gur chainteoir deisbhéalach, ionraic a bhí ann i gcónaí. Ina dhiaidh sin féin d’fhág sleachta ó agallaimh a dhein sé ar The Meaning of Life, The Ryan Confidential agus cláir eile nach iad gearradh agus greamú ar an gcúram.

Bhí a chuid ráite agus a scéal inste ag Ben cheana. Séard ba cheart a bheith sa chlár seo ná eolas, fianaise nó léamh nua. Níorbh ann dó. Go deimhin, agus ní nach iontas, níor labhair éinne ó theaghlach sínte Dunne.

Dhein Conor Pope, Sam Smyth, Cliff Taylor, Justine McCarthy agus Mick Clifford gnéithe éagsúla den scéal a eachtraí. Tugadh sinn ó Florida chuig an bhfuadach i 1981agus as sin chuig stailc oibrithe Dunnes i gcoinne earraí na hAfraice Theas agus binsí fiosraithe McCracken is Moriarty. Arís ba chuntas stairiúil a bhí againn seachas léamh nua. Tráchtadh ar an gcogadh aráin; cogadh a léirigh a neamhthrócaire mar fhear gnó.

Pointe cinniúnach eile ina shaol ba ea a fhuadach ag an IRA i 1981. D’fhág an eachtra seo lorg air ar feadh a shaoil agus is féidir eachtraí Florida a cheangal leis an bhfuadach sin.

Gné amháin den chlár a chuaigh i bhfeidhm orm ná an cuntas a tugadh ar mheon Dunne mar dhíoltóir críochnaithe. I ndiaidh eachtra Mheiriceá tháinig sé abhaile, chruaigh sé in aghaidh na hanachaine agus d’admhaigh sé go hionraic, go humhal, is go deishbhéalach an botún a bhí déanta aige. D’oibrigh sé agus dhein an pobal a pheacaí a mhaitheamh dó. Níorbh amhlaidh lena theaghlach, áfach agus cuireadh an ruaig air ón gcomhlacht.

Cuntas cuíosach ar an bhfear gnó críonna is duine cuileachtúil.

Fág freagra ar 'Cuntas cuíosach ar Ben Dunne an ghaisce is na conspóide'