Gearrliostaí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha

Beirt iriseoirí de chuid Tuairisc atá ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024 a bheidh ar siúl mar chuid d’Oireachtas na Samhna i gCill Airne

Gearrliostaí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha

Tá beirt iriseoirí de chuid Tuairisc i measc na ndaoine atá ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024. Fógraíodh ar maidin go bhfuil Pádraic Ó Ciardha ainmnithe do ghradam ‘Iriseoir na Bliana’ agus Maitiú Ó Coimín ainmnithe do ‘Colúnaí na Bliana’.

Trí chatagóir déag ar fad atá ar chlár na ngradam a dhéanann “ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí” in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tá Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 25 bliain ar an bhfód i mbliana. Bronnadh den chéad uair iad i 1999 iad, tráth nach raibh ach trí ghradam i gceist.

Bronnfar gradaim na bliana seo mar chuid d’Oireachtas na Samhna ag deireadh na míosa. Is ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl san INEC i gCill Airne Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair, a bhronnfar iad.

“Is pribhléid ar leith é spotsolas bliantúil a lonrú ar na héachtaí atá á mbaint amach ag na daoine cumasacha ceannródaíocha paiseanta atá ag saothrú in earnáil na cumarsáide Gaeilge,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.

“Tá an earnáil ag fás go tréan agus ag síorshárú na n-iarrachtaí atá le sonrú i measc na meán go ginearálta, ní hamháin sa tír seo ach go hidirnáisiúnta freisin.

“Ní tharlódh a leithéid gan paisean, díograis agus uaillmhian na ndaoine ag gach aon leibhéal atá ag tiomáint na bhforbairtí agus ag cothú glúin óg stuama chruthaitheach le teacht ina ndiaidh. Tréaslaím leo siúd uile atá ar Ghearrliosta 2024 agus muid ag ceiliúradh 25 bliain de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.

Beidh Pádraic Ó Ciardha Tuairisc san iomaíocht le Caoimhe Ní Laighin (Nuacht RTÉ/TG4), Gráinne Ní Aodha (PA Media), Sinéad Ni Neachtain (Nuacht RTÉ/TG4) agus Cuan Ó Seireadáin (RTÉ RnaG) don ghradam ‘Iriseoir na Bliana’. Kathryn Ní Mhaoláin (NÓS), Ciarán Dunbar (Seachtain), Éanna Ó Caollaí (Irish Times), agus Siún Ní Dhuinn (RTÉ Gaeilge) atá sa chatagóir ‘Colúnaí na Bliana’ le Maitiú Ó Coimín.

Is painéal moltóirí anaithnid a roghnaíonn buaiteoirí na nGradam Cumarsáide cé is moite de bhuaiteoir na catagóire ‘Réalta Óg na Bliana’. Vóta poiblí a bhíonn i gceist leis an gcatagóir áirithe sin agus beidh an deis ag an bpobal a vóta a chaitheamh ar son: Laura Pakenham (TG4 Foghlaim), Conor Ó Gallchóir (RTÉ RnaG), Aisling Ní Dhonnabháin (Raidió Rí-Rá), Darragh Ó Caoimh (TG4), Storm Eaton Kilgallen (Raidió Fáilte/BBC Raidió Uladh), nó Clíodhna Ní Mhianáin (RTÉ RnaG).


SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
M’Ainm Mo Scéal – Ronin Films
Siar Linn – Macalla Teoranta
Peataí – Big Mountain Productions
Uisce Uisce – Paper Owl Films
Is Mise – Meangadh Fibín

COLÚNAÍ NA BLIANA
Maitiú Ó Coimín – Tuairisc.ie
Kathryn Ní Mhaoláin – NÓS
Ciarán Dunbar – Seachtain, Irish Independent
Éanna Ó Caollaí – Irish Times
Siún Ní Dhuinn – RTÉ Gaeilge

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Ómós Áite le hAilbhe Ní Ghearrbhuigh – RTÉ Raidió na Gaeltachta
BLAS– BBC Raidió Uladh
An tSeachtain le Máirín Ni Ghadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Saol na mBan – BBC Raidió Uladh
Eachtraí Dom – RTÉ Raidió na Gaeltachta 

CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA
Hothouse Flowers: Stick Around and Laugh a While – RTÉ Cláracha Gaeilge
Viva Mary – Rúnda Productions
Kneecap – Fine Point Films, Mother Tongues Films, TG4, Wildcard
Séamus Begley: An Rógaire Duibhneach – Aniar TV
100 Bliain de Thithíocht in Éirinn – Midas Productions

IRISEOIR NA BLIANA
Caoimhe Ní Laighin – Nuacht RTÉ & TG4
Gráinne Ní Aodha – PA Media
Sinéad Ní Neachtain – Nuacht RTÉ & TG4
Pádraic Ó Ciardha – Tuairisc.ie
Cuán Ó Seireadáin – RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Emma Ní Chearúil – RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió RíRá
Rossa Ó Sioradáin – Raidió na Life
Caoimhe Ní Chathail – BBC Raidió Uladh / BBC Raidió Feabhail
Seán Ó Dubhchon – Ráidió Rí-Rá
Micheál Ó Tuathail – RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Síomha Ní Ruairc
Fiona Ní Fhlaithearta
Doireann Ní Ghlacáin
Aoife Ní Thuairisg
Caoimhe Ní Chathail

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
Aiteall – Raidio Pobail Chonamara
Aon Scéal – 92.5 PhoenixFM
Ceol agus Craic – 103.2 Dublin City FM

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Ruaille Buaille – Highland Radio
Clár Sa Charr – South East Radio
Splanc – Newstalk
The Magic of An Ríocht – Raidió Chiarraí

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Ag Triall ar an Tobar – Midas Productions
Iniúchadh TG4 – Clean Slate TV
Kayak ó Thuaidh – Macha Media
Aistear an Amhráin – RTÉ Cláracha Gaeilge
Meitheal Mara Corca Dhuibhne – Aniar TV

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Donncha Ó Murchú – TG4
Michelle Nic Grianna – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Séamus Ó Scanláin – RTÉ Raidió na Gaeltachta & TG4
Garry MacDonncha – RTÉ

RÉALTA ÓG NA BLIANA
Laura Packenham – TG4 Foghlaim
Conor Ó Gallchóir – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Aisling Ní Dhonnabháin – Raidió Rí-Rá
Darragh Ó Caoimh – TG4
Storm Eaton Kilgallen – Raidió Fáilte / BBC Raidió Uladh
Clíodhna Ní Mhianáin – RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ

Fág freagra ar 'Gearrliostaí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha'

  • Léitheoir

    Comhghairdeas libh i TUAIRISC! Seirbhís den chéad scoth á sholáthar agaibh do phobal na Gaeilge 💚Tuilleann sibh aitheantas a fháil. Sár-iriseoireacht ar an ardán seo agaibh!