Bíodh sa diabhal ag an mboilsciú tá toghchán ar na bioráin

'Bronntanais réamhthoghcháin' do chách ach buiséad 'suarach' don Ghaeilge a bhí faoi chaibidil ar TG4

Bíodh sa diabhal ag an mboilsciú tá toghchán ar na bioráin

(Buiséad 2025, Nuacht TG4 agus 7Lá – TG4, Dé Máirt)

Buiséad toghcháin a bhí againn inné i dTeach Laighean gan aon agó. Sí Bernie Ní Chuinn is fearr a dhein cur síos ar na bronntanais toghchánaíochta: “Féasta fial flaithiúil” a bhí againn ó Jack Chambers le “flúirse” “féiríní” agus “milseáin” do chách. Bíodh sa diabhal ag an mboilsciú tá toghchán ar na bioráin.

Bhí RTÉ ag sluaisteáil chugainn ar feadh uaireanta cloig móra fada; tarrac ar cheithre uair an chloig i rith an lae, clár nuachta níos faide ag a sé mar aon le nuacht a naoi agus Prime Time uair an chloig. Bhí clár uair an chloig ag TG4 i rith an lae mar aon leis an gclár nuachta agus 7Lá. Is buíoch le bocht an beagán is dócha; tráth dá raibh bhímis ar an dtráigh fholamh i rith an lae.

Bernie Ní Chuinn a bhí mar láithreoir againn i gclár an lae; Norita Ní Chartúir agus Pádraig Ó Céidigh bailithe isteach sa stiúideo le dreasanna cainte a dhéanamh. Dheineadar a gcúram go deisbhéalach agus gach re sea acu lena chéile ar uairibh.

Sin é a tharlaíonn nuair a thugann tú cead a gcinn do chainteoirí líofa. Ní rabhadar ach ag téamh suas mar a deir an Béarla nuair a tháinig an clár chun críche. Iad ag plé “réalta” a bheadh san iomaíocht, iarfhostaí de chuid TG4, Gráinne Seoighe, ar dhuine acu is dócha.

Bhí Caoimhe Ní Laighin i dTeach Laighean agus caint á cur aici ar Dhonnchadh Ó Laoghaire, Seán Kyne, Thomas Byrne, Peadar Tóibín agus Catherine Connolly. Na cloigne cainte céanna ach lena ceart a thabhairt do Chaoimhe níor chuir sí aon fhiacail ann agus í á gceistiú faoi thionchar míchuí na toghchánaíochta ar chinntí eacnamaíocha.

Lena chois sin bhí dreas cainte le Conall Ó Móráin a bhí oibrithe faoin €6 milliún a caitheadh go neafaiseach ag bainistiú airgead Apple. Leagadh an cúram ar Dhonncha Ó Murchú príomhchinntí an bhuiséid a thabhairt dúinn i mbolgaim bheaga.

Bhí Caoimhe fós i dTeach Laighean do Nuacht na hoíche; Thomas Byrne fé agallamh arís agus Máiréad Farrell ann ón bhfreasúra. Ní raibh sé leath-theasaí a dhóthain dom. An clár ar fad dírithe ar thuairiscí éagsúla faoi ghnéithe éagsúla don bhuiséad, ó chúrsaí Gaeilge go cúrsaí tithíochta.

Bhí Bernie Ní Chuinn i gcathaoir an láithreora arís do 7Lá. Agallamh réamhthaifeadta aici leis an Tánaiste Micheál Martin ag tosach an chláir. Polaiteoir sciliúil é Martin le taithí na mblianta, deacair an tsúil ribe a chur air, ach bhí Bernie breá in ann aige á rá go raibh siad “leachta, liobarnach” le hairgead an phobail.

Pearse Doherty ó Sinn Féin fé agallamh ina dhiaidh sin, arís eile choimeád Bernie ar a mhine ghéire é. Cuireadh clabhsúr leis an gclár le hagallamh le Alan Esslemont faoi na pinginí beaga breise a fuair an stáisiún agus an neamhspleáchas nuachta atá le teacht.

Bhí drochscéal na Gaeilge lárnach sna cláir ar fad. €107 milliún atá á chur i sparán na Gaeilge do 2025, ardú de €6.3 milliún. Tráchtairí agus polaiteoirí éagsúla sna cláir éagsúla ag caitheamh slaiseanna ar dalladh á rá go léiríonn sé “easpa uaillmhéine” i leith na Gaeilge agus gur “mór an náire” “cúis díomá” “pinginí pitseála” agus  “airgead suarach,” é ciste na Gaeilge. Seanscéal agus meirg air.

Ceann de na buiséid is flaithiúla riamh agus an Ghaeilge fós in áit na leathphingine.

Fág freagra ar 'Bíodh sa diabhal ag an mboilsciú tá toghchán ar na bioráin'