CULTÚR: Seoid d’iris Ghaeilge, Nick Cave ag comhrá, Darach Ó Catháin á chomóradh agus Arctic Monkeys ar ais

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: Seoid d’iris Ghaeilge, Nick Cave ag comhrá, Darach Ó Catháin á chomóradh agus Arctic Monkeys ar ais

TRÉIMHSEACHÁN

Is maith iad Belles Lettres na Gaeilge

Aneas (Belles Lettres as Gaeilge)
Eagarthóir, Simon Ó Faoláin
Ionad Litríochta an Deiscirt 2022 (€10)

Bhí d’ádh orm gur sciob mé an iris seo ó chomrádaí le gairid agus is suarach an té a bheadh ina dhiaidh ar an ngadaí a shantódh an tseoid seo.

Chomh maith leis an lón mór filíochta is próis, is breá liom an páipéar bog ar dhath na bláthaí a bhfuil boladh na féile agus na torthúlachta air.

Bhuail imní mé gur caoineadh na Gaeilge a bhí san iris nuair a chonaic an cheist a chuireann Simon Ó Faoláin san eagarfhocal faoi fhilíocht na Gaeilge agus an rite de passage aistriúchán a dhéanamh uirthi. Idir sin agus an síneadh fada a bheith ar meisce sa bpíosa sin, ba bheag nár theith mé ach drochdhearmad a bheadh ansin.

Ní bheinn buartha faoin bhfilíocht tar éis a bhfuil anseo a léamh – Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Philip Cummings, Doireann Ní Ghríofa, Cathal Ó Searcaigh, Máire Dinny Wren, Dairena Ní Chinnéide agus tuilleadh nach iad. Tá éagsúlacht iontach ann, guthanna sainiúla agus ilghnéitheacht iontach téamaí is stíle.

Sa dán ‘Gairm’ míníonn Ó Searcaigh a spreagadh pearsanta:

‘Le neart a thabhairt

Do dhaonlathas an bhriathair

Agus do reacht an tSolais.’

Údar dóchais atá ag Dairena Ní Chinnéide dúinn:

‘Táimid scaoilte amach

Anamacha éadroma oscailte

Ag ceiliúradh an ama i láthair

Anois an t-am bheith beo.‘

Is gnás seanbhunaithe anois peacaí an aineolais ar an nGaeilge a leagan ar Pheig Sayers bhocht ach geallaim duit dá mbeadh ‘Peig sa Chathair’ le Pól Mac Úistín ar an siollabas go mbeadh sodar go dtí an rang Gaeilge.

Comhrá Pheig leis an mbanaltra ospidéil faoi chúrsa grá is gnéis atá sa sliocht seo agus cé nach aon saineolaí mé ar Ghaolainn an Oileáin thabharfá an leabhar gurb í fhéin atá ag caint. Faigheann sí a céad cheacht fiseolaíochta ag gliúcaíocht ar an Spanner agus Máire Jim sa gcruach mhóna.

I dteannta a chéile tagann sí féin agus Cáit Jim ar an ‘gcorpshásamh’ a d’fhág breá ullamh í do Pheats. ‘Finscéal fiannaíochta, fiúigil fuisce is feirc fir’ na trí ní ab fhearr le ciorrú a dhéanamh ar oíche gheimhridh, a deireadh mná an oileáin dar leis an bPeig seo, a mhúinfeadh cúpla ceacht do Mholly Bloom.

Scéal an-eachtrúil go deo é ‘Duinnín agus na Lochlannaigh’ le Biddy Jenkinson a thaitin go mór liom agus cuireann an comhrá nádúrtha atá ann leis an drámaíocht. Nach deas an daonnú seo ar na seanGhaeil?

Tá gearrscéal le Alan Titley anseo, ‘An Féirín’ agus ceacht le fáil ag an deireadh uilig – fear a scríobh ar ndóigh!

Chomh maith leis na seoda cruthaitheachta tá trí léirmheas chríochnúla anseo ar fiú go mór a léamh – ag Caitríona NÍ Chleirchín, Cathal Póirtéir agus Proinsias Mac a’Bhaird.

Ó tharla nach raibh na saothair eile ar fad léite agam, ba mhó mo shuim féin sa léirmheas ar Súil an Daill ag Mac a’Bhaird.

Is léir nach é bua na dea-úrscéalaíochta amháin atá ag an Ultach seo mar cíorann sé an t-úrscéal breá sin le Darach Ó Scolaí go mionchúiseach agus dhúisigh sé cúpla giorria a d’éalaigh uaimse. Ní drochlá é nuair a sheolann léirmheastóir ar ais thú go dtí leabhar a bhí seanléite agat. B’fhiú an iris seo a fháil mura léifeá ach sin agus beidh mo shúil ar an gcritic Conallach seo feasta.

Ná bíodh aon imní ort, a eagarthóir, tá obair mhór déanta agat a chruthú dúinn go bhfuil filíocht is prós na Gaeilge breá ábalta seasamh ar a gcosa Gaelacha féin agus rud le rá acu.

Máire Ní Fhinneadha

LEABHAIR

Creideamh Nick Cave

Faith, Hope and Carnage
Nick Cave agus Seán O’Hagan
(Canongate)

Comhrá atá i Faith, Hope and Carnage idir Nick Cave, an t-amhránaí agus scríbhneoir ón Astráil, agus Seán O’Hagan, an t-iriseoir ó Ard Mhacha.

Tá an bheirt acu diongbháilte faoin méid sin. Ní cuimhní cinn ná beathaisnéis racanróil atá anseo againn ach beirt ag caint lena chéile.

Is cruinn mar chur síos é, ach a leithéid de chomhrá.

Pléitear go leor de cheisteanna móra agus beaga an tsaoil sa leabhar diamhair seo, ach is é an snáth a chniotálann le chéile iad go léir ná an scagadh a dhéantar ar an mbrón, ar an obair chruthaitheach agus ar an gceangal eatarthu. Baineann an brón sa chás seo le bás mhac óg cúig bliana déag d’aois Cave in 2015, tragóid a d’athraigh a dhearcadh ar an saol agus a chur chuige ó thaobh na cumadóireachta ó bhonn.

Nuair a cailleadh Arthur, deir Cave gur deineadh ‘neamhní den am a bhí caite’ agus gur deineadh fear creidimh (nó ‘religious person’) de, sa tslí go mbraitheann sé ina chroí istigh anois a cheangal le cruachás chách.

‘I became a person after my son died,’ a deir sé go neamhbhalbh.

Is maith le scríbhneoirí agus ealaíontóirí a rá gur mar a chéile a gcuid leabhar nó amhrán nó saothar agus a gcuid páistí.

‘But the thing is, these figurines actually are my child,’ a deir Cave. ‘Like the songs on Ghosteen, they are inhabited by my child. He lives in them.’

Is léir an t-athrú ar shaol agus ar shaothar Cave ar na halbaim atá curtha amach aige agus ag na seónna cumhachtacha atá curtha ar stáitse aige ó cailleadh a mhac. Is léir chomh maith é ar an suíomh idirlín The Red Hand Files, ardán ar a dtugann sé freagraí macánta sárshnoite ar pé ceisteanna a chuireann a lucht leanta air faoin saol. An ceol agus dea-chroí a lucht éisteachta a shábháil é, a deir sé. Sea, tá claochló tagtha ar an tuiscint ar an duine atá ag an sáramhránaí a raibh a cháil amuigh ar feadh i bhfad mar Dhraoi an Dorchadais.

Leabhar é seo faoin gcreideamh, faoin amhras, faoi pholl an bhróin agus faoi theacht slán as, faoi scrios an duine agus faoina athbheochan. Leabhar is ea é faoin ngrá agus faoin maithiúnas.

Luath sa chomhrá tráchtann Cave ar ‘the belligerent dogmatism of the current cultural moment’. ‘A little humility wouldn’t go astray,’ a deir sé.

Más go daor a cheannaigh sé é, tá bua na humhlaíochta ag Cave go rábach agus ní bheadh an focal ‘humility’ féin as áit dá gcuirfí le teideal an leabhair é.

‘I rarely see badness in people; rather, I see levels of suffering,’ ar sé.

Ar eagla na míthuisceana, ní saothar duairc é seo ná níl obair chruaidh ag baint leis mar leabhar, go háirithe má chuireann tú ar siúl an sárcheol go mbíonn an bheirt ag caint air. Braithfidh tú go bhfuil tú féin ag dul i ngaois i dteannta Cave agus O’Hagan agus bainfidh a gcomhrá gáire asat chomh maith. Níl Saoi an tSolais déanta de Dhraoi an Dorchadais ar fad go fóill agus tá foscéal racanróil ann fiú.

Ach ná bíodh aon dul amú ort, tá briseadh croí ag baint le Faith, Hope and Carnage, go háirithe nuair a thugann Cave aghaidh ar na ‘raw details’ faoin tréimhse i ndiaidh bhás a mhic.

Agus dealraíonn sé nach bhfuil aon teora leis an mbrón sa deireadh.

Ag scríobh an iarfhocail atá O’Hagan nuair a fhaigheann sé an drochscéal go bhfuil Jethro, an mac is sine ag Cave, básaithe.

Bhí sé 31 bliain d’aois nuair a cailleadh é an samhradh seo caite.

‘Does it ever get better?’ Sin, a deir Cave linn, an cheist is coitianta a fhaigheann The Red Hand Files ó dhaoine atá ag déanamh bróin. An freagra atá aige ar ‘that appalling solitary question’?

‘The answer is yes. We become different. We become better.’

É féin agus a chuid saothair an fhianaise againn go mb’fhéidir go bhfuil, ar a laghad, cuid den cheart aige. Déarfadh aon duine daonna paidir dó go bhfuil.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

CEOL

Arctic Monkeys fillte ar an saol seo

Arctic Monkeys
There’d Better Be A Mirrorball (singil)

D’fhéadfá a chur i mo leith nach fíor-fan dílis de chuid Arctic Monkeys mé, ós rud gur bhraith mé patuar maidir lena n-albam is deireanaí, Tranquility Base Casino and Hotel, i gcomparáid le rifeanna AM a tháinig roimhe, albam a chuireann ag stáirrfeach thart mé fós nuair a bhíonn sé sna cluasáin. Bhí sé d’ádh orm, áfach, a bheith i láthair agus iad ar phríomhardán An Phicnic Leictrigh, áit ar meabhraíodh dom an draíocht a bhaineann leo. Níl aon amhras ach go bhfuil an je ne sais quoi sin ag Alex Turner a idirdhealaíonn muidne, na gnáthdhaoine, ó na réalta seo ar ardáin cheoil a ndéanann muid déithe beaga astu. Is le albam úr, agus an chéad traic air There’d Better Be a Mirrorball, a fhógairt a d’fhill an banna ar bhiaiste féilte an tsamhraidh.

Leid bheag atá sa traic seo faoina ré nua, agus amhrán atá ann nach mbeadh as áit ar fhuaimrian de chuid James Bond. Tá na liricí bunaithe sa bhfíorshaol, murab ionann agus TBCAH a bhí lonnaithe in óstán sa spás. Agus an bhfuil aon téama níos uilíche sa saol seo ná an briseadh croí? I bhfírinne, bhí mé ag súil le rud éicint níos spleodraí mar thús – ní mé an mairfeadh an cháil mhór atá ar an mbanna i lár an aonaigh albam eile chomh teibí le TBCAH… Ach, ag féachaint ar stair an bhanna, seans nárbh é sin an cineál cáil a bhí uathu ar aon nós, ná a bheadh ó na ‘fíor-fans’ ach oiread.

Eiseofar The Car ar an 21 Deireadh Fómhair agus casfaidh Arctic Monkeys ag Caisleán Mhullach Íde ar an 23 Meitheamh 2023. Tá na ticéid ar díol ar Ticketmaster ó 9am inniu, Dé hAoine 30 Meán Fómhair.

Emma Ní Chearúil

ÓCÁIDÍ

Darach Ó Catháin – 30/09/1922 – 29/09/1987

Comóradh ar Dharach Ó Catháin
Tigh Mhichael Jack, Dé Sathairn, 8pm
Eanach Mheáin

100 bliain is an lá inniu a rugadh an fonnadóir Darach Ó Catháin sa Máimín i Leitir Móir cé gur chaith sé cuid mhaith dá shaol i Leeds Shasana. Bhí ainm in airde ar Dharach mar amhránaí agus é le cloisteáil ar na albam ‘Reacaireacht ar Riadaigh’.

Beidh an Cathánach á chomóradh go ceolmhar thiar in Eanach Mheáin oíche Dé Sathairn agus cuid dá mhuintir, atá lán de cheol, ag teacht anoir as Ráth Chairn.

Máire Ní Fhinneadha

Fág freagra ar 'CULTÚR: Seoid d’iris Ghaeilge, Nick Cave ag comhrá, Darach Ó Catháin á chomóradh agus Arctic Monkeys ar ais'