Cúis na síochána curtha siar go ceann i bhfad ag an bhfáinne fí

Tá fórsaí cosanta Iosrael bailithe timpeall ar theorainn Gaza chun ionradh a sheoladh ach tá amhras faoi dhá ghné den sprioc atá acu

Cúis na síochána curtha siar go ceann i bhfad ag an bhfáinne fí

Bhí an chéad chogadh ag na hIosraelaigh in aghaidh HAMAS i nGaza in 2008/2009 ach chuaigh siad i mbun cogaíochta arís in 2012, 2014 agus arís in 2021. Cé gur mhaígh siad go raibh siad tar éis acmhainní míleata HAMAS a scriosadh agus nach mbeadh siadsan in ann roicéid a sheoladh i dtreo Iosrael a thuilleadh, bhí orthu filleadh ar Stráice Gaza arís agus arís eile chun na hionsaithe roicéid a stopadh.

Mar gheall ar an uafás a tharla coicís ó shin tá sé fógartha ag na hIosraelaigh, go bhfuil sé mar sprioc acu anois slad a dhéanamh ar Hamas agus ar Jiohád Ioslamach na Palaistíne (PIJ), grúpa eile atá lonnaithe i nGaza.

Tá fórsaí cosanta Iosrael bailithe timpeall ar theorainn Gaza chun ionradh a sheoladh ach tá amhras faoi dhá ghné den sprioc. An mbeidh siad in ann é a dhéanamh gan fronta nua a oscailt ar an teorainn leis an Liobáin? Agus cad a dhéanfaidh siad má éiríonn leo an sprioc seo an bhaint amach agus níos mó ná dhá milliún sibhialtach Palaistíneach fágtha ar stráice beag talún gan áiseanna, gan infreastruchtúr, gan údarás riaracháin?

Chun an sprioc a bhaineann le slad a dhéanamh ar Hamas, rud atá geallta acu do mhuintir Iosrael, beidh ar na hIosraelaigh ar a laghad trí phríomhthasc a chur i gcrích:

  • Eite mhíleata HAMAS a chliseadh. Leanfaidh siad leis na hionsaithe ón aer, gan srianta curtha orthu, chomh fada agus is féidir leo agus sa deireadh déanfaidh siad ionsaithe coisithe ar an talamh. Leanfaidh siad leis na hionsaithe seo go dtí nach mbeidh HAMAS in ann cur ina gcoinne ar dtús i dtuaisceart Gaza agus ina dhiaidh sin sa chuid eile de Ghaza. Idir an dá linn déanfaidh siad acmhainní míleata HAMAS, lena n-áirítear foirgnimh, tolláin agus áiseanna déantúsaíochta arm, a scriosadh.
  • Deireadh a chur le córas riaracháin HAMAS. Tá cuid mhaith den infreastruchtúr fisiciúil scriosta cheana féin mar gheall ar na hionsaithe ón aer ach beidh ar na hIosraelaigh na daoine atá ag reáchtáil an chórais riaracháin a aimsiú agus a ghabháil. Tá aithne acu ar na hoifigigh is sinsearaí ach cén seans go mbeidh siad in ann gach duine i ngach gníomhaireacht de chuid HAMAS a aimsiú?
  • Córas a chur i bhfeidhm ionas nach mbeidh HAMAS in ann teacht chun cinn arís i nGaza. Tá Rialtas na hÉigipte i gcoinne campa le haghaidh teifeach ón Gaza a bhunú sa tír agus níl aon áit eile ag muintir Gaza le bogadh. Beidh ar na hIosraelaigh plé le muintir Gaza bealach amháin nó bealach eile chun a chinntiú nach dtiocfaidh Hamas ar ais. Is deacra a shamhlú go n-éireoidh leo cosc a chur le dream nó grúpa eile leithéidí Hamas a theacht chun cinn sna blianta beaga atá amach romhainn.

Cé go ndéanann cás na ngiall cúrsaí níos casta do na hIosraelaigh is léir ó ráitis urlabhraithe éagsúla de chuid Rialtas Iosrael go bhfuil tús áite tugtha don sprioc HAMAS agus PIJ a scrios. Tá gach seans ann go mbeidh siad in ann eite mhíleata HAMAS a bhaint dá bhoinn agus b’fhéidir deireadh a chur le HAMAS mar eagraíocht ach cad a dhéanfaidh siad ansin?

Fronta Eile

Le blianta beaga anuas tá na hIosraelaigh tar éis cuid dá dtrúpaí, lena n-áitítear cuid de na trúpaí ar an teorainn le Gaza, a aistriú chuig an mBruach Thiar chun déileáil le haon éirí amach a d’fhéadfadh a bheith ansin mar gheall ar na lonnaíochtaí nuabhunaithe.

Cuireann na hionsaithe ar Ghaza agus go háirithe an t-uafás in ospidéal Al-Ahli Dé Máirt leis an teannas sa Bhruach Thiar. Ach seans go bhfuil measúnú déanta ag na hIosraelaigh go mbeidh siad in ann déileáil le cúrsaí má théann siad in olcas fiú má tharlaíonn ionsaithe ar na lonnaíochtaí. Ach má tharlaíonn cogadh idir Hezbollah sa Liobáin agus Iosrael mar gheall ar chúrsaí i nGaza tá seans ann go bhféadfadh cúrsaí imeacht ó smacht.

Cé go bhfuil eachtraí ag tarlú ar an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin ó rinne Hamas ionsaithe gan choinne ar shibhialtaigh Iosraelacha coicís ó shin níl sé ina chogadh dearg ansin go fóill. Tá Hezbollah ar son chúis na Palaistíne ach tá siad dírithe ar ghreim a choimeád ar a gcuid cumhachta, go háirithe i ndeisceart na Liobáine agus níl fonn orthu an chumhacht sin a chur i mbaol ná dul i mbun cogaíochta i gcoinne Iosrael ar son Hamas. Ina theannta sin, tá cabhlach na Stát Aontaithe lonnaithe in oirthear na Meánmhara chun cur in aghaidh Hezbollah.

Níl fonn ar na hIosraelaigh cogadh dearg a fhógairt i gcoinne Hezbollah ach oiread. É sin ráite, is féidir a shamhlú dá dtarlódh eachtra nó eachtraí tromchúiseacha gan choinne, amhail an t-uafás san ospidéal, go bhféadfadh cúrsaí imeacht ó smacht go tobann.

Má tharlaíonn cogadh dearg idir Hezbollah agus Iosrael beidh páirt go díreach nó go hindíreach ag an Iaráin sa chogadh sin.  Tabharfaidh siad cúnamh do Hezbollah agus cé gur lú seans go dtarraingeofar a gcuid trúpaí atá lonnaithe sa tSiria isteach sa chogadh beidh an baol sin ann i gcónaí.

Faoi láthair tá an Iaráin dírithe ar chúrsaí sa bhaile agus ar na caidrimh atá á bhforbairt aici le tíortha eile le déanaí. Tá an caidreamh idir an Iaráin agus an Araib Shádach ag éirí níos fearr le tamall agus beidh an dá thír ina mballstáit den chomhghuaillíocht ar a dtugtar BRICS go luath an bhliain seo chugainn. Seans go mbainfidh siad úsáid as Hezbollah sa Liobáin nó Jiohád Ioslamach na Palaistíne (PIJ), atá lonnaithe ar an Bhruach Thoir, chun díoltais teoranta a bhaint amach as na hionsaithe ar Gaza.

Ach ní am oiriúnach é dóibhsean le dul i mbun cogaíochta leis an tsárchumhacht is mó sa réigiún faoi láthair.

Fáinne Fí

Is léir ag an bpointe seo go ndéanfaidh na hIosraelaigh gach iarracht slad a dhéanamh ar Hamas, go scriosfaidh siad infreastruchtúr Gaza, go mbeidh ainghníomh i ndiaidh ainghnímh, go bhfulaingeoidh muintir Gaza, agus go mairfidh an tubaiste daonnúil ar feadh i bhfad.

Is léir freisin go bhfuil an cás ar son na síochána curtha siar go ceann i bhfad.

Fág freagra ar 'Cúis na síochána curtha siar go ceann i bhfad ag an bhfáinne fí'