Cúis cheiliúrtha ag an SDLP agus iad 50 bliain ar an bhfód

Ábhar mórtais dóibh go bhfuil cuid mhór dá mianta daingnithe i gComhaontú Aoine an Chéasta fiú má tá go leor fós le déanamh

Cúis cheiliúrtha ag an SDLP agus iad 50 bliain ar an bhfód

Cúpla bliain ó shin bhíothas ag maíomh nach mairfeadh an SDLP chun an lá seo a fheiceáil. Fearacht Mark Twain, áfach, ba áibhéil a bhí i ráflaí a bháis. Baineadh casadh i dtreo an bhisigh as an roth le déanaí tar éis meath seasta le scór bliain ach is mór an dúshlán don cheannaire, Colum Eastwood, feisire Parlaiminte, an páirtí a chur ar bhonn teann arís.

Leathchéad bliain ó shin bunaíodh an SDLP tar éis comhráite sa nGaeltacht i dTír Chonaill idir John Hume, Austin Currie, Paddy O’Hanlon, Paddy Devlin agus Gerry Fitt. Fógraíodh bunú an pháirtí nua ar an 21 Lúnasa 1970. Ba é Gerry Fitt an ceannaire mar gurbh é an polaiteoir ba shinsearaí díobh, an t-aon Fheisire Parlaiminte in Westminster ina measc. Ionadaithe in Stormont ab ea an chuid eile.

Buille marfach don seanpháirtí náisiúnach ab ea an grúpa nua, meascán de pholaiteoirí lucht oibre, náisiúnaithe agus neamhspleáigh a bhí meáite gurbh fhiú a dhul i ngleic leis an réimeas aontachtach mar fhreasúra gníomhach. As gluaiseacht chearta sibhialta Thuaisceart Éireann a d’eascair a gcomhghuaillíocht agus bhain siad croitheadh as aontachtaithe in Stormont nach raibh aon taithí acu go dtí sin ar fhreasúra eagraithe. Bhí taithí ag lucht an SDLP ar dhíospóireachtaí agus iad cumasach ar mheáin chumarsáide.

Mar a léirigh an scrúdú a rinneadh ar shaothar John Hume nuair a fuair sé bás ag tús na míosa bhí tionchar ollmhór aigesean ar pholasaithe an pháirtí a foilsíodh i dtosach i 1972 sa cháipéis Towards a New Ireland. Bhí sé tréan in aghaidh an fhoréigin, d’aithin nach bhféadfaí iallach a chur ar an móramh aontachtach glacadh le hÉire Aontaithe in aghaidh a dtola agus d’éiligh comhionannas do gach saoránach, an mionlach náisiúnach san áireamh.

Bhí smaointeoireacht an SDLP do-ghlactha ag aontachtaithe agus ag na poblachtánaithe sealadacha, a bunaíodh an bhliain chéanna, ach tá glactha go forleathan lena bpolasaithe anois. Glacann Sinn Féin agus na páirtithe aontachtacha le roinnt na cumhachta (cuid acu níos drogallaí ná a chéile), le comhionannas cearta agus leis na trí ranna caidrimh idir an dá bhloc ó thuaidh, idir aontachtaithe agus náisiúnaithe, idir an Tuaisceart agus an Phoblacht agus idir Éirinn is an Bhreatain Mhór.

Tá na polasaithe sin de dhlúth agus d’inneach i gComhaontú Aoine an Chéasta cé gur thug Aontachtaithe agus Sealadaigh an IRA an t-eiteachas dóibh i 1974 tar éis Sunningdale agus arís in 1985 tar éis Chomhaontú Hillsborough. Is maith an oidhe ar fhadradharc agus dianseasmhacht an SDLP an t-athrú sin.

Bhí blianta sa bhfásach acu ar ndóigh, foréigean chun tosaigh agus folús polaitíochta ann ach bhí an svae ag an bpáirtí i measc náisiúnaithe ar feadh tríocha bliain. Bhí tionchar ollmhór acu ar rialtais éagsúla ó dheas, Hume ag baint leas as a thionchar thar lear, in Washington agus san Aontas Eorpach. Bhí a lucht tacaíochta bródúil go raibh a gcás á chraobhscaoileadh le dínit sa bhaile ag sárchainteoirí ar nós Séamus Mallon, Bríd Rodgers agus Austin Currie (sular imigh sé ó dheas); agus i gcéin ag Hume agus a chomhghleacaithe, d’ainneoin na gceannlínte faoi ghníomhartha barbartha foréigin.

Agus ansin tar éis éacht Hume ar son na síochána trína chaidreamh conspóideach le Gerry Adams d’oscail sé an doras do Shinn Féin. Fuair páirtí Adams an ceann is fearr ar an SDLP go luath tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta agus theip ar thriúr de chomharbaí Hume aon stad a chur le meath a bpáirtí. Sa chéad olltoghchán faoi cheannaireacht Colum Eastwood chaill an páirtí a thrí shuíochán Parlaiminte. Buille tubaisteach; ní hamháin gur chaill siad ionadaíocht ach chaill siad na liúntais a ghabhann le suíocháin in Westminster. Bhí an páirtí beo bocht – i gcodarsnacht le Sinn Féin atá ar maos in airgead. Rinne Eastwood margadh comhghuaillíochta aisteach le Fianna Fáil ach ní léir go raibh aon tionchar aige sin ná iarmhairt ar bith air.

San olltoghchán i mí na Nollag seo caite, áfach, ghnóthaigh siad dhá shuíochán. Bhain Colum Eastwood ‘suíochán Hume’ ar ais ó Shinn Féin le móramh ollmhór agus bhain Claire Hanna Béal Feirste Theas ón DUP. B’údar mór gairdis acu an feabhas seo ach ní léir go fóill an téarnamh é. Ní tréad caora.

Beidh obair mhór le déanamh ag Eastwood má tá sé chun an páirtí a athnuachan. D’fhógair sé ar an Aoine agus 50 bliain an SDLP á chomóradh, gur mó gá atá anois ná riamh le tiomantas an SDLP do shochaí fhéaráilte. Liostaigh sé a raibh bainte amach ó bunaíodh iad – deireadh na coinbhleachta, institiúidí polaitiúla bunaithe a aithníonn ilchineálacht an phobail, dáileadh cóir ar thithíocht, leasú ar phóilíneacht.

Ach ar sé, is léir go bhfuil go leor fós le déanamh. Tá an tsochaí deighilte i gcónaí, loiceann an córas oideachais ar an iomarca den óige agus bíonn ar chuid mhór den dream a bhfuil oideachas maith orthu imeacht ar deoraíocht chun deiseanna maithe a fháil. Tá ceantair áirithe faoi chuing na bparaimíleatach agus ceantair ina bhfuil an tsíocháin i réim ach gan aon bhlas de dhíbhinn eacnamaíochta na síochána faighte acu.

Gheall sé cath in aghaidh an bhochtanais agus na héagóra. Ní ribín réidh é sin am ar bith. Ach i mbéal an Bhreatimeachta? Tráth cinniúnach don phobal agus tréimhse dhúshlánach don SDLP.

Fág freagra ar 'Cúis cheiliúrtha ag an SDLP agus iad 50 bliain ar an bhfód'

  • Poraic o'hEipicín

    Is Lucht an Ghinmhillte, iad an SDLP. faror.

  • Con Ó Murchú

    Tools of British rule.