Cuireadh le tabhairt ag RTÉ do Mary Lou McDonald chuig díospóireacht na gceannairí

An Taoiseach Leo Varadkar agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin amháin a bhí le bheith sa díospóireacht a chraolfar oíche amárach

Cuireadh le tabhairt ag RTÉ do Mary Lou McDonald chuig díospóireacht na gceannairí

Tá athrú poirt mór ag RTÉ agus cuireadh á thabhairt acu do cheannaire Shinn Féin páirt a ghlacadh i mórdhíospóireacht dheireanach Olltoghcán 2020.

An Taoiseach Leo Varadkar agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin amháin a bhí le bheith sa díospóireacht a chraolfar oíche amárach, mar a bhí sa chéad mhórdhíospóireacht toghcháin ar RTÉ.

Chinn RTÉ chomh maith cuireadh a thabhairt do chúigear ceannairí eile páirt a ghlacadh i ndíospóireacht eile a chraolfar ar Prime Time Déardaoin

Tá conspóid mhór ann ó thús an fheachtais faoi chinneadh RTÉ gan ach cuireadh chun díospóireacht a thabhairt do cheannairí an dá pháirtí is mó, go háirithe i bhfianaise thorthaí pobalbhreitheanna éagsúla a léirigh go bhfuil borradh mór faoi vóta Shinn Féin.

Sa phobalbhreith is déanaí, sa Business Post, bhí Fianna Fáil agus Sinn Féin gob ar ghob ar 24% agus Fine Gael sa tríú háit le 21%.

Thug RTÉ an t-eiteach go n-uige seo d’achainí Shinn Féin go dtabharfaí bheith istigh do Mary Lou McDonald.

Dúirt RTÉ go raibh a gcur chuige go dtí seo bunaithe ar fhianaise ó thoghcháin eile agus ar eolas eile.

Shocraigh coiste stiúrtha na dtoghchán in RTÉ ar maidin go n-athródh lucht an stáisiúin a bport agus go dtabharfaí cuireadh do Mary Lou McDonald.

 

Fág freagra ar 'Cuireadh le tabhairt ag RTÉ do Mary Lou McDonald chuig díospóireacht na gceannairí'