Cuir an gúna trom sin i dtaisce, seo chugainn gúnaí gleoite samhraidh ar chostas idir €30 agus €80!

Má tá sé in am éadach trom an gheimhridh a chur i dtaisce, tá sé cinn de ghúnaí deasa roghnaithe ag ár gcomhfhreagraí ar chostas idir €30 agus €80

Nuair a thagann an ghrian amach is minic go mbuaileann fonn muid gúna deas samhraidh a chaitheamh. Meallann teas na gréine muid le jíons agus geansaithe an gheimhridh a fhágáil ar leataobh, fiú ar feadh tamaillín bhig.

Bhí mé ag breathnú thart ar thóir gúnaí deasa, atá sna siopaí faoi láthair, agus seo na sé cinn atá roghnaithe agam ar chostas idir €30 agus €80.

 

Gúna gan ghuaillí le muinchillí fada ar €70 ón mbranda Selected Femme. Tá dearadh deas le bláthanna áille ar an ngúna an-bhanúil seo. Bheadh sé go deas le bróga reatha agus seaicéad deinim le linn an lae nó le sála arda agus seaicéad leathair san oíche. Gheofá luach do chuid airgid ón gceann seo.

 

Gúna léine bán le ruifilí ar €60 ó River Island. Tá na cnaipí mar dhúnadh air agus dearadh ar a dtugtar ‘cold shoulder’ go mór sa bhfaisean faoi láthair. Sípris fite atá mar bhunábhar sa ghúna seo agus é ar fáil i ndathanna gorm agus guingeán (dubh agus bán) freisin. An-chompordach lá te.

 

Gúna scátálaí Madison a thugtar ar an dearadh seo ó Oasis ar €59. Bláthanna arís mar théama agus muineál álainn air. Tá beilt chaol ar an ngúna agus bheadh sé go hiontach le spéaclaí gréine agus cuaráin.

 

Gúna léine eile an ceann seo le muinchillí gearra ar €49 ó & Other Stories. Cadás atá sa ngúna seo a bhfuil cuma chearnógach air.  Taitníonn an ceann seo go mór liom féin ó tharla é a bheith neamhfhoirmiúil agus compordach.

 

Mionghúna a bhfuil bróidnéireacht déanta air an ceann seo ar €49.95 ó Zara. Tá an bhróidnéireacht go mór sa bhfaisean faoi láthair, go háirithe ar ghúnaí agus léinte bána. Gúna éadrom é seo a bheadh iontach agus duine ar saoire cois trá.

 

Dearadh ‘A-líne’ atá ar an ngúna seo ar €29.99 ó New Look. Mionghúna é seo ar dhath álainn dearg le ceangal ar an bhásta a bheadh gleoite lá samhraidh le bróga aclaíochta agus seaicéad deinim.