‘Cuimhnigh ar do theideal.  Ní Teachta Páirtí tú ach Teachta Dála’

‘Fírinne’ an scéil faoi na cainteanna maidir le bunú rialtais – an fhírinne nach bhféadfaí a chur i gcló…

Dáil Leinster House

An rud is minice a chloistear ó bhéal na dTeachtaí Dála? Cur síos ar an bhfáth nach féidir leo réiteach lena chéile.

Abair go raibh deis agat an tsáinn pholaitiúil ina bhfuilimid go léir gafa le 40 lá a phlé le Teachta Dála. Sara gcríochnódh comhrá dá leithéid, bheadh fonn ar ár bhformhór tuairim an Teachta Dála a fháil faoi conas a chuirfí rialtas nua ar bun.

Seo a leanas comhrá samhailteach atá bunaithe go hiomlán ar a ndúirt polaiteoirí éagsúla, go poiblí nó go príobháideach, ó vótálamar san olltoghchán. Léiríonn na tuairimí atá faoi chaibidil thíos rud amháin go soiléir: níl an Dáil a thoghamar ar an 26 Feabhra ag teannadh le comhthuiscint rialtais fós.

CAITLÍN NÍ UALLACHÁIN Tá Enda agus Micheál ag labhairt lena chéile ar deireadh thiar. Cogar, an dóigh leat go mbeidh siad ábalta teacht ar réiteach de chineál éigin?

TEACHTA DÁLA: Ní chuirfinn geall air. Ba chóir go mbeadh comhréiteach de chineál éigin eatarthu indéanta gan amhras. Ach, comhréiteach a mbeidh lucht leanúna an dá pháirtí féin muiníneach as? Tá an-amhras orm.

CAITLÍN: An bhfuil aon duine i dTeach Laighean ag smaoineamh ar leas na tíre, seachas ar leas a pháirtí? Ní léir domsa go bhfuil. Agus ná habair liom go bhfuil do pháirtí féin aon phioc níos fearr ná dream ar bith eile.

TEACHTA: Tóg go bog é. Thugamar geallúintí roimh an olltoghchán, agus tá na geallúintí sin á gcomhlíonadh againn.

CAITLÍN: Agus féach an toradh. Go bhfios dom, níor gheall páirtí ar bith nach mbunódh siad rialtas mura mbeadh sé ar bhur gcumas dul i mbun cumhachta gan margadh a dhéanamh le páirtí eile, nó le páirtithe eile.

TEACHTA: Gheallamar nach rachadh muid i gcomhrialtas le páirtí áirithe, mar is eol duit, ar choinníollacha áirithe. Arís, mar is eol duit. Bhí a fhios ag gach vótóir roimh an toghchán cad a dhéanfadh muid ina dhiaidh, agus cad dó a dhiúltódh muid freisin.

CAITLÍN: Ach tá tú ag caint ar an am atá thart. Ní haon mhaith duit a bheith ag cur síos ar a ndúirt sibh i mí Feabhra anois. Tá fadhb le réiteach, agus níl sibhse toilteanach déileáil le cúrsaí mar atá siad.

TEACHTA: Bheadh cúrsaí níos measa, i mo thuairimse, dá gcaithfeadh muid na geallúintí a thugamar i leataobh anois. Bheifeá-sa, agus go leor daoine eile, ag cur inár leith nach fiú brobh féir a ndeirtear roimh thoghchán, agus nach féidir a bheith muiníneach as focal dá ndeir polaiteoirí leis an bpobal.

CAITLÍN: Agus cad faoin tír bhocht? Shílfeá, ar a laghad, go ndéanfadh sibh fíor-iarracht…

TEACHTA: Fan ort anois. Táimid ag seasamh lenár bhfocal, agus ionadaíocht á tabhairt againn do na vótóirí a thug tacaíocht dúinn le súil go gcomhlíonfaí an bhungheallúint a thugamar. Is é sin, nach rachadh muid i gcomhrialtas le daoine áirithe, agus nach mbeadh muid mar thaca le rialtas a chuirfidís ar bun. 

CAITLÍN:  Cuimhnigh ar do theideal.  Ní Teachta Páirtí tú ach Teachta Dála.  Nach dlúthchuid é de dhualgas na Dála, agus gach Teachta Dála, rialtas a chur ar bun a rachaidh i mbun oibre ar son gach duine sa tír. Ar chuala tú an dochtúir sin ar an raidió ag cur síos ar dhrochstaid na n-ionad práinne? Os cionn 500 othar ar thralaithe arís. In ainm Dé, nach féidir libh…

TEACHTA: Óráid bhreá. Níl ach locht amháin uirthi. Dá ndéarfainnse leis na daoine uaisle breátha a rinne stocaireacht ar mo shon go rabhthas ar tí an namhaid a chur i mbun rialtais, bheidís ar mire. Ní féidir neamhshuim a dhéanamh de mhianta na ndaoine sin ná ár vótóirí. Sin mar atá.

CAITLÍN: An ionann sin agus a rá nach féidir libh teacht ar chomhréiteach, agus é a chur i bhfeidhm chun olltoghchán eile a sheachaint? Olltoghchán a chuirfeadh iachall ar chuid agaibh ar a laghad an gníomh riachtanach a dhéanamh ina dhiaidh.

TEACHTA: Tá aiféala orm gur mar sin atá. Ach féach, is eadrainn féin an comhrá seo. Dá bhfeicfí caint mar sin i gcló, chéasfaí mé.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar '‘Cuimhnigh ar do theideal.  Ní Teachta Páirtí tú ach Teachta Dála’'